An méid a deirtear san fhianaise eolaíochta faoi réimsí leictreamaighnéadacha radaimhinicíochta

Bhí roinnt imní ann faoi na héifeachtaí féideartha sláinte maidir le réimsí radaimhinicíochta leictreamaighnéadaí, de ghnáth faoi fhón póca a úsáid go díreach taobh leis an inchinn, áit a mbíonn an nochtadh cuíosach maith níos airde.  Rinneadh cuid mhór staidéir eolaíochta, agus ar an iomlán, ní thugann an fhianaise le fios go bhfuil aon tionchair shláinte ann. Tuairiscítear tionchar i roinnt staidéar aonair, ach is ina choinne atá an fhianaise ina hiomláine.  Tugtar níos mó sonraí sna Ceisteanna Coitianta thíos faoi na cineálacha éagsúla staidéar a rinneadh agus cé na conclúidí a bhí acu.

Aontaíonn na saineolaithe idirnáisiúnta uile, nuair a chuirtear gach rud san áireamh, nach dtacaíonn an fhianaise eolaíochta leis go bhfuil aon tionchair sláinte ag baint le tarchur radaimhinicíochta ag na leibhéil nochta atá i gceist.
Tá cuid mhór staidéar aonair déanta agus foilsithe, agus is féidir a admháil go bhfuil roinnt acu ann a thugann le fios go bhfuil tionchair shláinte ann. Is minic a chloistear trácht orthu sin agus tá trácht déanta againne ar chuid de na staidéir is tábhachtaí díobh sin thíos. Mar gheall ar na staidéir aonair sin, ní féidir breathnú ar an gceist fós mar cheist iomlán dúnta, agus tá an taighde ag leanúint ar aghaidh.
Ach is gá teacht ar bhreithiúnas foriomlán ó iomlán na fianaise, seachas ó staidéir aonair amháin, agus nuair a bhreathnaítear ar iomlán na fianaise, ní léirítear ann tionchair sláinte ón nochtadh seo.  Is é sin tuairim na gcomhlachtaí athbhreithnithe eolaíochta údarásach agus neamhspleách atá tar éis breathnú ar an gceist seo, agus is iad na comhlachtaí athbhreithnithe sin agus a gcuid measúnaithe atá mar bhonn eolais faoi na leibhéil noctha shábháilte idirnáisiúnta.  Cloíonn ESB Networks leis na caighdeáin idirnáisiúnta neamhspleácha sábháilteachta sin.
Tá nochtadh radaimhinicíochta ar an bhfód ó cuireadh tús leis na chéad chraoltaí poiblí go luath san fhichiú haois.  Ó na 1980í ar aghaidh nó mar sin, le tríocha bliain, tá nochtadh breise ann ó fhóin phóca, Wi-Fi, agus córais éagsúla eile gan sreang.  Tá staidéar fairsing déanta ar na tionchair shláinte fhéideartha thar an tréimhse seo, is é sin na céadta nó na mílte staidéar.  Is cosúil go mór dá mbeadh aon tionchair dhiúltacha shláinte ann, d’aithneofaí iad faoin tráth seo, i bhfianaise an líon mór staidéar ina leith.
Is féidir dhá chineál staidéir a dhéanamh.  Is féidir linn breathnú ar dhaonraí iarbhír daoine agus a dheimhniú an bhfuil aon cheangal tugtha faoi deara idir nochtadh agus aon torthaí sláinte.  Tugtar “eipidéimeolaíocht” air sin.  Is cineál amháin staidéir eipidéimeolaíochta é féachaint ar na tréimhsí deich mbliana le déanaí, tráth ar tháinig méadú suntasach ar an nochtadh ar fud an phobail do na tarchuir seo, agus a fhéachaint an raibh aon athrú comhfhreagrach i dtarlú aon ghalar.
An cur chuige eile ná tástáil a dhéanamh le haghaidh éifeachtaí sa tsaotharlann.  Is féidir linn ainmhí iomlán a nochtadh - luch nó francach - nó fíocháin nó cealla sonracha do nochtadh saorga, agus féachaint le haghaidh éifeachtaí sonracha.  Buntáiste amháin de na staidéir sin ná gur féidir linn an nochtadh a dhéanamh cuíosach ard - níos airde ná mar a nochtar do dhaoine iad - ionas gur féidir é a dhéanamh chomh dóchúil agus is féidir go bhfeicfear go hiarbhír aon éifeachtaí a d’fhéadfadh tarlú.

