Gineadóir a nascadh

Baineann an fhaisnéis atá luaite thíos le gineadóir a nascadh leis an líonra dáileacháin. Má theastaíonn aon eolas uait nach bhfuil ar fáil anseo ná ar na leathanaigh nasctha, déan teagmháil le DSOGenerators@esb.ie

Treoir maidir leis an bpróiseas nuair a ghlactar leis an tairiscint

Eisíonn ESB Networks doiciméad ar a dtugtar Paca Faisnéise d’Fhorbróirí Gineadóirí mar threoir d’fhorbróirí tograí giniúna chun eolas a sholáthar ar an bpróiseas nasctha do thograí Gineadóirí Neamh-Inchoimhlinte agus Inchoimhlinte araon. Is mar threoir amháin a fhoilsítear an doiciméad chun an próiseas a thuiscint, agus is féidir é a íoslódáil anseo (PDF | 306KB)

Giniúint le hEaspórtáil agus le Díol

Féach anseo más mian leat gineadóir a nascadh a úsáidfear chun leictreachas a sholáthar nó a dhíol. Áirítear leo feirmeacha gaoithe, gás láithreáin líonta, grianchumhacht, agus saoráidí cumhachta agus teasa in éineacht (CTÉ). Is féidir a leithéid de ghineadóirí a úsáid chun leictreachas a sholáthar nó a dhíol tríd an eangach náisiúnta.

Geata 3 – Grúp-Phróiseáil maidir le Giniúint In-athnuaite

Is é Geata 3 an tríú treoir maidir le grúp-phróiseáil in-athnuaite a mhol an Coimisiún um Rialáil Fuinnimh (CER). Féach Staitisticí Gineadóirí chun eolas a fháil ar dhul chun cinn thograí Gheata 3.

Gineadóirí Comhuaineacha Nasctha

Féach anseo chun eolas a fháil maidir le gineadóir a nascadh a fheidhmíonn go comhuaineach leis an líonra leictreachais. Baineann an t-eolas seo le gnóthais ar mian leo an méid leictreachais a iompórtálann siad a laghdú trína bhfoinse cumhachta féin a bheith acu, nó le haghaidh scéimeanna buaic-theasctha nó buaicscafa. Ní féidir a leithéid de ghineadóirí a úsáid chun leictreachas a sholáthar nó a dhíol tríd an eangach náisiúnta.

Gineadóirí Cúltaca

Tá faisnéis ar ghineadóir cúltaca a nascadh le fáil anseo  Is iad na gnóthais sin a bhfuil giniúint éigeandála riachtanach dóibh a úsáideann gineadóirí cúltaca. Ní féidir iad a úsáid chun leictreachas a easpórtáil ná a dhíol isteach sa líonra leictreachais. Lena chois sin, ní féidir leo feidhmiú go comhuaineach leis an líonra leictreachais.

Treoirlínte Cosanta Comhéadain

Sna sleamhnáin seo (PDF | 171 KB) tugtar breac-chuntas ar threoirlínte maidir le costais agus infheidhmeacht na Cosanta Comhéadain Giniúna Leabaithe (EGIP). Cuireadh na sleamhnáin i láthair ag cruinniú den Ghrúpa Idirchaidrimh Gheata 3 de chuid CER mar shoiléiriú agus nuashonrú ar dhoiciméad na gCoinníollacha Rialaithe i Meitheamh 2013.

Micrighiniúint

Úsáidtear an téarma ‘micrighiniúint’ nuair a shuiteálann duine príobháideach (úinéir tí, mar shampla) gineadóir beag ar a réadmhaoin chun leictreachas a ghiniúint dó/di féin. Féach anseo chun tuilleadh eolais a fháil ar mhionghineadóir a nascadh

Naisc atá déanta

Tá faisnéis staitistiúil le fáil faoi Ghineadóirí Nasctha agus ar Conradh maidir le gach gineadóir atá nasctha faoi láthair nó ar conradh lena nascadh leis an gcóras dáileacháin.

Monatóireacht Feidhmíochta
Tugtar cuntas i ndoiciméad dar teideal Próiseas Monatóireachta Feidhmíochta Feirmeacha Gaoithe ar an bpróiseas atá glactha ag Eirgrid agus ag an ESB chun monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht na Stáisiún Cumhachta Feirmeacha Gaoithe (WFPS) chomh fada is a bhaineann sé le catagóiriú rialúcháin arna shannadh tar éis chinneadh rialála SEM-062-11 maidir le Seoladh tosaíochta. Is féidir an doiciméad a íoslódáil anseo (PDF | 547 KB).

Nós imeachta chun gearáin a dhéanamh maidir le gineadóir

Tugaimid tús áite do chaighdeán ard seirbhíse a sholáthar go comhsheasmhach dár gcustaiméirí. Más rud é, áfach, nach bhfuil tú sásta linn maidir le hiarratas ar Nasc Gineadóra agus más mian leat gearán a dhéanamh, lean an nós imeachta atá leagtha amach in Naisc Ghineadóra – Nós Imeachta le haghaidh gearán (PDF | 40 KB) ionas gur féidir do ghearán a láimhseáil go tráthúil éifeachtach.

TABHAIR FAOI DEARA:
Tá sé de dhualgas ortsa a chinntiú go ndéanfaidh conraitheoir leictreachais cláraithe an gineadóir a nascadh de réir chaighdeáin ETCI, agus go gcomhlíonfaidh sé na rialacháin go léir a bhaineann le gineadóirí leictreachais.

Ceisteanna Coitianta

Ceisteanna Coitianta maidir le Gineadóir In-athnuaite Leabaithe a shuiteáil

Gnéithe Tráchtála Gnéithe Teicniúla

Ceisteanna Coitianta maidir le mionghineadóir a nascadh

Ceisteanna Coitianta maidir le Mionghineadóirí