Céim 1 - Cláraigh le Soláthraí Leictreachais
Cláraigh le do rogha Soláthraí Leictreachais. Beidh seoladh an áitribh nua agus an MPRN ag teastáil uait. Déanfaidh do sholáthraí an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh chugainn ansin.
Céim 2 – Sínigh an Comhaontú Nasctha agus seol ar ais é
Seolfaimid Comhaontú Nasctha chugat agus ní mór duit é a shíniú agus a sheoladh ar ais chuig;
Rannóg na gCuntas Infhála
ESB Networks CGA.
Bóthar an tSáirséalaigh
Wilton
Corcaigh
Éire
Tabhair faoi deara go n-eiseofar leagan nua má dhéantar aon leasuithe ar an gcomhaontú nasctha.
Céim 3 – Cuireann an conraitheoir leictreachais deimhniú sreangaithe isteach
Ní mór don chonraitheoir leictreachais atá ag deimhniú an tsreangaithe leictreachais ar an áitreabh an deimhniú sreangaithe ETCI a sheoladh chuig a c(h)omhlacht rialála freisin agus d’uimhir MPRN agus do sheoladh a lua.Tuilleadh eolais faoin bPróiseas Deimhnithe.
Céim 4 – Déantar an obair a sceidealú
A luaithe a bheidh an bonneagar riachtanach réitithe againn, is féidir linn an obair a theastóidh chun nasc beo a dhéanamh den nasc nua a chur sa sceideal.
Céim 5 – Cuirtear an leictreachas ar siúl
Cuirfidh do chonraitheoir leictreachais an leictreachas ar siúl i d’áitreabh ansin.