Tuairisc chun Dáta ar Thionscadal Dhaingean Uí Chúis

Dingle Electricity Network

 

Tá 132 km de líonra lastuas 10kV agus 20kV i gCorca Dhuibhne, agus chuireamar tús le measúnú agus léarscáiliú an líonra reatha chun áiteanna ina bhféadfadh uasghráduithe a bheith de dhíth a thuiscint agus ina mbeimid in ann uathoibriú a chur le treiseoirí agus athdhúntóirí atá ann cheana ar an líonra.

Cuirfidh sé sin ar ár gcumas iontaofacht agus leanúnachas an tsoláthair do Chorca Dhuibhne a fheabhsú.

San áireamh le cuid de na deiseanna iontacha a fhiosróimid tá na nithe seo a leanas:

1.  Scéimeanna Gréine Pobail

2.  Pointí Luchtaithe Inrialaithe do Charranna Leictreonacha

3.  Rialuithe Cliste do Thumthéitheoirí

4.  Gléasanna Monatóireachta ar Luas na Gaoithe agus an Teocht

5.  Stóráil Cadhnra ar ár Líonra agus i dTithe na gCustaiméirí

6.  Veaineanna Leictreacha dár bhFoireann i gCorca Dhuibhne

7.  Réitigh Chliste Téimh Leictrigh

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil nó má tá aon cheisteanna agat, cuir ríomhphost chuig dingle@esbnetworks.ie