Geata 3 – Grúp-Phróiseáil maidir le Giniúint In-athnuaite

Glactar cur chuige straitéiseach i leith na próiseála faoi mar a mhol EirGrid (mar an t-oibreoir córais tarchurtha) agus ESB Networks (mar an t-oibreoir córais dáilte) in 2004 agus faoi mar atá faofa ag CER i gcás grúp-phróiseáil tairiscintí nasctha maidir le giniúint in-athnuaite.

Sannacháin Nóid

Tá tiomantas tugtha ag na hOibreoirí Córais nuashonrú a dhéanamh ar an liosta sannachán nóid ó am go ham chun aon athruithe ar tháblaí Gheata 3 (a foilsíodh i dtosach an 19 Eanáir 2009) a dhearbhú. Léirítear na hathruithe i ndath buí agus tá fonótaí ag dul leo ina mínítear an chúis ardleibhéil atá leis an athrú.

Má bhíonn aon cheisteanna agat maidir le hiarratasóirí dáilte sa doiciméad seo téigh i dteagmháil le ESB Networks ag dsogenerators@esb.ie. Má bhíonn aon cheisteanna agat maidir le hiarratasóirí tarchurtha sa doiciméad seo, téigh i dteagmháil leis an tseirbhís do chustaiméirí de chuid EirGrid ag info@eirgrid.com nó glaoigh ar 01 7026642.

Tabhair faoi deara go liostaítear na nóid nasctha ag voltais de 110/220/400 kV. I gcás iarratas a bhaineann le dáileadh, is féidir leis an nasc bheith ag 38 kV nó ag voltais níos ísle. Úsáidtear staidéir mhionsonraithe leis an modh nasctha iarbhír a chinneadh. Mar sin féin, beag beann ar an modh nasctha a roghnaítear i gcomhair iarratais ar leith, beidh siad á gceangal go leictreach (faoi ghnáthshocrúcháin fothaithe) chuig na nóid liostaithe.

Liosta sannachán nóid – nuashonraithe 20.05.2011 (PDF | 244 KB) agus tá léiriú grafach de na limistéir sin le fáil ar shuíomh gréasáin Eirgrid.

Ceisteanna

Má bhíonn aon cheisteanna agat maidir le tionscadal Gheata 3, téigh i dteagmháil leis an Oibreoir Córais cuí. Má bhaineann do cheist le tionscadal ar leith, luaigh uimhir thagartha an tionscadail i ngach comhfhreagras.

Iarratais DSO ESB Networks

I gcás iarratais DSO ESB Networks, déan teagmháil leis an tSeirbhís do Chustaiméirí de chuid ESB Networks:

Teil: +353 1 7026950
Facs: +353 1 6388026
R-phost: dsogenerators@esb.ie

Seoladh:

Gineadóirí DSO
Rialáil Chúrsaí Tráchtála agus In-athnuaite
Bóthar Bhaile na Lobhar
Carraig an tSionnaigh
Baile Átha Cliath 18
Éire

Fáiltíonn ESB Networks roimh aon cheisteanna agus tuairimí agus déanfaidh siad iarracht tabhairt faoi aon iarratais ar fhaisnéis bhreise chomh luath agus is féidir.

Iarratasóirí TSO Eirgrid

I gcomhair ceisteanna ginearálta a bhaineann le hiarratasóirí TSO chuig EirGrid, téigh i dteagmháil leis an tSeirbhís do Chustaiméirí de chuid EirGrid, agus uimhir thagartha an tionscadail á lua, ag:

Teil: +353 1 702 6642
Facs: +353 1 661 5375

R-phost: info@eirgrid.com

Seoladh:
EirGrid
Bloc 2 The Oval 
160 Bóthar Shíol Bhroin
Droichead na Dothra
Baile Átha Cliath 4