Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Príobháideachas sonraí

Maidir le ESB Networks CGA

Fochuideachta faoi lánúinéireacht ESB is ea ESB Networks CGA (ESBN), atá ceadúnaithe chun an córas dáileacháin leictreachais a oibriú i bPoblacht na hÉireann. Déanaimid freastal ar gach uile chustaiméir leictreachais agus ar gach uile rannpháirtí sa mhargadh leictreachais ó cheann ceann na tíre agus táimid freagrach as an líonra leictreachais a thógáil, a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt. Déanaimid bainistiú ar oibríochtaí méadair leictreachais agus sonraí méadair ó cheann ceann na tíre, agus déanaimid comhordú agus tacaímid le hoibriú na margaí iomaíocha miondíola agus mórdhíola leictreachais.

A woman seated at a table, holding a phone with a laptop beside her

Tá Meas againn ar do Phríobháideachas

Baineann an fógra príobháideachais seo le húsáid sonraí pearsanta ag ESBN. Tugtar míniú ann ar an bhfaisnéis a bhailímid, cén chaoi a n-úsáidimid í, cé leis a mbailímid í agus cén chaoi a gcosnaímid í. Tugtar sonraí ann chomh maith ar na cearta atá ar fáil duit maidir leis an gcaoi a gcoinnímid agus a n-úsáidimid do shonraí pearsanta, cén chaoi leis na cearta sin a fheidhmiú, agus céard atá le déanamh má theastaíonn tuilleadh eolais uait nó má tá gearán le déanamh.

Baineann an fógra príobháideachais seo leis an uile shonra pearsanta a choinnímid, is cuma an caidreamh linn. Mar shampla, féadfaidh sé go gcoinnímid faisnéis faoi chustaiméirí reatha, iar-chustaiméirí, custaiméirí ionchasacha, custaiméirí amach anseo, agus daoine den phobal.

Foirm Iarratais de bhun an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS)
Iarr cóip de do chuid sonraí pearsanta nó déan cearta cosanta sonraí eile a fheidhmiú

Tuilleadh eolais

Ceisteanna coitianta

Cén fáth a mbailímid do Shonraí Pearsanta

Bailímid do shonraí pearsanta ionas gur féidir linn ár gcaidreamh leat a bhainistiú. Tá na gníomhaíochtaí seo a leanas san áireamh a dteastaímid sonraí pearsanta ina dtaobh:

 

  • Bainistiú ar chomhaontú ceangail leictreachais
  • Bainistiú ar oibriú sábháilte, slán agus iontaofa an chórais dáileacháin leictreachais
  • Tógáil, forbairt agus bainistiú an líonra leictreachais in Éirinn
  • Éascú ar oibriú iontaofa na margaí miondíola agus mórdhíola leictreachais
  • Cloí leis na dualgais cheadúnaithe agus rialála a rialaíonn oibríochtaí an mhargaidh leictreachais

 

Cinntímid go bhfuil an fhaisnéis a bhailímid cuí chun na críocha a bhfaightear í.

Slándáil do Shonraí Pearsanta
Coinnímid ár gcórais, comhaid agus foirgnimh slán ach riachtanais dhlíthiúla agus treoir idirnáisiúnta slándála a chomhlíonadh. Cinntímid go dtugtar oiliúint ar an gcaoi le sonraí pearsanta a chosaint dár bhfoireann, agus d'aon duine a bhfuil teacht acu ar shonraí pearsanta a bhfuilimid freagrach astu. Cinntímid go n-aithníonn ár bpróisis go soiléir na riachtanais d’fhonn sonraí pearsanta a bhainistiú agus go bhfuil siad suas chun dáta. Déanaimid iniúchadh rialta ar ár gcórais agus próisis le cinntiú go leanaimid de bheith comhlíontach ó thaobh ár bpolasaithe agus ár ndualgas dlíthiúil.
Na cineálacha Sonraí Pearsanta a fhéadfaidh sé iad a bheith á gcoinneáil againn agus cén áit as a dtagann siad