Féachann na staidéir eipidéimeolaíochta ar dhaonraí iarbhír daoine agus ar cé acu an bhfuil comhghaol idir nochtadh agus tionchair sláinte.  Ar an iomlán, ábhar faoisimh is ea na staidéir eipidéimeolaíochta.  Ní bhunaítear aon drochthionchair shláinte ó nochtadh radaimhinicíochta.
Nuair a fhéachaimid ar na rátaí teagmhasacha a bhaineann le hailsí éagsúla, mar shampla, agus ailse inchinne mar shampla, níl aon chomharthaí léirithe go bhfuil méadú tagtha le blianta beaga anuas.  I gcás fóin phóca agus teicneolaíochtaí eile a tháirgeann an nochtadh radaimhinicíochta sin, tá siad ar an bhfód sách fada anois (tríocha bliain nó mar sin) go mbeimis ag súil go cinnte le méadú sna rátaí teagmhasacha faoin tráth seo dá mbeadh aon cheangal eatarthu.  Is ábhar faoisimh é nach bhfuil aon mhéadú feicthe.

Ó am go ham, foilsítear páipéir a mhaíonn go bhfuil méadú i dteagmhas ailsí áirithe ach is gnách gur piocadh amach fochineál an-shonrach ar fad ar tharla sé go léiríonn sé an patrún atáthar á lorg.  Ní athraíonn sé an pictiúr foriomlán, is é sin nach bhfuil rátaí teagmhasacha ag léiriú aon mhéaduithe a fhéadtar a cheangal le nochtadh radaimhinicíochta.

Tá mórán staidéar eipidéimeolaíochta ann a fhéachann ar nochtadh ó fhoinsí áirithe, fóin phóca mar shampla.  I gcás daoine a úsáideann fóin phóca, an bhfaigheann siad ailse níos minice? Tá na staidéir seo an-deacair a dhéanamh toisc go mbíonn claonadh míchlúiteach ó thaobh earráidí ag baint le hathchruthú cruinn a dhéanamh ar an méid a d’úsáideadh daoine fóin phóca sna blianta i bhfad siar (agus ar cén taobh den chloigeann lena gcoinníodh siad iad, agus cé acu an úsáideadh siad iad go lámhshaor nó nach n-úsáideadh).  Ach ar an iomlán, níl aon cheangal soiléir tar éis teacht chun cinn idir an nochtadh agus an galar, fiú amháin sna staidéir is gaire atá againn don chaighdeán órga.  Mar shampla tá sé tuairiscithe i roinnt staidéar ó ghrúpa taighde áirithe sa tSualainn go bhfuil ceangal féideartha ann, agus sa staidéar idirnáisiúnta a rinneadh go dtí seo, ar a tugadh Interphone, níl ach oiread na fríde de cheangal ann i ngrúpaí sonracha áirithe.  Tá scrúdú cuimsitheach déanta ag an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta don Taighde ar Ailse (IARC) ar na staidéir seo.  Conclúid an IARC ná gur cinnte sna staidéir seo nach bhfuil aon cheangal ann, agus is é sin an fáth nach ndearna an IARC aicmiú ar nochtadh radaimhinicíochta mar chúis chinnte le hailse, ná fiú mar chúis fhéideartha le hailse.  Ach go dtí gur féidir teacht ar réiteach ar na ceisteanna ar bhealach níos conclúidí, mheas an IARC go raibh ceist oscailte ann fós go teoiriciúil, agus is é sin an fáth a ndearna sé aicmiú ar an nochtadh sin mar chúis “fhéideartha” le hailse.  Ach aontaíonn na saineolaithe uile go bhfuil an fhianaise eipidéimeolaíochta, ar an iomlán, go mór ina hábhar faoisimh.

Tá tábhacht ag baint le staidéir ar dhaoine a úsáideann fóin phóca ó thaobh méadair chliste de, mar gheall gur gnách go mbíonn an nochtadh ó fhóin phóca i bhfad níos airde ná mar a bhíonn i gceist le méadair chliste, mar gheall gur gnách go n-úsáidtear fóin phóca níos gaire don chorp, agus mar gheall go bhfuil tréimhse an nochta i bhfad Éireann níos mó.  Mura bhfuil aon tionchair deimhnithe leis an nochtadh níos airde ó fhóin phóca, tá sé seo ina ábhar faoisimh ó thaobh an nochta níos ísle ó mhéadair chliste.

Mar a bhíonn i gceist leis an bhfianaise eipidéimeolaíochta, tá mórán staidéar saotharlainne déanta, agus nuair a chuirtear san áireamh iad ar an iomlán, is ábhar faoisimh iad.  Ní thugtar le fios iontu gur cúis le hailse ná le haon ghalar eile é an nochtadh do radaimhinicíochtaí.  Tá comhaontú sna grúpaí athbhreithnithe údarásacha neamhspleácha uile nach bhfuil aon drochthoradh sláinte, ná fiú meicníocht fhéideartha, deimhnithe trí staidéir saotharlainne.
Ar ndóigh, mar a bhíonn i gceist le mórán staidéar, tá roinnt ann ina dtuairiscítear go bhfuarthas tionchair.  D’fhéadfadh go leor cúiseanna a bheith leis sin - mar shampla, d’fhéadfadh sé gur trí sheans a tharla sé, é sin nó d’fhéadfadh deacracht a bheith ann maidir leis an gcaoi a reáchtáladh an staidéar.  An tástáil thábhachtach ná cé acu an féidir na tionchair sin a athchruthú ag eolaithe eile i saotharlanna éagsúla.  Tar éis an méid sin uile, más tionchar fírinneach é an tionchar, ba chóir go mbeadh gach eolaí cumasach in ann é a thabhairt faoi deara leis an trealamh ceart.  Ach níl aon tuairisciú déanta ar aon tionchar sláinte atá deimhnithe trí athchruthú i saotharlanna éagsúla.  Nuair a thagann na grúpaí saineolaithe athbhreithnithe ar chonclúidí, i ndáiríre ní bhunaíonn siad na conclúidí sin ar díreach an staidéar sin amháin.  Is é an chaoi a n-oibríonn an eolaíocht ná trí thógáil ar thorthaí roimhe seo chun an tuiscint a fhorbairt, mar sin féachann na grúpaí saineolaithe athbhreithnithe ar iomlán na fianaise. Tá sé aontaithe ag grúpaí éagsúla saineolaithe neamhspleácha nach bhfuil aon tionchair shláinte ag baint le nochtadh radaimhinicíochta.
Staidéar amháin a bhfuil aird chuí tarraingthe aige ná staidéar a rinne an Clár Náisiúnta Tocsaineolaíochta (NTP) sna Stáit Aontaithe le déanaí ar lucha agus francaigh.  Staidéir mhór chuimsitheacha iad na staidéir a reáchtálann an NTP (agus níl a cheann seo ach aon cheann amháin), mar sin tógtar go dáiríre iad i gcónaí.  D’fhéach an staidéar áirithe seo ar ainmhithe fir agus mná araon, le leibhéil iomadúla nochta, agus beagnach céad ainmhí i ngach grúpa, agus an tástáil déanta thar dhá bhliain.  Níor aimsíodh ach meall de chineál amháin, is é sin schwannóma urchóideach an chroí, a chomhlíon a gcritéir ó thaobh a bheith ceangailte le nochtadh, agus is i bhfrancaigh fir amháin a fuarthas iad, ní i bhfrancaigh mná ná i lucha.  Mar gheall ar an tábhacht fhéideartha leis an toradh seo, tá dianscrúdú cúramach déanta air, chomh maith le staidéar eile ar fhrancaigh ag grúpa san Iodáil.  Mar is ceart, níl diúltú iomlán dó déanta ag aon duine de na saineolaithe a d’fhéach air.  Mar sin féin, ní mheasann na grúpaí saineolaithe athbhreithnithe go bhfuil sé inchreidte ach an oiread.  Mar shampla, tá sé ráite ag an gCoimisiún Idirnáisiúnta ar Chosaint Radaíochta Neamh-Ianúcháin (ICNIRP):
“Cé gur úsáid staidéir an NTP (2018a, b) agus Falcioni et al. (2018) líon mór ainmhithe, an dea-chleachtas saotharlainne agus nochtadh déanta ar na hainmhithe ar feadh iomlán a saoil, ní thugtar fianaise sa mhachnamh ar a dtorthaí go bhfuil réimsí radaimhinicíochta leictreamaighnéadaí carcanaigineach...”
