Gineadóir cúltaca a nascadh
Úsáidtear gineadóir cúltaca chun leictreachas a ghiniúint i gcás éigeandála nuair a theipeann ar an bpríomhsholáthar leictreachais. Ní fheidhmíonn sé go comhuaineach leis an bpríomhsholáthar. Is féidir gineadóir cúltaca a úsáid sna cásanna seo a leanas:
- Idirscor leictreachais sceidealaithe ag ESB Networks
- Fabht sa líonra leictreachais
- Damáiste de bharr stoirme nó tríú páirtí don líonra leictreachais
Abair linn
Ar chúiseanna a bhaineann le sábháilteacht, inis don Mhaoirseoir Seirbhísí do Chustaiméirí san oifig ESB Networks is gaire duit má tá gineadóir cúltaca á shuiteáil ag do sheoladh agat. Beidh na sonraí teagmhála ag do chonraitheoir cláraithe leictreachais.
Suiteáil cheart
Tá sá tábhachtach gur conraitheoir leictreachais cláraithe a shuiteálfaidh an gineadóir. Ina theannta sin, ní mór an gineadóir agus an sreangú ar fad a shuiteáil i gcomhréir leis na rialacha ábhartha ar fad de chuid Chomhairle Leictre-Theicniúil na hÉireann.
Ní mór gineadóir cúltaca a nascadh trí lasc athraitheach i gcónaí le cinntiú nach féidir leis oibriú go comhuaineach leis an líonra leictreachais.
Tús Áite don tSábháilteacht
Níor cheart gineadóir cúltaca a nascadh riamh ar bhonn sealadach leis na ciorcaid leictreacha i d'áitreabh nó le do phointe méadraithe. Chuirfí tú féin, do chomharsana agus foireann ESB Networks i mbaol dá ndéanfaí é sin.