Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Naisc atá ann cheana

Ceisteanna coitianta

Cén chaoi ar féidir liom eolas a fháil faoin áit a bhfuil cáblaí ESB faoi thalamh?

Tá léarscáileanna de na cábla faoi thalamh atá ag ESB Networks le fáil ón Rannóg Lár-Léarscáilithe.

R-phost

dig@esb.ie

 

Cuir glao ar

1800 928 960 nó +353 (0) 1 8582060



Seolfaimid an léarscáil chugat laistigh de 10 lá oibre. Ní féidir linn léarscáileanna a chur ar fáil lena mbailiú ach i gcásanna éigeandála.

 

Obair Thochailte agus Bhainte

Táim ar tí síneadh a thógáil ar mo theach agus caithfidh mé an méadar a bhogadh. Cén chaoi ar féidir liom an méid sin a dhéanamh?
Lena fháil amach cén chaoi bogadh méadair a iarraidh, téigh go Bog méadar.
Caithfidh mé m’áitreabh a dhínascadh ón líonra leictreachais. Céard is gá dom a dhéanamh?
Déan teagmháil le do Sholáthraí Leictreachais agus abair leo gur mian leat do sholáthar leictreachais a dhínascadh. Más mian leat go mbainfear an méadar, is féidir le do sholáthraí socruithe a dhéanamh le go ndéanfar amhlaidh ag an am céanna. Bíodh d’uimhir chuntais nó do  MPRN agat. Má tá níos mó ná méadar amháin agat, tabhair don soláthraí na huimhreacha méadair go léir (Uimhreacha RM) atá le feiceáil ar aghaidh na méadar.
Tá sreanga de chuid ESB Networks ceangailte le simléar mo thí. Cén chaoi ar féidir liom a iarraidh go mbogfaí iad le hobair dheisiúcháin a dhéanamh?
Lena fháil amach cén chaoi bogadh seirbhíse a iarraidh, téigh go Athraigh líne nó trealamh.

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí