Do Sholáthar Gnó (Uasacmhainn Iompórtála/MIC) a Mhéadú nó a Laghdú
Tugtar an Uasacmhainn Iompórtála (MIC)ar neart an naisc leictreachais atá ag do ghnó.
Más rud é gur chuir tú isteach trealamh leictreachais le déanaí a bhfuil cumhacht bhreise ag teastáil uaidh, b’fhéidir nach leor d’uasacmhainn impórtála a thuilleadh le freastal ar do riachtanais, agus gur gá d’uasacmhainn iompórtála a mhéadú. Ina theannta sin, má bhain tú roinnt trealaimh leictreachais de d’áitreabh tráchtála, caithfear athbhreithniú a dhéanamh ar leibhéal d’uasacmhainne iompórtála. Is féidir iarratas a dhéanamh ar uasacmhainn iompórtála nua ina leithéid de chásanna.
Tabhair do d'aire: I ngach cás téigh i gcomhairle le do leictreoir/shainchomhairleoir maidir leis an uasacmhainn iompórtála a bheadh oiriúnach do d’áitreabh tráchtála, de bharr nach soláthraíonn ESB Networks an tseirbhís sin.
Féach na Táillí ar Úsáid Dháilte an Chórais. Rialacha i gcomhair Fheidhmiú an Ghrúpa Taraife DUoS (PDF | 269 KB) a bhaineann le d’uasacmhainn iompórtála MIC.
Tabhair do d'aire: Mura bhfuil an méid leictreachais a úsáideann tú méadaithe go suntasach agat ach tá iomlaoid voltais ag cur as duit, d’fhéadfadh sé go bhfuil fadhb voltais i d’áitreabh nó ar ár líonra. Faigh tuilleadh eolais faoi fhadhbanna voltais anseo.
Conas d’Uasacmhainn Iompórtála (MIC) a mhéadú
Céim 3 - Seiceáil an gá do lasc-chlár a uasghrádú
Roimh duit do MIC a mhéadú, féadfaidh sé go mbeidh ort uasghrádú a fháil ar do phríomh-lasc-chlár le déileáil leis an ualach breise. Molaimid duit dul i gcomhairle le conraitheoir leictreachais cláraithe nó hinnealtóir leictreachais cláraithe le breathnú ar an gceist sin.
Féadfaidh sé go mbeidh claochlóir líonra níos mó de dhíth chomh maith, rud a gcaithfear foirgneamh fostáisiúin nua a thógáil lena haghaidh. Beidh ortsa an láthair a chur ar fáil don fhostáisiún nua sa chás sin.
Má bhíonn athruithe de dhíth, cuirfidh do chonraitheoir leictreachais deimhniú ETCI ar fáil duit tar éis dó/di an obair a chur i gcrích. Caithfidh ESB Networks fógra leictreonach a fháil faoin deimhniú ECTI ó chomhlacht rialála do chonraitheora chomh maith.
Faigh tuilleadh eolais faoin bpróiseas deimhnithe anseo.
Céim 3 - Seiceáil an gá do lasc-chlár a uasghrádú
Roimh duit do MIC a mhéadú, féadfaidh sé go mbeidh ort uasghrádú a fháil ar do phríomh-lasc-chlár le déileáil leis an ualach breise. Molaimid duit dul i gcomhairle le conraitheir leictreachais cláraithe nó hinnealtóir leictreachais cláraithe le breathnú ar an gceist sin.
Féadfaidh sé go mbeidh claochlóir líonra níos mó de dhíth chomh maith, rud a gcaithfear foirgneamh fostáisiúin nua a thógáil lena haghaidh. Beidh ortsa an láthair a chur ar fáil don fhostáisiún nua sa chás sin.
Má bhíonn athruithe de dhíth, cuirfidh do chonraitheoir leictreachais deimhniú ETCI ar fáil duit tar éis dó/di an obair a chur i gcrích. Caithfidh ESB Networks fógra leictreonach a fháil faoin deimhniú ETCI ó chomhlacht rialála do chonraitheora chomh maith.
Faigh tuilleadh eolais faoin bpróiseas deimhnithe anseo.
Comhaontú Nasctha
Ná déan dearmad an comhaontú nasctha a chur ar ais chugainn sa chlúdach litreach faoi stampa is seoladh de bharr nach rachaidh d’uasghrádú MIC i bhfeidhm go dtí go mbeidh sé againn.