Foráiltear san Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 go bhfuil sé de cheart ag gach duine:
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go mb’fhéidir nár ghá iarratas a dhéanamh ar fhaisnéis faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Cuirtear cuid mhaith faisnéise ar fáil don phobal cheana féin ar láithreáin ghréasáin, i mbileoga eolais agus i bhfoilseacháin, agus mar fhreagra ar fhiosrúcháin ó bhéal agus i scríbhinn.
Tá tuilleadh eolais le fáil ar láithreán gréasáin an Lár-Aonaid Beartais um Shaoráil Faisnéise sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
Má bhíonn tuilleadh ceisteanna agat maidir leis an tSaoráil Faisnéise agus an chaoi a mbaineann sí le ESB Networks CGA, seol r-phost chuig foi@esbnetworks.ie nó scríobh chuig:
ESB Networks DAC
An Oifig um Shaoráil Faisnéise
4th Floor, 3 Gateway, East Wall Road,
Baile Átha Cliath 3 , D03 R583,
Éire
1. Seol iarratas isteach ar cheann de na bealaí seo a leanas:
Ba ceart na nithe seo a leanas a bheith san áireamh i d'iarratas um shaoráil faisnéise:
Tabhair faoi ndeara go mbeidh cruthúnas céannachta ag teastáil i gcás iarratais um shaoráil faisnéise a bhaineann le faisnéis phearsanta.
2. Gheobhaidh tú admháil
Cuirfimid litir admhála chugat laistigh de 10 lá oibre (gan laethanta saoire poiblí a chur san áireamh) i ndiaidh d'iarratas a fháil. Míneofar go soiléir sa litir na chéad chéimeanna eile den phróiseas.
3. Eiseofar cinneadh
Is iondúil go n-eisítear cinneadh laistigh de 20 lá oibre i ndiaidh an iarratais a fháil. Má bhíonn síneadh riachtanach leis an iarratas a chríochnú, déanfaimid teagmháil leat agus míneoimid an scéal.
Téigh i dteagmháil lenár nAonad um Shaoráil Faisnéise má theastaíonn aon chúnamh uait le iarratas a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn tríd an bpost nó tríd an ríomhphost.
Post
An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise, ESB Networks CGA,
An Oifig um Shaoráil Faisnéise, 5ú hUrlár,
Teach Chlann Liam,
Plás Chlann Liam,
Baile Átha Cliath 2
Éire.
R-phost
Íoslódáil an Fhoirm Iarratais um Shaoráil Faisnéise
An Fhoirm Iarratais um Shaoráil Faisnéise
(PDF | 484 KB)
Tá feidhm ag an Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 ar ESB Networks CGA ina cháil mar Oibreoir Ceadúnaithe an Chórais Dáileacháin (DSO) (PDF | 1 MB).
Ón 14 Deireadh Fómhair 2015, is féidir leis an bpobal rochtain a lorg: 1) ar thaifid a bhaineann le feidhmeanna ESB Networks CGA faoina Cheadúnas mar Oibreoir an Chórais Dáileacháin a cruthaíodh ar an 21 Aibreán 2008 nó ina dhiaidh sin, agus 2) ar fhaisnéis phearsanta gan aon srianta ó thaobh dáta de.
D'fhonn ligean do ESB Networks CGA a ghnó a sheoladh go cuí, is minic a chaithfear cineálacha áirithe faisnéise a dhíolmhú óna scaoileadh faoi imthosca sonracha atá leagtha amach san Acht um Shaoráil Faisnéise.
I measc na ndíolúintí sin tá taifid a bhaineann le faisnéis atá faoi rún nó atá íogair ó thaobh na tráchtála de, agus faisnéis phearsanta a bhaineann le daoine eile. Má bhíonn gá le haon díolmhú, míneoimid na cúiseanna duit.
Is féidir diúltú d'iarratas ar chúiseanna eile chomh maith, mar shampla, má bhíonn sé doiléir. I gcásanna den sórt sin, déanfaimid gach iarracht cabhrú leat na fadhbanna a bhaineann le d'iarratas a réiteach seachas diúltú dó scun scan.
Bíodh a fhios agat nach bhfuil ESB san áireamh mar chomhlacht forordaithe saorála faisnéise faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014. Dá réir sin, ní féidir leis an Oifig um Shaoráil Faisnéise in ESB Networks CGA iarratais um shaoráil faisnéise a bhaineann le Bord Soláthair an Leictreachais (nó ESB mar is fearr aithne air) a phróiseáil.
