Téip Rabhaidh chun Láthair Cáblaí a Mharcáil de chuid ESB Networks
Éilíonn ESB Networks ar fhorbróirí Téip Rabhaidh Bhuí chun Láthair Cáblaí a Mharcáil atá faofa ag ESB Networks a chur os cionn na gcáblaí uile faoi thalamh – thart ar 300 milliméadar (mm) faoi bhun an dromchla nó leibhéal críochnaithe na talún. Baineann an riachtanas seo leo seo a leanas:
- Gach seirbhís ísealvoltais faoi thalamh, seirbhísí a bhaineann le tithe aonair faoin tuath agus tithe i bhforbairtí tithíochta araon.
- Gach príomhlíne ísealvoltais
- Gach cábla meánvoltais agus ardvoltais
Sonraíochtaí na téipe
Cuirtear téip mharcála atá faofa ag ESB Networks ar fáil i rollaí in dhá fhad agus dhá leithead éagsúla, mar seo a leanas:
1. Tá rollaí ar fáil in dhá fhad le haghaidh claiseanna suas le 450 mm ar leithead:
- Cód 2955091: rolla 50 m de théip rabhaidh 250 mm ar leithead atá faofa le cáblaí faoi thalamh a mharcáil, a úsáidtear leis an soláthar do thithe faoin tuath go hiondúil. Ba leor rolla amháin nó dhó sa chuid is mó de chásanna
- Cód 2955090: rolla 200 m de théip rabhaidh 250 mm ar leithead do shuiteálacha cáblaí príomhshrutha agus ardvoltais; úsáidtear é seo le gníomhaíochtaí amhail scéimeanna tithíochta.
- Ní mór leithead dhá rolla a úsáid do chlaiseanna ESB idir 250 mm agus 500 mm ar leithead
2. Maidir le claiseanna atá níos leithne ná 500 mm nó cothrom leis sin, tá rolla ar fáil in aon fhad amháin:
- Cód 2955092: rolla 200 m de théip rabhaidh marcála 500 mm ar leithead le haghaidh suiteáil níos tapúla agus chun fáil réidh le bearnaí i sraitheanna téipe atá comhthreomhar lena chéile. Is féidir níos mó ná sraith amháin den ábhar seo a úsáid le claiseanna níos leithne.
Mí-úsáid téipe
Má aimsítear téip de chineál ar bith eile seachas téip rabhaidh mharcála atá faofa ag ESB Networks (lena n-áirítear téip ina bhfuil stiallacha miotail) ina luí ar dhuchtanna de chuid ESB Networks, beidh ort an téip mharcála neamhfhaofa a bhaint agus ábhar faofa a chur isteach ina ionad roimh an soláthar a nascadh.
Ní féidir téip rabhaidh atá faofa ag ESB Networks a úsáid ar chiorcaid i gcomhair Soilsiú Poiblí ná ar cháblaí i gcomhair líonraí príobháideacha, m.sh. go hinmheánach ar fheirmeacha gaoithe nó i bpáirceanna tionscail príobháideacha.