Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Cúrsaí sábháilteachta in ESB Networks

Teen girl looking puzzled with a drone in her hands, standing in a field with electric poles around here.

Ár bpríomhthosaíocht

Is é bonneagar slán sábháilte leictreachais a chur ar fáil an phríomhthosaíocht ag ESB Networks i gcónaí. Tá an leictreachas chomh lárnach sa saol laethúil gur minic nach dtugaimid aird chuí air. Is fuinneamh cumhachtach é a bhfuil an-chuid úsáidí aige, ach is féidir leis a bheith contúirteach mura bpléitear leis go freagrach.

Níl rud ar bith níos tábhachtaí dúinn ná sláinte agus sábháilteacht ár mball foirne, ár gconraitheoirí, ár gcustaiméirí agus na bpobal a bhfreastalaímid orthu. Leis an ngealltanas atá tugtha againn, cinntítear go gcuirimid seirbhísí riachtanacha ar fáil do gach pobal ar bhealach slán agus iontaofa.

Má thagann tú ar shreanga leagtha nó má thugann tú aon rud neamhghnách faoi deara maidir le haon trealamh de chuid ESB Networks, cuir glao ar uimhir éigeandála 24 uair an chloig ESB Networks ar

1800 372 999

Ceisteanna coitianta

Céard ba cheart dom a dhéanamh má imíonn an chumhacht le linn stoirme?
Níl an leictreachas ag feidhmiú sa cheantar a bhfuil mé ann. Cé ba chóir dom dul i dteagmháil leis le fáil amach cén uair a bheidh sé ar ais ag feidhmiú?

Faisnéis fíor-ama ar ghearrthacha:

PowerCheck ESB Networks

Cuir glao ar:

1800 372 999 nó +353 21 2382410

Níor tháinig an soláthar leictreachais ar ais tráth a raibh súil leis. Cé ba chóir dom dul i dteagmháil leis le fáil amach cén uair a bheidh sé ar ais ag feidhmiú?

Faisnéis fíor-ama ar ghearrthacha:

PowerCheck ESB Networks

Cuir glao ar: 

1800 372 999 nó +353 21 2382410

An é nach mbíonn gearrthacha beartaithe leictreachais ann ach ar laethanta oibre amháin?
Ní hé. D'fhéadfadh gearrthacha beartaithe a bheith ann lá ar bith den tseachtain.

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí