Comhairle shábháilteachta
Cén cineál comhairle sábháilteachta atá ag teastáil uaitse?
Bí sábháilte, fan amach ó shreanga leictreachais

An bhfuil tú cinnte go bhfuil sé sábháilte?
Mar chuid dár dtiomantas don tsábháilteacht, tá Feachtas Feasachta Poiblí againn d'fhonn aird daoine a dhíriú ar shábháilteacht leictreach amuigh faoin aer.
Tá sé mar aidhm ag an bhfeachtas dul i gcion ar gach dream - an pobal i gcoitinne, feirmeoirí, oibrithe tógála agus leanaí. Is é is príomhchuspóir leis an bhfógra ná iarraidh ar dhaoine cuimhneamh ar shreanga leictreachais nuair a bhíonn siad amuigh faoin aer agus fanacht glan orthu ar mhaithe lena sábháilteacht féin.