Aithnímid in ESBN an tábhacht a bhaineann leis na Sonraí Pearsanta a gcuirtear faoinár gcúram. Féadfaidh sé go mbaileoimid agus go gcoinneoimid réimse faisnéise fút. Seo a leanas roinnt samplaí de na cineálacha faisnéise a d’fhéadfadh a bheith againn:

 

  • Faisnéis fút agus faoi d'áitreabh; féadfar a áireamh sa mhéid sin faisnéis teagmhála agus faisnéis slándála phearsanta atá curtha ar fáil agat dúinn chun cabhrú linn tú a aithint go cruinn nuair a dhéanann tú teagmháil linn
  • Eolas fút, an áit a bhfuil bonneagar leictreachais agat ar do thalamh nó gar dó
  • Faisnéis faoin bhfuinneamh atá á úsáid faoi láthair agus a úsáideadh san am atá thart (a iompórtáladh ón eangach) agus a gineadh (a easpórtáladh chuig an eangach) ag d’áitreabh ar eatraimh laethúla agus 30 nóiméad, agus ar eatraimh laethúla agus míosúla.
  • Sonraí faoi chomhaontuithe ceangail reatha agus roimhe seo, agus faoi na páirtithe ar bhain siad leo ag d'áitreabh
  • Faisnéis faoin obair a cuireadh i gcrích ag d'áitreabh roimhe seo, nó atá beartaithe amach anseo.
  • Faisnéis faoi do chuid idirghníomhaíochtaí linn, lena n-áirítear aon uair a thuairiscigh tú fabht nó éigeandáil
  • Faisnéis faoi aon riachtanais speisialta atá nochta agat sa chás go bhfuil ríthábhacht ag baint le leanúnachas an tsoláthair leictreachais
  • Taifeadtaí ar chomhráite gutháin leat
  • Faisnéis a sholáthraíonn tú nuair a ghlacann tú páirt i suirbhéanna custaiméirí nó i dtaighde margaidh
  • Íomhánna nó taifeadtaí CCTV nó ‘dashcam’ a gabhadh chun críocha slándála agus sábháilteachta
  • Aon sonraí pearsanta eile a bhaineann leat a sholáthraíonn tú dúinn nó a ghinimid i dtaca lenár gcaidreamh leat, lena n-áirítear taifid ar aon toiliú a thug tú agus sonraí faoin úsáid a bhain tú as suíomh(anna) gréasáin ESB Networks
  • Nuair a úsáideann tú ár suíomh gréasáin, bailíonn ár bhfianáin faisnéis faoi na leathanaigh a fhéachann tú orthu ar ár suíomh gréasáin agus conas a úsáideann tú iad, chomh maith le faisnéis faoin gcineál gléis, córais oibriúcháin agus brabhsálaí a úsáideann tú.  (Féach “Úsáid Fianán” thíos) Bailímid formhór na faisnéise seo go díreach ónár n-idirghníomhaíocht leat, nuair a dhéanann tú teagmháil linn i scríbhinn, ar an nguthán nó go leictreonach (tríd an ríomhphost, ar ár suíomh gréasáin, nó ar na meáin shóisialta). Is mar gheall ar ár seirbhísí a bheith á n-úsáid agat a bhailítear cuid den fhaisnéis. Féadfaimid faisnéis a bhailiú fút ó thríú páirtithe, amhail soláthraithe leictreachais, soláthraithe seirbhíse solúbthachta agus comhpháirtithe atá faoi chonradh mar chuid de ghnáthoibríochtaí an mhargaidh leictreachais.
Úsáid Fianán

Baineann ár suíomh gréasáin úsáid as ‘fianáin’ chun cabhrú linn eispéireas níos fearr a chur ar fáil d'úsáideoirí gach uair a thugann siad cuairt air. Is éard is fianán ann ná píosa beag téacs a chuirtear go díreach ar ghléas nuair a úsáidtear an gléas sin chun cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin. Cabhraíonn sé seo linn eispéireas níos fearr a thabhairt don úsáideoir agus iad ag úsáid an tsuímh ghréasáin. Fanann an fhaisnéis a bhailíonn an fianán ar ghléas an úsáideora.