An Ceadúnas mar Oibreoir an Chórais Dáileacháin
(PDF | 1 MB)
Ní gá de ghnáth. Cuirimid faisnéis ar fáil don phobal go rialta trí láithreán gréasáin ESB Networks. Bealach eile í an tSaoráil Faisnéise le teacht ar thaifid a bhaineann le feidhmeanna ESB Networks CGA faoina Cheadúnas mar Oibreoir an Chórais Dáileacháin, ar taifid iad nach gcuirtear ar fáil sa ghnáthchúrsa.
Ní ghearrtar de ghnáth. Cuirimid faisnéis ar fáil don phobal go rialta trí láithreán gréasáin ESB Networks. Bealach eile í an tSaoráil Faisnéise le teacht ar thaifid a bhaineann le feidhmeanna ESB Networks CGA faoina Cheadúnas mar Oibreoir an Chórais Dáileacháin, ar taifid iad nach gcuirtear ar fáil sa ghnáthchúrsa. Le tuilleadh faisnéise a fháil faoin bhfaisnéis atá ar fáil, breathnaigh ar an Scéim Foilseachán atá againn.
Costas cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála | An Táille a Ghearrtar |
---|---|
Níos lú ná €101 | Saor in aisce |
€500 - €700 | €500 ar a mhéad |
Níos mó ná €700 | Is féidir le ESB Networks CGA diúltú an t-iarratas a phróiseáil |
Tábla 1 - Táillí as iarratais neamhphearsanta
Cuirfear sonraí faoi na táillí a ghearrfar ort as d'iarratas in iúl duit i scríbhinn agus tabharfar míniú orthu chomh maith.
Cén chaoi íocaíocht a dhéanamh
Le híocaíocht a dhéanamh, déan seic, dréacht bainc, nó ordú poist iníoctha le ESB Networks agus cuir chuig an seoladh seo é:
An Oifig um Shaoráil Faisnéise, ESB Networks CGA,
An 5ú hUrlár, Teach Chlann Liam,
Plás Chlann Liam,
Baile Átha Cliath 2, Éire
Liosta na dTáillí um Shaoráil Faisnéise:
Nótaí:
Is féidir leat achomharc a dhéanamh i gcoinne aon chinnidh ach scríobh chuig an Oifig um Shaoráil Faisnéise in ESB Networks CGA agus athbhreithniú inmheánach a iarraidh ar an scéal.
ESB Networks DAC
Freedom of Information Office,
4th Floor, 3 Gateway, East Wall Road,
Dublin 3, D03 R583, Ireland
D'fhéadfadh táille €30 (€10 i gcás sealbhóirí cárta leighis) a bheith i gceist le hachomharc den sórt sin a dhéanamh. Ní ghearrfar aon táille as iarratais ar athbhreithniú inmheánach a bhaineann le faisnéis phearsanta nó le cinneadh le táille nó éarlais a ghearradh.
Ba cheart duit an t-achomharc a dhéanamh laistigh de cheithre seachtaine ó dháta an fhreagra (cé go bhféadfadh sé go nglacfaí le hachomhairc dhéanacha i gcásanna áirithe). Déanfaidh ball níos sinsearaí d'fhoireann ESB Networks athbhreithniú ar an gceist as an nua agus cuirfear an cinneadh in iúl duit laistigh de thrí seachtaine.
Is ceadmhach duit achomharc a dhéanamh laistigh de shé mhí ach scríobh chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise. Má dhéanann tú achomharc, déanfaidh an Coimisinéir Faisnéise imscrúdú iomlán ar an ábhar agus eiseoidh cinneadh nua. Ba cheart gach achomharc a sheoladh chuig:
An Coimisinéir Faisnéise,
18 Sráid Líosain Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 HE97
Fón
Facs
R-phost
D'fhéadfadh táille €50 (€15 i gcás sealbhóirí cárta leighis) a bheith i gceist le hiarratas den sórt sin a dhéanamh. Arís, ní bheidh aon táille i gceist i gcás achomharc chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise a bhaineann le faisnéis phearsanta nó le cinneadh chun táille nó éarlais a ghearradh.