Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

An Comhlacht

technicians looking at a map

ESB Networks

Thug an Coimisiún um Rialáil Fóntas (CRU) an fhreagracht do ESB as líonraí leictreachais na hÉireann a bhainistiú. Ciallaíonn sé seo go bhfuil ESB i gceannas ar na línte cumhachta a iompraíonn leictreachas timpeall na tíre (tarchur), agus na línte a thugann leictreachas chuig tithe agus gnólachtaí aonair (dáileadh). Tugtar ESB Networks ar fhoireann ESB a láimhseálann an obair seo.

Tuilleadh eolais
Customer at home welcoming ESB Networks technician

Líonra Cumhachta na hÉireann a Nascadh

  • Tá os cionn 3,000 fostaí ag ESB Networks ar fud na tíre. Déanaimid an bonneagar leictreachais meánvoltais agus ísealvoltais a thógáil agus a oibriú, lena n-áirítear na stáisiúin dáileacháin, na línte lastuas, na cuaillí agus na cáblaí faoi thalamh. 
  • Cuirimid ár gcustaiméirí chun tosaigh i gcónaí, is cuma cén soláthraí leictreachais a úsáideann siad. 
  • Tá ár gcuid oibre maoinithe ag táillí 'úsáid an chórais' a ghearrann a soláthraithe leictreachais ar gach custaiméir. Tá na táillí seo ceadaithe ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntas (CRU).
  • Mar thacú le margaí iomaíocha leictreachais, éanaimid méadair a oibriú, a shuiteáil agus a chothabháil dár mbonn ollmhór custaiméirí, agus léimid suas le ceithre huaire sa bhliain iad. 
  • An todhchaí a chumhachtú – táimid tiomanta don saol ísealcharbóin, a bheidh cumhachtaithe ag foinsí in-athnuaite fuinnimh, ar nós feirmeacha gaoithe.

Príomhfhíricí

An Córas Tarchurtha
17,500km

17,500 km, fad iomlán na línte lastuas agus na gcáblaí faoi thalamh atá á mbainistiú ag ESB Networks.

An Córas Dáileacháin
37,558

Nascamar 37,558 custaiméir nua (Domestic & Commercial) in 2024, rud a fhágann go bhfuil 2.5 million custaiméir san iomlán nasctha anois.

Suiteáil , oibriúcháin, a cholhabháil
1.9m

1.9m méadar cliste suiteáilte ar fud na hÉireann anois

Tús áite a thabhairt do riachtanais ár gcuid custaiméirí.