An chaoi a gcinntímid go bhfuil méadair chliste sábháilte

Lena chinntiú go gcosnaítear an pobal ó radaimhinicíochtaí leictreamaighnéadacha, ó mhéadair chliste nó ó aon fhoinse eile, tá teorainneacha nochta i bhfeidhm.  Is ó chomhlachtaí eolaíochta údarásacha atá go hiomlán neamhspleách a thagann siad sin agus feidhmítear go hidirnáisiúnta iad. 

Cinntíonn ESB Networks go bhfuil an uile nochtadh ó mhéadair chliste ag comhlíonadh na dteorainneacha nochta sábháilte sin.  Is é fírinne an scéil go bhfuil méadair chliste comhlíontach le farasbarr mór mar gheall go mbíonn an nochtadh ó mhéadair chliste chomh híseal sin.  Tugtar tuilleadh sonraí sna Ceisteanna Coitianta thíos ar na teorainneacha nochta agus an chaoi a gcomhlíonann na méadair chliste iad.

Tá sé tábhachtach béim a leagan air nach é ESB Networks a dhéanann an cinneadh deiridh faoi na leibhéil shábháilte nochta ó mhéadair chliste.  Saineolaithe idirnáisiúnta atá go hiomlán neamhspleách a dhéanann an measúnú sin agus leanann ESB Networks a gconclúidí siúd.  Is mar sin ba chóir dó a bheith.  Is muidne, ESB Networks, an comhlacht atá chun na méadair chliste a fheistiú.  Is gá dúinn muid féin a shásamh go bhfuil siad sábháilte agus táimid sásta ina leith sin roimh iad a fheistiú.  Ach ba chóir don phobal a bheith ag súil le dearbhuithe sábháilteachta ó chomhlachtaí atá neamhspleách orainn. 

Is i bhfoirm teorainneacha nochta a thagann sé sin.  Is grúpaí saineolaithe athbhreithnithe údarásacha neamhspleácha a shocraíonn na teorainneacha nochta ar mhaithe le cosaint an phobail.  Níl tionchar dá laghad againne in ESB Networks ar shocrú na dteorainneacha noctha sin.  Go simplí, geallaimid go mbeidh gach méadar cliste a fheisteoimid (agus, ár gcuid trealaimh agus oibríochtaí eile uile) ag comhlíonadh na dteorainneacha nochta sin.

Is é an príomhghrúpa idirnáisiúnta i leith teorainneacha nochta a shocrú ná an Coimisiún Idirnáisiúnta ar Chosaint Radaíochta Neamh-Ianúcháin (ICNIRP).  Is éard atá ann ná saineolaithe ó dhisciplíní éagsúla, idir acadóirí agus ionadaithe na gcomhlachtaí cosanta náisiúnta agus tá rialacha dochta ann le cosc a chur ar bhaint a bheith ag lucht tionscail leis.

Oibríonn ICNIRP go dlúth leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO).  Tá comhlacht eile ann bunaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá ar a dtugtar an Coimisiún Idirnáisiúnta ar Shábháilteacht Leictreamaighnéadach (ICES) a fhoilsíonn teorainneacha nochta.  Mar a mhínítear sa chéad alt eile, is iad na teorainneacha ICNIRP seachas an ICES a fheidhmítear in Éirinn, ach toisc go bhfuil siad an-chosúil lena chéile ar aon nós, ní dhéanann sé mórán difear.

Mar a sonraíodh cheana féin, foilsíonn an ICNIRP teorainneacha nochta, agus tá siad údarásach toisc gurb ón gCoimisiún Idirnáisiúnta a thagann siad.  Tá cineál doiciméid cruthaithe ag an Aontas Eorpach (AE) ar a dtugtar Moladh. Tá teorainneacha an ICNIRP i moladh den chineál sin, áit a ndeirtear freisin gur cheart iad a fheidhmiú i mballstáit an AE. Dá réir sin tá stádas dlí acu san AE.  Tá sé deimhnithe ag rialtas na hÉireann go nglacann sé leis an Moladh sin agus go bhfuil feidhm in Éirinn leis na teorainneacha a shocraíonn an ICNIRP.

Tarlaíonn sé sin go huile is go hiomlán neamhspleách ar ESB Networks.  Dearbhaímid go simplí go gcloíonn ár méadair chliste uile leis na teorainneacha nochta sin (déanta na fírinne, tá siad comhlíontach le bearna cuíosach mór).

