An cód dáileacháin
Cód dáileacháin ESB Networks
Is éard atá i gceist againn nuair a dhéanaimid tagairt don chóras dáileacháin ná an córas dáileacháin leictreachais i bPoblacht na hÉireann. Is é Oibreoir an Chórais Dáileacháin (DSO) an t-údarás ainmnithe atá freagrach as dáileachán a oibriú agus bhronn an Coimisiún um Rialáil Fóntas Uisce agus Fuinnimh (CRU) an Coimisiún um Rialáil Fóntas Uisce agus Fuinnimh (CRU) Ceadúnas d’oibritheoir córais dáileacháin (PDF | 1MB) orainn.
An cód dáileacháin
Tá sainmhíniú tugtha sa Chód Dáileacháin, Leagan 8.0 (PDF | 2.0 MB) ar na gnéithe teicniúla den chaidreamh oibre idir DSO agus na húsáideoirí eile ar fad a bhaineann úsáid as an gcóras dáileacháin. Tá sé mar aidhm aige córas éifeachtúil, comhordaithe agus tíosach a bhaint amach i gcomhair dáileadh leictreachais.
Is é an CER (ar a dtugtar an Coimisiún um Rialáil Fóntas (CRU) anois) a cheadaigh i dtosach an Cód Dáileacháin i mí an Mhárta 2000. Ní mór don Choimisiún aon mhionathrú nó nuashonrú ar an gcód seo a cheadú. Tá tuilleadh sonraí le fáil in Bunreacht an Chóid Dáileacháin (PDF | 323 KB).

An Painéal um athbhreithniú ar an gcód dáileacháin
Tá ESB Networks freagrach as an bPainéal um Athbhreithniú ar an gCód Dáileacháin a bhunú agus a chothabháil, mar chuid de Cheadúnas an DSO.
Is buanchomhlacht é an Painéal a bhunaítear chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gCód Dáileacháin agus leasuithe a mholadh don CRU.
Má tá ceist agat faoin gCód Dáileacháin nó faoin bPainéal, cuir ríomhphost chuig: DistCodePanel@esb.ie