Foinse
Is fiú a thabhairt faoi deara go raibh leibhéal nochta cuíoasach ard ann do na lucha agus francaigh sa staidéar NTP - leibhéal a bhí níos airde, déanta na fírinne, ná iad siúd a cheadaítear sna teorainneacha nochta, agus go cinnte i bhfad níos airde ná an nochtadh ó mhéadair chliste.
An rud is gaire d’aicmiú oifigiúil ar cé acu an cúis le hailse é an ghníomhaire áirithe nó nach ea ná an tsraith monagraf de chuid na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta um Thaighde ar Ailse (IARC, gníomhaireacht de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte).  Tá aicmiú déanta acu ar na céadta gníomhairí éagsúla thar na blianta, agus d’fhéach siad ar nochtadh radaimhinicíochta in 2013.Foinse.
I gcás na fianaise eipidéimeolaíochta ar dhaoine agus an fhianaise ainmhithe ón tsaotharlann araon, aithníodh iontu go bhfuil roinnt staidéar ann a thugann le fios gurb ann do thionchair.  Níor mheas siad gur dheimhnigh aon cheann de na staidéir sin tionchair shláinte, mar sin rinne siad aicmiú ar gach ceann de na cineálacha fianaise mar fhianaise “theoranta”, aicmiú a aithníonn gurb ann do na staidéir ach a mholann a bheith ar an airdeall roimh an iomarca ualaigh a leagan ina leith.
Mar gheall air sin tá aicmiú foriomlán “2B” ann nó “cúis fhéideartha le hailse”, arís, aicmiú a aithníonn nach bhfuil diúltú iomlán tugtha don fhéidearthacht.  Tá aicmiú níos airde ann, “2A” nó “dóchúil a bheith ina chúis le hailse”, agus fiú aicmiú níos airde arís “1” nó “deimhnithe a bheith ina chúis le hailse”, agus níor mheas an IARC go raibh ceachtar díobh seo cuí, agus roghnaigh sé an t-aicmiú níos laige 2B.
I gcás na fianaise ba chúis leis an IARC na haicmithe seo a thabhairt, bhain sí go príomha le nochtadh ó fhóin phóca, rud atá níos airde go mór ná é sin ó mhéadair chliste.
Tá na ráitis is deireanaí tugtha againn anseo ó na grúpaí éagsúla údarásacha idirnáisiúnta.
An Coimisiún Idirnáisiúnta ar Chosaint Radaíochta Neamh-Ianúcháin (ICNIRP)
“Toradh ar an meastóireacht fhoriomlán ar an taighde uile ar réimsí ardmhinicíochta is ea an chonclúid nach dócha go bhfuil ceangal le drochthionchair sláinte ag nochtadh ardmhinicíochta faoin tairseach theirmeach.”
Foinse: an ráiteas reatha ar a suíomh Idirlín (tabhair do d’aire: tá radaimhinicíochtaí san áireamh sa tagairt d’ardmhinicíocht)
An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte
“Tá líon mór staidéar déanta leis an dá thréimhse deich mbliana anuas chun measúnú a dhéanamh ar cé acu an bhfuil fóin phóca ina riosca sláinte féideartha nó nach ea. Go dtí seo, níor deimhníodh aon drochthionchair shláinte mar gheall ar fhóin phóca a úsáid.”
Foinse: an ráiteas is deireanaí ar a suíomh Idirlín. Tabhair do d'aire: tá an ráiteas seo sonrach d’fhóin phóca, ach bheadh an chonclúid chéanna i gceist leis an uile nochtadh radaimhinicíochta.
