Fostáisiúin a thógáil
Déantar cur síos anseo ar na caighdeáin is gá duit a chomhlíonadh más gá foirgneamh fostáisiúin a thógáil. Ní mór duit foirgneamh fostáisiúin a thógáil sna cásanna seo a leanas:
-
Tá Uasacmhainn Iompórtála (MIC) de 150 Cileavoltaimpéar (kVA) nó níos mó ag an nasc.
-
Sonraítear sa Chomhaontú Nasctha nó sa Litir Mheastacháin a fuair tú uainn gur gá duit foirgneamh fostáisiúin a chur ar fáil.
Foirgneamh fostáisiúin meánvoltais: Sonraíochtaí ginearálta uimh. 13320
Bíonn an trealamh i bhfoirgneamh fostáisiúin meánvoltais (MV) lena nasctar láithreán leis an líonra leictreachais.
Mar gheall go mbeidh an t-aonad seo ina chuid de chóras dáileacháin leictreachais na hÉireann ina dhiaidh sin, ní mór é a thógáil i gcomhréir le sonraíochtaí ESB Networks. Aistrítear úinéireacht na bhfoirgneamh fostáisiúin chuig ESB Networks nuair a bhíonn siad críochnaithe.
Sonraíochtaí Tógála
Leagtar amach sna doiciméid seo na sonraíochtaí tógála atá le leanúint i gcás fostáisiúin MV.
-
Líníochtaí Ailtireachta d’Fhostáisiún (MV)
Foirgneamh Fostáisiúin Meánvoltais leictreachais a thógáil (aonair) A3D.205071 (PDF | 1MB)
-
Sonraíocht le haghaidh Foirgnimh Fostáisiúin Meánvoltais (MV) (Uimh. 13320)
Leagtar amach sa doiciméad seo na riachtanais deartha agus tógála le haghaidh foirgnimh fostáisiúin mheánvoltais i gcás naisc éilimh amháin. Tá athbhreithniú á dhéanamh ar an sonraíocht faoi láthair, téigh i dteagmháil le con.moloney@esb.ie nó le Charlie Cullen ag charles.cullen@esb.ie
-
Bíonn dearadh eile de dhíth i gcás fostáisiúin MV a bhaineann le naisc ghineadóra leabaithe. Beidh méid an fhostáisiúin ag brath ar an trealamh leictreach a roghnófar. I gcás tionscadal gan choimhlint, cuirfear na líníochtaí do leagan amach caighdeánach na bhfoirgneamh ar fáil do chustaiméir an ghineadóra leabaithe ach iad a iarraidh.
-
Séanadh tógála: Creideann ESB Networks go bhfuil na líníochtaí seo i gceart. Mar sin féin, nílimid freagrach as earráidí nó easnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann.