Gineadóirí sioncronaithe os cionn 6 kW (aon phas) nó 11 kW (trí phas) a nascadh.
Sa chuid seo, mínítear conas gineadóirí os cionn 6 kW (aon phas) nó 11 kW (trí phas) a nascadh lena bhféadfaí leictreachas a easpórtáil chuig an líonra leictreachais lena dhíol nó lena sholáthar.
Tá an fhaisnéis seo dírithe go ginearálta ar fhorbróirí ar mian leo ceann díobh seo a leanas a thógáil:
- tuirbín gaoithe aonair os cionn 6 kW nó 11 kW
- feirm ghaoithe
- suíomh gáis láithreáin líonta
- saoráid cumhachta is teasa in éineacht (CTÉ)
Tabhair do d'aire: Más mian leat gineadóir níos lú ná 6 kW (aon phas) nó 11 kW (trí phas) a nascadh, féach Mionghineadóir a nascadh.
Cur Chuige Grúp-Phróiseála (GPA)
Déileáiltear le formhór na n-iarratas ar ghineadóirí in-athnuaite faoi Chur Chuige Grúp-Phróiseála ar a dtugtar córas “Geata”. Tugtar “Geata 3” ar an nGeata atá in úsáid faoi láthair. Tá sé bunaithe ar chóras “scuaine in ord dáta” atá faofa ag an CER. D’fhéadfadh sé tarlú, áfach, go mbeadh d’iarratas incháilithe go ndéileálfaí leis lasmuigh den Chur Chuige Grúp-Phróiseála de réir threoir CER/09/099 ón gCoimisiún um Rialáil Fuinnimh.
Cliceáil thíos le haghaidh Ceisteanna Coitianta agus tuilleadh eolais maidir le Gineadóir In-athnuaite/Leabaithe a nascadh:
Seol ríomhphost chuig DSOgenerators@esb.ie i gcás aon cheisteanna eile nach bhfreagraíte ar an suíomh gréasáin.
Conas iarratas a dhéanamh
Nótaí:
Geata 3 a dhúnadh
Tá na hiarratasóirí do Gheata 3 roghnaithe cheana féin, agus tá liosta iomlán na n-iarratasóirí sin foilsithe i Sannacháin Nóid Gheata 3 (PDF | 244 KB). Cuirfear d’iarratas leis an scuaine d’iarratais gineadóra, agus cuirfear tús leis an bpróiseas roghnúcháin don chéad Gheata eile nuair a bheidh na tairiscintí nasctha ar fad faoi Gheata 3 eisithe. Déanfaimid teagmháil leat má roghnaítear tú don chéad Gheata eile. D’fhéadfadh sé tarlú, áfach, go mbeadh d’iarratas incháilithe lena phróiseáil lasmuigh den Chur Chuige Grúp-Phróiseála de réir threoir CER/09/099 ón gCoimisiún um Rialáil Fuinnimh.
I gcás Acmhainn Easpórtála os cionn 0.5 meigeavata.
I gcás iarratais ar ghineadóirí gaoithe ag a bhfuil MEC os cionn 0.5 meigeavata nó i gcás iarratais eile nár tugadh cead go bpróiseálfaí iad lasmuigh den ghrúp-phróiseas, déanfar na hiarratais a phróiseáil i gcomhréir le ‘Cur Chuige Grúp-Phróiseála i gcomhair Iarratas maidir le Gineadóirí In-Athnuaite’ in CER/05/049.
Bliain amháin roimh fhuinnmhiú do thogra, beidh ort Foirm NC5 (PDF | 737 KB) a sheoladh isteach, ach amháin má comhlánaíodh an fhoirm sin cheana féin agus nár athraíodh na sonraí. Má bhíonn aon mhoill ar sheoladh isteach fhoirm NC5 ag an am seo, cuirfear moill dá bharr ar an bhfuinnmhiú
Eiseofar tairiscint nasctha duit in am is i dtráth. Leagfar amach na téarmaí teicniúla agus tráchtála, lena n-áirítear na táillí nasctha, sa tairiscint seo.
I gcás Acmhainn Easpórtála faoi bhun 0.5 meigeavata
Beidh sé mar aidhm ag ESB Networks tairiscintí nasctha a dhéanamh laistigh de 90 lá gnó i ndiaidh faomhadh a fháil ón gCoimisiún um Rialáil Fuinnimh (más gá) agus an táille iarratais chuí a bheith faighte, cibé dáta is déanaí. Tabharfar mionsonraí ar an táille nasctha sa tairiscint seo, agus beidh an tairiscint bailí ar feadh trí mhí.
Ceadúnas chun leictreachas a ghiniúint agus a sholáthar
Ní eisíonn ESB Networks ceadúnais. Is é an Coimisiún um Rialáil Fuinnimh (CER) atá freagrach as údaruithe tógála a eisiúint maidir le stáisiúin ghiniúna a thógáil/a atógáil, chomh maith le ceadúnais maidir le giniúint agus soláthar leictreachais. Féach suíomh gréasáin CER le haghaidh tuilleadh eolais.
Nuair a bhíonn sé i gceist ag duine na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- Stáisiún giniúna a thógáil/a atógáil nach mbeidh acmhainn shuiteáilte os cionn 1 MW ann;
- Leictreachas a ghiniúint ó stáisiún giniúna nach mbeidh acmhainn shuiteáilte os cionn 1 MW ann,
ní bhíonn ar an duine sin iarratas a chur faoi bhráid CER chun Údarú Tógála/Ceadúnas Giniúna a fháil. Meastar go bhfuil an duine sin údaraithe le hOrdú faoi Alt 5 (1)(b) de I.R. Uimh. 383 de 2008/ ceadúnaithe le hOrdú faoi Alt 5 (1)(b) de I.R. Uimh. 384 de 2008. Tá a leithéid de ghineadóirí faoi réir téarmaí agus coinníollacha ar leith mar atá leagtha amach sna hOrduithe ábhartha. Féach suíomh gréasáin CER le haghaidh tuilleadh eolais.
Ceisteanna Coitianta
Gineadóir In-athnuaite/Leabaithe a nascadh:
Gnéithe Tráchtála Gnéithe Teicniúla