Seolfaimid meastachán i scríbhinn chugat maidir le nascadh an árasáin mhuintire, rud a eisítear taobh istigh de 15 lá oibre de ghnáth.
Féach liosta na dtáillí (PDF | 489 KB) a ghearrann ESB Networks.
I roinnt cásanna, féadfaidh sé go gcaithfear an líonra leictreachais áitiúil a uasghrádú le hárasán muintire a nascadh. Más amhlaidh an scéal, beidh ort ranníocaíocht chaipitil a dhéanamh don obair sin. Tabharfar mionsonraí ar an ranníocaíocht sin sa mheastachán.