 

Bainimid úsáid as an bhfaisnéis a bhailítear ó fhianáin chun cabhrú le feabhas a chur ar eispéireas úsáideoirí ar ár suíomh gréasáin, chun críocha slándála, fógraíochta agus d’fhonn ábhar a phearsantú. Mar shampla, cabhraíonn fianáin linn a aithint go bhfuil cuairt tugtha roimhe seo ag gléas áirithe ar ár suíomh, rud a ligeann dúinn an t-eispéireas a chur in oiriúint bunaithe ar an stair brabhsála roimhe seo. Cabhraíonn sé linn chomh maith cinneadh a dhéanamh faoin gcineál faisnéise is cuí a léiriú don úsáideoir áirithe sin nuair a bhíonn siad i mbun brabhsála. Tá tuilleadh eolais le fáil inár bPolasaí Fianán thíos maidir leis na cineálacha fianán a úsáidimid agus an cuspóir atá leo.

 

Ní bhainimid úsáid as fianáin chun aon sonraí pearsanta a bhailiú le stóráil ar ár gcórais. Féadfaidh an t-úsáideoir an fianán agus an fhaisnéis a bhailítear leis a scriosadh ag am ar bith ach úsáid a bhaint as na socruithe ina mbrabhsálaí gréasáin.

An t-achar ama a choinnímid sonraí
Aon fhaisnéis a choinnímid, coinneofar é ar feadh an achair a theastaíonn sé chun an cuspóir atá lena bhailiú a chomhlíonadh agus chun ár ngnó agus ár gcearta a chosaint.  Iarrtar orainn cineálacha éagsúla faisnéise a choinneáil ar feadh tréimhse shonraithe ama chun go gcomhlíonfaí riachtanais dhlíthiúla.  Braithfidh an t-achar ama a choinnímid aon chuid de d'fhaisnéis phearsanta ar an gcineál faisnéise agus ar an gcríoch lena n-úsáidfear í.
An úsáid a d’fhéadfaimis a bhaint as Sonraí Pearsanta

Bainimid úsáid as faisnéis phearsanta ionas go bhféadfaimid, de réir ár gcomhaontuithe ceangail agus ár ndualgas ceadúnais, seirbhísí leictreachais a chur ar fáil duit. Féadfaidh sé go mbainfimid úsáid as sonraí pearsanta ar chuid de na bealaí seo a leanas:

 

  • Taifid a dheimhniú agus a choinneáil i dtaca le ceangail leis an líonra leictreachais
  • Monatóireacht a dhéanamh ar úsáid leictreachais
  • Oibríochtaí a dhéanamh agus na hoibreacha riachtanacha a dhéanamh ar do mhéadar leictreachais
  • Sonraisc a chruthú agus a sheoladh agus íocaíochtaí a bhailiú
  • Iarratais ar fhaisnéis nó fiosruithe ginearálta a phlé agus freagra a thabhairt orthu
  • Tacú le hoibriú an mhargaidh iomaíoch leictreachais in Éirinn
  • Scrúdú a dhéanamh ar phátrúin agus treochtaí úsáide leictreachais ar fud an líonra leictreachais chun bonn eolais a chur faoi chinntí infheistíochta agus oibríochta
  • Cur ar ár gcumas aon riachtanais dhlíthiúla nó rialála a chomhlíonadh
  • Ár gcearta nó cearta aon tríú páirtí a chosaint nó a fhorfheidhmiú
  • Éascaíocht a dhéanamh ar an sreabhadh faisnéise idir rannpháirtithe margaidh maidir le ceangail leictreachais
  • Calaois agus coiriúlacht eile a bhrath agus a chosc
  • Leasanna riachtanacha daoine aonair a chosaint
  • Freagra a thabhairt ar iarratais ó na cúirteanna agus ó údaráis forfheidhmithe
  • An tArd-Bhonneagar Méadar (AMI) a bhunú agus a choimisiúnú chun tacú le hoibriú Seirbhísí Cliste don Mhargadh Miondíola (taraifí ama úsáide ina measc)
An bunús dlí atá ann chun d'fhaisnéis phearsanta a bhailiú

