Sreanga Lastuas

Leid Sábháilteachta: Bí ag faire amach agus ag breathnú suas i gcónaí agus tú ag obair gar do shreanga leictreachais lastuas

Réamhchúraimí a chaithfear a ghlacadh:

  • Ná téigh i mbun aon ghníomhaíocht tógála choíche laistigh de 10 méadar de shreang leictreachais lastuas
  • Ná déan ithir, brablach ná barrithir a dhumpáil choíche faoi sreang leictreachais lastuas. Dá ndéanfá é sin laghdófá an fad sábháilte idir an sreang agus an talamh
  • Fan glan amach ó sreanga atá tite nó crochta go íseal toisc gur féidir leo a bheith an-chontúirteach. Glaoigh ar ár nUimhir Éigeandála 1850 372 999+353 21 2382410 2382410 agus réiteoimid an fhadhb.
  • Má tá sé ar intinn agat dul ag obair gar do shreanga leictreachais lastuas, déan teagmháil linn sula dtosaíonn tú chun gur féidir na réamhchúraimí sábháilteachta atá riachtanach a chur i bhfeidhm chun gortú a sheachaint. Ní bheidh sé indéanta i gcónaí sreang leictreachais lastuas a lascadh as chun go bhféadfar obair a dhéanamh thíos fúithi. Déan teagmháil linn ag1850 372 757+353 21 2386555 chun na rudaí atá riachtanach duit a phlé linn.

Cód Cleachtais

Tá eolas níos mionsonraithe faoi bheith ag obair in aice le sreanga leictreachais lastuas le fáil sa Cód Cleachtais maidir le Baol ó Línte Leictreachais Lastuas a Sheachaint (PDF | 607 KB)

Íoslódáil Cód Cleachtais (PDF | 607 KB)