Mionghineadóir a nascadh

Foinse fuinnimh leictrigh is ea mionghineadóir a fheidhmíonn i gcomhar le córas ísealvóltais (LV) ESB Networks chomh hard leis na rátaí seo a leanas (agus iad sin san áireamh):

  • 25 aimpéar (6 kW) ar voltas íseal [230 volta] nuair is nasc aon phas atá ann
  • 16 aimpéar (11 kW) ag voltas íseal [230/400 volta] nuair is nasc trí phas atá ann
Micro Generator Solar Panel

Mionghineadóirí

Samplaí de chineálacha éagsúla mionghineadóirí iad seo a leanas:

  • Cumhacht gaoithe (tuirbíní)
  • Grianchumhacht (grianphainéil)
  • Scéimeanna beaga hidrileictreachais
  • Mionfhoinse cumhachta agus teasa in éineacht (CTÉ)
  • Córais mhionghineadóra in-athnuaite agus stórála in éineacht
Tabhair do d'aire: Ní féidir gineadóirí cúltaca a úsáid chun leictreachas a dhíol leis an eangach leictreachais. Más mian leat gineadóir a nascadh a bhfuil aschur níos mó aige ná mar a bhíonn i gceist i gcás micrighiniúna, téigh chuig an leathanach seo: ​Feirm ghaoithe nó gineadóir in-athnuaite eile a nascadh.

Treoir céim ar chéim

Más mian leat mionghineadóir a nascadh leis an líonra leictreachais, ní mór na céimeanna atá sa doiciméid Na Coinníollacha a Rialaíonn Nascadh agus Oibriú Micrighiniúna (PDF | 111 KB) a leanúint. Is fearr é sin a léamh roimh thosú.

Íoslódáil an Fhoirm Fógra maidir le Micrighiniúint (NC6) (PDF | 35 KB) nó cuir glao ar 1850 372 757 nó ar +353 21 2386555 le cóip a iarraidh.

Seol an fhoirm chomhlánaithe ar ríomhphost chuig NetworkServicesBureau@esb.ie nó seol tríd an bpost í chuig:

ESB Networks CGA.
Oifig na Seirbhísí Custaiméara
Bosca PO 29
Carraig an Chaisleáin
Baile Átha Luain
Co. na hIarmhí
Éire

Níor cheart leanúint ar aghaidh má thug ESB Networks le fios duit (laistigh den scála ama a sainíodh) nach féidir leat leanúint ar aghaidh le suiteáil an mhionghineadóra.

Tá sé de dhualgas ortsa a chinntiú gur conraitheoir leictreachais cláraithe a dhéanfaidh an mionghineadóir a shuiteáil de réir chaighdeáin ETCI.

Ní mór don ghineadóir (inbhéartóir) cloí le EN50438 agus le socruithe na hÉireann ann. Iarrfaimid cóip pháipéir den deimhniú um chomhlíonadh, agus ní leanfar leis an iarratas go mbeidh an comhlíonadh bailíochtaithe.

Beidh méadar iompórtála/easpórtála ag teastáil chun leictreachas breise a easpórtáil lena dhíol. Cuirfimid meastachán chugat maidir le méadar iompórtála/easpórtála a shuiteáil. Nuair a bheidh an sreangú críochnaithe, déanfaidh an Conraitheoir Leictreachais deimhniú sreangaithe bailíochtaithe a chur isteach agus seolfar an deimhniú sin chuig ESB Networks go leictreonach.  

Mura bhfuil méadar iompórtála/easpórtála ag teastáil uait, luaigh é sin ar an bhFoirm Iarratais.  

Is féidir tús a chur leis an tsuiteáil nuair a bheidh na coinníollacha thuas ar fad comhlíonta.

Nuair a bheidh an mionghineadóir suiteáilte agus an íocaíocht as an méadar iompórtála/easpórtála faighte againn i dteannta leis an deimhniú leictreach ETCI riachtanach, déanfaimid an méadar iompórtála/easpórtála a shuiteáil.
Nuair a bheidh an méadar suiteáilte, is féidir leat dul i dteagmháil le do sholáthraí leictreachais maidir le socruithe íocaíochta le haghaidh aon leictreachais a easpórtálfaidh tú chuig an eangach. Ní mór socrú a dhéanamh le do sholáthraí leictreachais go gceannófar an leictreachas a easpórtálfar agus go soláthrófar an leictreachas duit ar mhian leat é a iompórtáil. Ní mór an soláthraí céanna a úsáid don iompórtáil agus don easpórtáil araon.