Tá na méadair chliste ar an gcéad ghlúin eile de mhéadair leictreachais agus cuirfear in ionad na seanmhéadar meicniúil iad. Beidh mórán buntáistí ag baint le méadair chliste don tomhaltóir, don chomhshaol agus don gheilleagar.
Le méadair chliste, ní bheidh orainn billí measta a chur chugat a thuilleadh. Beidh tú in ann rochtain ar an eolas atá uait le roghanna níos feasaí a dhéanamh faoi d’ídiú agus do tharaifí leictreachais. Cuirfidh eolas cruinn faoi d’úsáid fuinnimh i rith an lae ar do chumas do bhillí a bhainistiú ar bhealach níos beaichte.
Beidh buntáistí ann don chomhshaol chomh maith toisc go spreagfaidh an méadrú cliste dúinn a bheith níos tíosaí ar fhuinneamh agus tacóidh sé le méadú ar an méid cumhachta in-athnuaite a bheidh ar an gcóras leictreachais. Cabhróidh an clár uasghrádaithe linn astaíochtaí CO2 a laghdú, chomh maith le gearradh siar ar iompórtálacha costasacha breoslaí iontaise.
Beidh buntáiste ann don gheilleagar toisc go bhfuil na méadair chliste ina gcabhair dúinn agus muid ag iarraidh bainistiú níos éifeachtúla a dhéanamh ar an sreabhadh fuinnimh ag buaicthréimhsí éilimh. Feabhsóidh siad iomaíocht, an tseirbhís a chuirtear ar fáil don tomhaltóir, roghanna an chustaiméara agus an raon táirgí agus seirbhísí a bheidh á gcur fáil.