Naisc Nua agus an Próiseas Deimhnithe

An Próiseas Deimhnithe

Gach uair a chríochnaíonn conraitheoir leictreachais suiteáil, nó síneadh leictreachais, nó mionathrú ar shuiteáil atá ann cheana féin, ní mór dó/di tástáil a dhéanamh agus deimhniú go gcloíonn an tsuiteáil leis na caighdeáin reatha. Is í Comhairle Leictre-Theicniúil na hÉireann (ETCI) a leagann síos na caighdeáin sin.

Ní mór do chomhlacht rialála an chonraitheora leictreachais Deimhniú Críochnaithe Leictreachais bailíochtaithe, nuair is infheidhme, a sheoladh chuig ESB Networks sular féidir tús a chur le haon obair nasctha.

Ba chóir do gach custaiméir cóip de Dheimhniú Críochnaithe Leictreachais a fháil nuair a chríochnaítear obair leictreachais. Déan cinnte cóip den deimhniú a choimeád. Cabhraíonn an riachtanas seo le do shábháilteacht a chinntiú.

I measc na gcásanna coitianta ina dteastaíonn deimhniú ETCI, tá:

  • Teach nó áitreabh nua a thógáil  
  • Síneadh a chur le teach nó le háitreabh atá ann cheana féin  
  • Sreangú leictreachais inmheánach in aon teach nó áitreabh a athrú  
  • Teach nó áitreabh atá dínasctha le breis is sé mhí a athnascadh  
  • Fálta leictreacha agus suiteálacha eile a nascadh.

 

Comhlachtaí Rialála

Is é an Coimisiún um Rialáil Fuinnimh (CER) an comhlacht neamhspleách atá freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar léirscaoileadh earnáil an fhuinnimh in Éirinn. Is é CER an rialtóir don tionscail leictreachais in Éirinn. 

Déantar maoirsiú ar chlárú conraitheoirí leictreachais faoin Scéim ‘Safe Electric’. Léirítear le clárú faoin scéim ‘Safe Electric’ go bhfuil an conraitheoir cláraithe de réir dlí agus go bhfuil árachais aige. An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh a rialaíonn an scéim. Téigh chuig Safe Electric chun tuilleadh eolais a fháil ar Chonraitheoirí Leictreachais Cláraithe

Is comhlacht deonach de 24 eagraíocht ionadaíocha ón speictream leathan leictritheicneolaíochta in Éirinn atá in ETCI. Ina cháil mar an ball Éireannach d’IEC agus de CENELEC, is é ETCI a cheapann an seasamh náisiúnta ar chaighdeáin nua agus ar chaighdeáin atá ag teacht chun cinn. Cuireann ETCI sábháilteacht leictreachais chun cinn trína rialacha, treoracha agus cóid chleachtais.