Áitreabh Feirme a nascadh
Má tá nasc leictreachais nua don fheirm ag teastáil uait, ní mór duit méid an lóid leictreachais atá de dhíth ort a chinneadh ar dtús. Cabhraíonn an conraitheoir leictreachais leat an t-eolas sin a fháil. Ansin roghnaigh ceann amháin de na roghanna thíos.
Bí cinnte go gcloíonn tú leis na rialacháin reatha ó Chomhairle Leictre-Theicniúil na hÉireann (ETCI) maidir le soláthairtí feirme. Déan teagmháil le do chonraitheoir leictreachais le haghaidh tuilleadh eolais.
Lóid leictreachais de 29 kVA (29 kW) nó níos lú
I measc na n áitreabh feirme ina n-úsáidtear lóid de 29 kVA nó níos lú go hiondúil, áirítear seideanna stórála d’innealra feirme, ceardlanna (gan trealamh táthaithe iontu) nó tithe caidéil.
Caitear leis na lóid sin mar an gcéanna le Nasc Baile Aonair.Téigh chuig an chuid sin agus lean na céimeanna.
Nasc Baile Aonair
Lóid leictreachais de 30 kVA (30 kW) nó níos mó
I measc na n áitreabh feirme ina n-úsáidtear lóid de 30 kVA go hiondúil, áirítear bleánlanna, ceardlanna ina bhfuil trealamh táthaithe, nó tionscal tinteáin meánach nó mór.
Caitear leis na lóid sin mar an gcéanna le Nasc Aonaid Tráchtála Aonair.Téigh chuig an chuid sin agus lean na céimeanna.
Nasc Aonaid Tráchtála Aonair
Soláthar Soilsithe Lasmuigh de 3 kVA (3 kW) nó níos lú
Téigh chuig Nasc Tí Aonair agus lean na céimeanna a leagtar amach ann.
Luaigh go soiléir go bhfuil an soláthar de dhíth le haghaidh soilsiú feirme.
Nasc Tí Aonair
Sábháilteacht ar an bhfeirm
Is tábhachtaí le ESB Networks an tsábháilteacht leictreach ar an bhfeidhm thar aon rud eile. Féach an chuid Sábháilteacht ar an bhfeirm nó téigh chuig suíomh gréasáin an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta (HSA) chun tuilleadh eolais a fháil.