An Coiste Eolaíoch ar Rioscaí Sláinte ag Teacht Chun Cinn agus Nua-Aitheanta (SCENIHR)
Ba é an SCENIHR coiste comhairleach eolaíochta an Aontais Eorpaigh a chlúdaigh réimsí leictreamaighnéadacha (tá atheagar curtha ag an AE ó shin ar a chuid coistí eolaíochta agus is faoi choiste éagsúil a luíonn an fhreagracht anois, ach is ón SCENIHR a thagann an tuairim is deireanaí, in 2015).
“Ar an iomlán, ní léirítear sna staidéir eipidéimeolaíochta ar nochtadh radaimhinicíochta leictreamaighnéadaí ó fhóin phóca go bhfuil riosca méadaithe ann i leith meallta inchinne. Chomh maith leis sin, ní léirítear iontu riosca méadaithe i leith ailsí eile sa chloigeann ná sa mhuineál.”
Foinse: Tuairim an Choiste Eolaíoch ar Rioscaí Sláinte ag Teacht Chun Cinn agus Nua-Aitheanta (SCENIHR) ar na tionchair shláinte fhéideartha ó nochtadh do réimsí leictreamaighnéadacha (EMF)[JS3]. Tabhair do d'aire: is é seo a chonclúid ar ailsí. Clúdaíonn an tuairisc iomlán tionchair fhéideartha eile shláinte a bhfuil conclúidí den chineál céanna leo.
Má bhíonn an nochtadh ard a dóthain, is féidir le radaimhinicíochtaí a bheith ina gcúis le fíocháin bheo a théamh, agus má bhíonn an téamh ard a dhóthain, is féidir leis sin a bheith díobhálach do dhaoine go cinnte.
Is go díreach mar gheall go bhfuil tionchair soiléire agus dea-thuigthe ag baint le radaimhinicíochtaí ag leibhéal atá sách ard a shocraítear na teorainneacha nochta chun na tionchair sin a chosc.  Deartar na teorainneacha nochta (míniú níos mionsonraithe thíos) chun cosc a chur ar aon fhéidearthacht go mbeadh drochthionchair ar dhaoine ag téamh a bheadh sách ard, agus cuirtear lamháil mhór sábháilteachta san áireamh ann chomh maith.
Bhreathnaigh na grúpaí saineolaithe a d’fhéach ar na teorainneacha nochta ar an bhfianaise uile a bhain le tionchair fhéideartha radaimhinicíochtaí.  Áirítear leis sin staidéir a bhaineann le cé acu an cúis le hailse iad radaimhinicíochtaí nó nach ea, chomh maith leis na staidéir ar théamh.  Ba é an chonclúid ná gur tionchar fadbhunaithe é an téamh a bhféadtar teorainneacha nochta cosaint ina aghaidh.  Ach dúradh go raibh an fhianaise ar ailse, mar shampla, ró-lag agus neamhchonclúideach chun teorainneacha nochta a shocrú.
Tá sé tuairiscithe ag roinnt daoine go bhfuil siad go speisialta íogair i leith nochtadh ó réimsí leictreacha agus maighnéadacha, bíodh sé ag an minicíocht phríomhlíne nó ag radaimhinicíochtaí.  Tuairiscíonn siad go bhfaigheann siad siomptóim, uaireanta siomptóim ghéara, amhail tinnis chinn, masmas, marbhántacht, easuan, srl.  Is minic a thugtar “hipiríogaireacht” nó “leicrea-íogaireacht” air seo, nó an téarma leighis “éadulaingt timpeallachta ideapatach”.
Is cinnte go bhfuil na siomptóim a bhraitheann na daoine seo dáiríre agus díblithe. Ach fainic, níl sé léirithe ag tástálacha rialaithe go mbaineann na siomtóim le nochtadh iarbhír.  Ina áit sin, féadfaidh sé gurb é aireachtáil an nochta - is é sin feasacht faoi láithreacht foinse nochta - a thionscnaíonn na siomptóim.
Nuair a thuairiscítear leictrea-íogaireacht, is gnách go mbaineann sé le fóin phóca, stáisiúin bhunáite, líonraí Wi-Fi, srl.  Is beag an líon tuairiscí a cheanglaíonn na siomptóim sin le méadair chliste.