Gineadóir a nascadh a oibreoidh i gcomhar leis an líonra leictreachais

Tugtar giniúint chomhuaineach ar ghineadóirí a oibríonn i gcomhar leis an gcóras dáileacháin leictreachais, fiú ar feadh tréimhsí gearra. Bheadh gineadóirí dá leithéid in úsáid ag gnólachtaí go hiondúil chun an méid leictreachais a iompórtálann siad a laghdú ag amanna áirithe nó mar chuid de scéim bhuaic-theasctha nó bhuaicscafa. Go ginearálta, ní féidir gineadóirí dá leithéid a úsáid chun leictreachas a easpórtáil chuig an gcóras dáileacháin leictreachais.

TABHAIR DO D'AIRE:

Ach amháin i gcás custaiméirí a bhfuil stádas mar Uatáirgeoirí Easpórtála, acu, go ginearálta, ní féidir gineadóirí dá leithéid a úsáid chun leictreachas a easpórtáil chuig an líonra leictreachais ná chun leictreachas a sholáthar nó a dhíol tríd an gcóras dáileacháin. Más mian leat gineadóir atá beartaithe chun fuinneamh a easpórtáil chuig an líonra leictreachais a nascadh, féach Gineadóir In-athnuaite a nascadh Mionghineadóir a nascadh.

Treoir céim ar chéim chun gineadóir comhuaineach a nascadh

Teastóidh uait léarscáil ón tSuirbhéireacht Ordanáis (scála 1:2500-1:10560), ar a léirítear suíomh an ghineadóra nua. Marcáil an suíomh cruinn le peann dearg. Beidh plean láithreáin mionsonraithe (scála 1:100-1:500) ar a léirítear an gineadóir nua ag teastáil uait freisin.

Déan iarratas tríd an bpost - Foirm Iarratais (NC5) (PDF | 737 KB) nó cuir glao ar 1850 372 757 nó ar +353 21 2386555 le cóip a iarraidh.
Seol an fhoirm chomhlánaithe, i dteannta na léarscáile Suirbhéireachta Ordanáis agus an Phlean Láithreáin, chuig:


Oifig Seirbhísí Custaiméara ESB
Bosca PO 29
Carraig an Chaisleáin
Baile Átha Luain
Co. na hIarmhí
Éire


Tabhair do d'aire: Má tá tú ag cur isteach ar athrú ar nasc atá ann cheana féin, ní mór duit MPRN reatha an láithreáin a thabhairt freisin. Ní mór  d’oifig an cheantair áitiúil aon athrú ar an MIC reatha a scrúdú go géar, agus d’fhéadfaí moill a chur ar eisiúint an Chomhaontaithe Nasctha dá bharr. Táille ar bith a bhaineann leis an MIC a mhéadú/a laghdú cuimseofar sa Chomhaontú Nasctha é.

Eiseoimid meastachán duit bunaithe ar ár dTáillí Caighdeánacha Gineadóra (PDF | 106 KB), mar aon le Comhaontú Nasctha, laistigh de thríocha lá.

Cuimseofar na nithe seo a leanas leis an gComhaontú Nasctha:

  • Uasacmhainn Iompórtála (MIC) an naisc.
  • Uasacmhainn Easpórtála (MEC) an naisc (sa chás seo, is ionann é agus náid cileavoltaimpéar (kVA). Is éard atá i gceist leis an Uasacmhainn Easpórtála (MEC) ná an méid iomlán leictreachais is féidir leat a easpórtáil chuig an eangach náisiúnta.

 

Cuimseofar sa Chomhaontú freisin an acmhainn giniúna leabaithe agus na riachtanais cosanta comhéadain éigeantacha (ar a dtugtar Cosaint Comhéadain Giniúna Leabaithe nó EGIP) nach mór cloí leo.

Ní mór do bhall foirne de chuid ESB Networks bheith i láthair agus an chosaint comhéadain á tástáil. Seol ríomhphost chuig dsogenerators@esb.ie nó cuir glao 1850 372 757 nó ar +353 21 2386555 chun coinne a dhéanamh don tástáil.

Tá na sonraí ar fail sna Coinníollacha a Rialaíonn Nascadh leis an gCóras Dáileacháin (PDF | 473 KB).

Chomh luath agus a bheidh do mheastachán agat, beidh tú in ann íocaíocht a dhéanamh ar an mbealach is fearr a fheileann duit:

  • Íoc trí EFT
  • Íocaíocht ar líne
  • Íoc ar an bhfón - cuir glao ar 1850 372 757 nó ar+353 21 2386555
  • Íoc tríd an bpost - Seol seic, dréacht bainc nó ordú poist chuig:

ESB Networks
Rannóg na gCuntas Infhála
Bóthar an tSáirséalaigh
SAORPHOST
Uimh. an Ceadúnais FCK 724
Wilton
Corcaigh

Déanfar na sonraí teicniúla ón iarratas comhlánaithe a mheas chun a chinntiú nach bhfuil aon easnaimh theicniúla ná chosanta ann a d’fhéadfadh a bheith le réiteach roimh dháta na tástála fianaithe.

Ba chóir na sonraí sin a sheoladh isteach sé seachtaine ar a laghad roimh aon Dáta Tástála Fianaithe aontaithe. Ní mór réamh-thorthaí na dtástálacha ar chosaint shuiteáilte an chomhéadain a sheoladh isteach freisin. Tabhair faoi deara nach féidir an Dáta Tástála Fianaithe a shocrú go dtí go mbeidh an Comhaontú Nasctha gaolmhar, ina léirítear an ghiniúint leabaithe atá á suiteáil, sínithe ag an gCustaiméir agus curtha ar ais aige/aici.