Bailímid agus déanaimid próiseáil ar d'fhaisnéis phearsanta, de réir an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus an Achta um Chosaint Sonraí 2018, faoi na bunúis dlí seo a leanas:

 

 

  • Conradh a chomhlíonadh, mar shampla nuair a dhéanaimid bainistiú ar do nasc leictreachais;
  • Comhlíonadh oibleagáid dhlíthiúil, mar shampla nuair a cheanglaítear orainn do chuid sonraí leictreachais a bhainistiú nó faisnéis a sholáthar d'údaráis phoiblí;
  • Tasc poiblí a tarmligeadh chugainn a chomhlíonadh, mar shampla líonra an chórais dáilte leictreachais a bhainistiú agus riachtanais ár gceadúnais a chomhlíonadh;
  • Ar mhaithe lenár leasanna dlisteanacha, mar shampla nuair a dhéanaimid teagmháil leat chun páirt a ghlacadh i suirbhéanna nó i ngrúpaí fócais, nó chun cosaint ar éilimh dhlíthiúla a dhéanamh.
Gníomhaíochtaí a theastaíonn do thoiliú ina leith

Chun gur féidir linn gníomhaíochtaí áirithe a chur i gcrích agus úsáid á baint againn as do shonraí pearsanta, féadfaidh sé go mbeidh orainn do thoiliú a iarraidh. Nuair atá toiliú á iarraidh againn, cuirfimid roghanna ar fáil duit. Mar shampla, iarrfar ort an fearr leat bheith i dteagmháil linn ar an nguthán, tríd an bpost, tríd an ríomhphost, trí theachtaireacht téacs nó trí mheáin eile dhigiteacha.

Sa chás go dteastaíonn toiliú uainn, míneoimid an fáth agus cuirfimid eolas leordhóthanach ar fáil chun deis a thabhairt duit cinneadh a dhéanamh a bhfuil bonn eolais faoi.

Nuair a fhaighimid toiliú uait gníomhaíochtaí den chineál sin a chur i bhfeidhm, beidh sé de cheart agat an toiliú sin a tharraingt siar ag tráth ar bith ach teagmháil a dhéanamh linn.

Cé leis a roinnimid faisnéis

Féadfaimid do shonraí pearsanta a roinnt nó a nochtadh le tríú páirtithe sna catagóirí seo a leanas:

 

  • Rannpháirtithe sa mhargadh leictreachais: ós é gur muidne an tOibreoir Córais Dáileacháin agus an tOibreoir Córais Clárúcháin Méadair in Éirinn, iarrann an Coimisiún um Rialáil Fóntais in Éirinn (CRU) orainn faisnéis a chur ar fáil, a chomhordú nó a sholáthar do rannpháirtithe sa mhargadh leictreachais chun oibriú na Margaí Leictreachais Miondíola agus Mórdhíola a éascú. Is é an CRU a rialaíonn na riachtanais maidir le roinnt faisnéise sa phróiseas seo. Ní roinntear sonraí faoi ídiú fuinnimh ach amháin le comhpháirtithe sa mhargadh leictreachais más é gur iarr an custaiméir go ndéanfaí amhlaidh trína gcomhlacht soláthair leictreachais.
  • Ní roinnfear do shonraí le Tríú Páirtí ach amháin má iarrann tú orainn é sin a dhéanamh: le dlíodóirí nó le hionadaithe eile a fheidhmíonn ar do shon, nó le hinstitiúidí airgeadais chun críocha fíoraithe féiniúlachta digitigh.
  • Gníomhairí nó soláthraithe: is daoine nó cuideachtaí iad seo a bhfuil conarthaí againn leo chun táirgí nó seirbhísí a sholáthar a úsáidimid chun ár ngnó a stiúradh, lena n-áirítear bainistiú a dhéanamh ar ár gcaidreamh le custaiméirí. Féadfar a áireamh orthu seo: cuideachtaí a sheolann teachtaireachtaí dár gcustaiméirí, a dhéanann léamh méadair, seirbhísí suiteála agus cothabhála ár sócmhainní, agus cuideachtaí a dhéanann suirbhéanna maidir le sásamh agus taighde custaiméirí. 
  • Comhairleoirí gairmiúla: féadfaidh sé go roinnfimid nó go nochtfaimid sonraí pearsanta do chomhairleoirí gairmiúla a fhéadfaimid a fhostú chun aon chríocha réasúnacha i ndáil lenár ngnó, lena n-áirítear cúnamh lenár gcearta a chosaint.
  • Comhlachtaí seachtracha eile: i gcúinsí áirithe, d’fhéadfadh sé go gceanglófar orainn le dlí sonraí pearsanta a nochtadh chuig comhlachtaí seachtracha, amhail an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta (HSA), údaráis áitiúla, ranna rialtais, an Phríomh-Oifig Staidrimh, na Coimisinéirí Ioncaim, an Coimisiún um Rialáil Fóntais nó An Garda Síochána.

