Buntáistí leis an gCuntas ar Líne agus clárúchán

An chumhacht á cur i do lámha
Táimidne in ESB Networks ag feabhsú na seirbhísí ar líne a chuirimid ar fáil dár gcuid custaiméirí go leanúnach. Cuireann cuntas ar líne ESB Networks an chumhacht i do lámha le cabhrú leat an méid leictreachais a úsáideann tú a choinneáil faoi smacht.
Le cuntas ar líne ESB Networks, beidh fáil agat ar réimse seirbhísí a chuirfidh thusa sa diallait.
Cláraigh anoisBuntáistí ár seirbhísí cuntais ar líne:
- Is féidir le custaiméirí a bhfuil méadar cliste acu rochtain a fháil ar a gcuid sonraí leictreachais agus iad a íoslódáil, rud a chuireann ar a gcumas smacht a choinneáil ar an méid fuinnimh a úsáideann siad.
- Is féidir iarratas a dhéanamh in aon áit amháin chun nasc leictreachais nua a fháil le haghaidh do thí, d’fheirme nó do ghnó.
- Faigh amach cén chaoi ar féidir leat luach saothair a fháil as smacht a choinneáil ar an méid leictreachais a úsáideann tú tríd an gclár ‘An Am Maith É Seo?’.
- Is féidir d’Uimhir Thagartha Mhéadarphointe (MPRN) a fháil go tapa éasca trí do chuntas ar líne.
- Is féidir breathnú ar líne ó áit ar bith ar stádas is déanaí d’áite cónaithe ó thaobh gearradh cumhachta de chomh maith.
- Mura bhfuil méadar cliste agat, is féidir leat do léamh méadair a chur isteach tríd an gcuntas ar líne.

Cruthaigh Mo Chuntas
Le clárú le ESB Networks, beidh na nithe seo a leanas ag teastáil uait:
- D’uimhir MPRN - gheobhaidh tú do MPRN a fháil ar do bhille leictreachais. Le heolas breise a fháil, cliceáil anseo. Mura bhfuil do MPRN ar eolas agat, is féidir leas a bhaint as an tseirbhís Faigh mo MPRN ar Mo Chuntas.
- Uimhir fóin póca - iarrfaimid ort próiseas fíordheimhnithe déshraithe a chur i gcrích le do chuid sonraí a chosaint.
- Is tábhachtach go dtabharfaidh tú an t-ainm, uimhir fóin póca agus seoladh ríomhphoist céanna dúinne agus a thug tú don soláthraí leictreachais.