D’fhoilsigh an ICNIRP na teorainneacha cuí nochta in 1998.  Foilsíodh iad in iris eolaíochta ar a dtugtar Health Physics, ach tá siad le fáil ar shuíomh idirlín an ICNIRP chomh maith.

TEORAINNEACHA ICNIRP UM NOCHTADH A THEORANNU DO RÉIMSÍ ÉAGSÚLA AM-ATHRAITHEACHA LEICTREACHA, MAIGHNÉADACHA AGUS LEICTREAMAIGHNÉADACHA (SUAS LE 300 GHZ) FOILSITHE IN: HEALTH PHYSICS 74 (4):494-522; 1998

Foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an Moladh AE inar glacadh leis na teorainneacha nochta sin.
MOLADH 1999/519/CE ón gComhairle an 12 Iúil 1999 maidir leis an teorannú ar nochtadh an phobail i gcoitinne do réimsí leictreamaighnéadacha (0 Hz go 300 GHz)

Is í an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil an Roinn atá freagrach as na teorainneacha seo a fheidhmiú in Éirinn.  Féach a ráiteas ar a suíomh Idirlín.

Tá dhá chuid i gceist leis na teorainneacha nochta.
 Ar an gcéad dul síos tá an “srian bunúsach” ann.  Is é sin an teorainn ar chainníocht na hábharthachta dírí bitheolaíochta, an chumhacht a thaisceann na radaimhinicíochtaí san fhíochán, ar a dtugtar an Sainráta Ionsúcháin (SAR).  Tomhaistear é sin de réir an vata sa chileagram (W/kg).  An teorainn ná:
•0.08 W/kg don mheán thar an gcorp ar fad
•2 W/kg don nochtadh áitiúil do gach 10g d’fhíochán sa chloigeann agus sa chabhail
•4 W/kg don nochtadh áitiúil do gach 10g d’fhíochán sna géaga
Déantar gach ceann díobh sin a mheánú thar 6 nóiméad.

Ar an dara dul síos, tá an “leibhéal tagartha” ann.  Tomhaistear é sin i vatanna de réir an mhéadair cheanógaigh (W/m2) agus tugann sé an chumhacht sa tonn radaimhinicíochta a theastódh d’fhonn an Sainráta Ionsúcháin a shonraítear sa srian bunúsach a tháirgeadh.  Mar sin, más eol duit go bhfuil an chumhacht sa tarchur radaimhinicíochta faoin leibhéal tagartha, beidh a fhios agat chomh maith go bhfuil tú faoin srian bunúsach.  Athraíonn an leibhéal tagartha de réir na minicíochta, ach don dá radaimhinicíocht is coitianta, is éard atá ann ná:
•4.5 W/m2 ag 900 MHz
•9 W/m2 ag 1800 MHz
(Féadtar na leibhéil thagartha a chur in iúl mar réimse leictreach in V/m, ach ar mhaithe le simplíocht, fanfaimid le W/m2 anseo.)

Is é tábhacht an leibhéil tagartha ná gur minic a bhíonn sé i bhfad níos éasca é a thomhais ná an srian bunúsach, mar sin is minic a dhéanaimid an chomhlíontacht a mheas tríd thagairt don leibhéal tagartha.  Má bhímid an-ghar d’fhoinse nochta, ní bhíonn an dlús cumhachta (mar a thugtar sa leibhéal tagartha) an-chabhrach, mar sin is dócha go mbeadh orainn an SAR agus an srian bunúsach a úsáid.  Ach nuair a bhímid achar réasúnta ar shiúl ón bhfoinse, is gnách go n-úsáidfimis an leibhéal tagartha chun an chomhlíontacht a mheas.

Tá sé tábhachtach a thabhairt do d’aire go socraítear na teorainneacha nochta seo d’fhonn lamháil sábháilteachta mhór a chur san áireamh.  Agus is iad sin na teorainneacha don mhórphobal.  Tá teorainneacha níos airde i gceist d’oibrithe - tá na teorainneacha níos ísle don phobal, go pointe áirithe chun go gcuirfí san áireamh an éagsúlacht níos mó ó thaobh stádas sláinte i measc an mhórphobail.

Tá méadair chliste ESB Networks go hiomlán comhlíontach leis na teorainneacha idirnáisiúnta nochta.

Fiú sa chás ba mheasa, dá mbeadh do chloigeann an-ghar don mhéadar agus é ag tarchur, bheadh an méadar cliste fós ag comhlíonadh na dteorainneacha nochta.  Ní dócha go dtarlódh an cás sin, ar ndóigh, ach go teoiriciúil d’fhéadfadh sé tarlú.  Bheadh sé go díreach ar nós fón póca a choinneáil taobh le do chloigeann.  Bhraithfeadh an nochtadh cruinn ar an láthair chruinn agus ar threoshuíomh an chloiginn ó thaobh an mhéadair chliste de, agus ní féidir é a mheas ach amháin le múnlú uimhriúil an-mhionsonraithe, nó le tástálacha saotharlainne.  Ach tá an múnlú sin déanta le haghaidh fóin phóca.  An teorainn chuí ná an teorainn do nochtadh áitiúil sa chloigeann agus sa chabhail, rud a bhfuil Sainráta Ionsúcháin (SAR) de 2 W/kg ag baint leis.  Is gnách go dtáirgeann fóin phóca Sainrátaí Ionsúcháin uasta de thuairim agus 0.5 – 1.5 W/kg, ag brath ar an múnla atá i gceist.  Cloíonn gach fón póca leis na teorainneacha, agus mar sin beidh na méadair chliste comhlíontach chomh maith, fiú sa chás neamhdhóchúil sin ina gcuirfeá do chloigeann go díreach i gcoinne an mhéadair.

Sa chleachtas, tá lamháil i bhfad níos mó i gceist le comhlíontacht méadar cliste: ar dhá chúis: is gnách go mbíonn siad níos faide ar shiúl, é sin agus ní bhíonn an nochtadh leanúnach, ach i sealanna gairide nuair a bhíonn sonraí á dtarchur.

Laghdaíonn an nochtadh ó mhéadar cliste go mór de réir mar a bhogann tú ar shiúl uaidh.  Má thógaimid 1 mhéadar mar ghnáthachar ó mhéadar cliste, laghdaíonn sé sin an nochtadh de fachtóir de bhreis agus 20.  Agus nuair a chuirimid sa mheá go ndéantar meánú le himeacht ama agus nach ndéanann méadair chliste tarchur ach ar feadh tréimhsí gairide amháin, laghdaíonn sé sin an nochtadh de fachtóir de 100 nó níos mó.

Ar an iomlán mar sin, is gnách go gcomhlíonfaidh na méadair chliste na teorainneacha nochta de bhun fachtóir de 1000 nó níos mó.  Nuair a chuirtear é sin san áireamh leis an lamháil sábháilteachta atá san áireamh cheana féin sna teorainneacha nochta, is féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil siad slán sábháilte.

Is ón gcomhlacht neamhspleách ICNIRP a thagann na teorainneacha reatha nochta agus tá an ICNIRP i mbun comhairliúcháin le tamall faoi athbhreithniú a dhéanamh ar a gcuid teorainneacha nochta.  Is é an gealltanas a thugaimid ag ESB Networks ná go gcloífimid le cibé teorainneacha reatha nochta atá ann, mar sin má athraíonn na teorainneacha nochta, chinnteoimis go gcloífeadh na méadair chliste leis na teorainneacha nua.  Mar a tharlaíonn sé, tugtar le fios sa dréacht-chomhairliúchán is deireanaí ar na teorainneacha nua ón ICNIRP nach dtiocfaidh athrú suntasach ar na teorainneacha, ach tá an prionsabal fós ann go gcloífimid le cibé teorainneacha nua a bheadh ann. 

I bhfianaise go gcloíonn méadair chliste leis na teorainneacha reatha nochta le lamháil mhór, táimid muiníneach go leanfaidh siad de bheith comhlíontach le cibé teorainneacha nua gan iad a athsholáthair ná a athrú.

Tá grúpaí ann a dhéanann stocaireacht le haghaidh teorainneacha i bhfad níos ísle.  Dá dtarlódh sé, bheidh deacrachtaí ann go príomha i gcás fóin phóca, Wi-Fi, srl.   Ar an gcaoi chéanna tá eolaithe ann a dhiúltaíonn lom láithreach go bhféadfadh aon rioscaí a bheith i gceist le radaimhinicíochtaí.  Ach tá an uile dhuine i dteideal a dtuairim féin a bheith acu.  Ach an rud atá ábhartha seo ná tuairimí measta saineolaithe údarásacha, amhail an Coimisiún Idirnáisiúnta ar Chosaint Radaíochta Neamh-Ianúcháin (ICNIRP), seachas tuairimí daoine aonair.