 

I bhformhór na gcásanna, bíonn ár soláthraithe agus ár bpáirtithe gnó lonnaithe taobh istigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), ach i gcásanna áirithe d’fhéadfadh siad a bheith lonnaithe taobh amuigh den LEE. Ní roinnfimid ná ní nochtfaimid do na páirtithe seo ach amháin an fhaisnéis a theastaíonn uathu chun na táirgí nó seirbhísí a sholáthar, agus iarrfaimid ar na páirtithe sin a chinntiú go ndéanfar an fhaisnéis a chosaint go leordhóthanach i gcónaí. Má aistrítear sonraí pearsanta amach ón LEE, cinntímid go ndéantar na haistrithe sin go léir de réir an dlí cosanta sonraí agus go mbainfidh do shonraí tairbhe as an leibhéal céanna cosanta a bheadh acu agus iad á mbainistiú in Éirinn.

Conas teagmháil a dhéanamh linn
Déanann Oifigeach Cosanta Sonraí Ghrúpa ESB maoirsiú ar bhailiú agus ar úsáid do shonraí ag ESBN. Más mian leat teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Cosanta Sonraí, is féidir ríomhphost a chur chuig  dpo@esb.ie nó teagmháil a dhéanamh tríd an bpost leis an Oifigeach Cosanta Sonraí, ESB, 27 Sráid Mhic Liam Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, D02 KT92.
An chaoi a dtugaimid aghaidh ar do chearta

Cé gur gá don ESB d'fhaisnéis phearsanta a ghabháil, a stóráil agus a phróiseáil d’fhonn réimse seirbhísí a chur ar fáil, tá réimse ceart agat lena ráthaítear go ndéanfar bainistiú cuí ar do chuid faisnéise. Tá mioneolas faoi do chearta, an uair atá feidhm leo agus ár bhfreagrachtaí i do leith ar fáil ar ár suíomh gréasáin.

 

Seo a leanas cuid de na cearta atá agat:

 

Rochtain a fháil ar d'fhaisnéis phearsanta agus cóipeanna den fhaisnéis sin: tá tú i dteideal cóip a fháil, ach iarratas a dhéanamh atá saor ó tháille, den fhaisnéis phearsanta a bhaineann leat atá á coinneáil againn. Tá roinnt teorainneacha ag baint leis an gceart seo. Mar shampla, má bhaineann na sonraí le duine eile agus mura bhfuil toiliú an duine sin againn, nó má tá na sonraí faoi réir pribhléide dlíthiúla. Sa chás go bhfuil sonraí ann nach bhféadfaimid a nochtadh, míneoimid é seo duit. Chun cóip de do shonraí a iarraidh, seol ríomhphost chuig dpo@esb.ie nó seol litir chuig an Oifigeach Cosanta Sonraí, ESB, 27 Sráid Fitzwilliam Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, D02 KT92.

 

Cinntiú go bhfuil do shonraí cruinn: an aidhm atá againn ná cinntiú go bhfuil na sonraí atá gcoinneáil againn fút cruinn agus suas chun dáta. Ó am go ham, féadfaidh sé go ndéanfaimid teagmháil leat chun an fhaisnéis atá á coinneáil againn a fhíorú. Féadann tú teagmháil a dhéanamh linn chomh maith chun aon earráidí a thugann tú faoi deara a cheartú.

 

Toiliú a Dheonú nó a Bhaint: sa chás go dteastaíonn do thoiliú le haghaidh aon phróiseála, mar shampla, chun cumarsáid margaíochta dírí a chur ar fáil duit, míneoimid go soiléir céard lena aghaidh atá an toiliú, agus aon iarmhairtí a bhaineann le toiliú a thabhairt nó a dhiúltú, agus déanfaimid foráil nach bhféadtar toiliú a thabhairt ach amháin má fhaightear gníomh dearfach uait. Cinnteoimid chomh maith go mbeidh tú in ann aon toiliú den chineál sin a tharraingt siar ag am ar bith.

 

Próiseáil ar d'fhaisnéis a shrianadh: tá an ceart agat iarraidh orainn próiseáil ar d'fhaisnéis phearsanta a shrianadh i gcúinsí áirithe, mar shampla, má tá díospóid ann maidir le cearta chun gníomhaíochtaí sonracha próiseála a chur i gcrích, nó sa chás nach mian leat go scriosaimid sonraí. Tabharfaimid freagra pras ar d'iarratas agus cuirfimid míniú ar fáil sa chás nach bhféadaimid comhlíonadh le d’iarratas ina iomláine.

 

Do shonraí a scriosadh: i gcúinsí áirithe, féadfaidh sé go bhfuil an ceart agat cuid de d'fhaisnéis phearsanta, nó an fhaisnéis uile, a scriosadh ónár dtaifid. Is minic a thugtar “an ceart go ligfí i ndearmad” air seo. Féadfaidh sé seo tarlú, mar shampla, má choinnímid sonraí nach teastaíonn uainn a thuilleadh, nó má tharraingíonn tú toiliú siar. Má tá caidreamh agat linn fós, ní mór dúinn na sonraí a theastaíonn uainn chun an caidreamh seo a bhainistiú a choinneáil. Tabharfaimid freagra pras ar d'iarratas agus cuirfimid cúiseanna ar fáil sa chás go gcuirimid i gcoinne scriosadh a dhéanamh ar aon chuid de do shonraí pearsanta.

 

Do shonraí a bhogadh: sa chás go bhfuil sé indéanta go gcuirimid ar fáil í, tá an ceart agat cóip dhigiteach a fháil de na sonraí pearsanta a chuir tú ar fáil dúinn.

An chaoi le gearán a dhéanamh
Más rud é, ar chúis ar bith, go bhfuil gearán agat faoin úsáid a bhainimid as d'fhaisnéis phearsanta, nó má tá tú míshásta ar bhealach ar bith leis an bhfaisnéis a chuirimid ar fáil duit, ba mhaith linn go ndéanfá teagmháil dhíreach linn ionas go bhféadfaimid aghaidh a thabhairt ar do ghearán. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn ach na sonraí teagmhála thuas a úsáid. Chomh maith leis sin, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí in Éirinn faoi aon ábhar den chineál seo ar 1890 252 231, nó tríd an ríomhphost ag info@dataprotection.ie nó tríd an bpost: An Coimisiún um Chosaint Sonraí, 21 Sráid Mhic Liam Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, D02 RD28 
Athruithe ar ár bhfógra príobháideachais
Tabharfaimid an fógra príobháideachais seo suas chun dáta ó am go ham. Tabharfaimid fógra maidir le haon athruithe ábhartha atá le déanamh ar ár suíomh gréasáin roimh ré, agus sa chás go bhfuil sé sin cuí, cuirfimid fógra chugat ag baint úsáide as na sonraí teagmhála a choinnímid i do leith chun na críocha seo. Molaimid duit athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfógra seo ó am go ham le go mbeifeá ar an eolas faoin gcaoi a n-úsáidimid d'fhaisnéis.