Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Bí sábháilte 

Ceisteanna coitianta

Céard ba cheart dom a dhéanamh má imíonn an chumhacht le linn stoirme?

Uaireanta déanann stoirmeacha damáiste do líonraí dáileacháin leictreachais. Nuair a bhíonn gaoth ard ann agus nuair a thiteann crainn, is minic a dhéantar damáiste do shreanga cumhachta lastuas, rud a d'fhéadfadh cur isteach ar an soláthar leictreachais i gceantair mhóra. Is féidir le farasbarr uisce dromchla duchtanna cáblaí leictreachais faoin talamh a bhá agus damáiste a dhéanamh, leis. Is féidir le tintreach damáiste a dhéanamh do línte cumhachta, do chuaillí leictreachais agus do threalamh chomh maith, agus uaireanta téann cuaille trí thine dá barr. In amanna tógann sé roinnt ama an chuid den líonra a ndearnadh damáiste di a aimsiú agus na deisiúcháin a dhéanamh. Bíonn sé iontach tábhachtach fanacht glan ar shreanga leictreachais ag na hamanna sin. 


Ná leag lámh riamh ar shreanga atá tar éis titim. Tuairiscigh iad ar 1800 372 999

Níl an leictreachas ag feidhmiú sa cheantar a bhfuil mé ann. Cé ba chóir dom dul i dteagmháil leis le fáil amach cén uair a bheidh sé ar ais ag feidhmiú?

Faisnéis fíor-ama ar ghearrthacha:


PowerCheck ESB Networks


Ar líne:


Déan é a thuairisciú ar líne


Cuir glao ar:


1800 372 999 nó +353 21 2382410
Níor tháinig an soláthar leictreachais ar ais tráth a raibh súil leis. Cé ba chóir dom dul i dteagmháil leis le fáil amach cén uair a bheidh sé ar ais ag feidhmiú?

Faisnéis fíor-ama ar ghearrthacha:


PowerCheck ESB Networks

Cuir glao ar: 


1800 372 999 nó +353 21 2382410
An é nach mbíonn gearrthacha beartaithe leictreachais ann ach ar laethanta oibre amháin?
Ní hé. D'fhéadfadh gearrthacha beartaithe a bheith ann lá ar bith den tseachtain.

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí