Ráiteas ar an sclábhaíocht nua-aimseartha
Ráiteas BSL (ESB) ar an sclábhaíocht agus ar gháinneáil ar dhaoine a chosc - Meitheamh 2023
Tá cur chuig neamhfhulaingthe i leith na sclábhaíochta nua-aimseartha ag Bord Soláthair an Leictreachais ('BSL', nó ‘ESB’ i mBéarla) agus tá sé tiomanta do gníomhú go heiticiúil agus le hionracas i ngach gnóthaíocht agus caidreamh gnó, agus do chur i bhfeidhm agus d’fhorfheidhmiú córas agus rialuithe éifeachtacha chun a chinntiú nach mbíonn an sclábhaíocht nua-aimseartha le sonrú in aon áit ina ghnó féin ná in aon slabhra soláthair a úsáideann sé. Tá BSL tiomanta do chinntiú go mbíonn trédhearcacht ina ghnóthaíocht féin agus ina chur chuige chun dul i ngleic leis an sclábhaíocht nua-aimseartha ina shlabhraí soláthair agus éilíonn sé na caighdeáin chéanna óna chonraitheoirí, óna sholáthraithe agus ó chomhpháirtithe gnó eile. Is é seo an seachtú ráiteas ó BSL maidir leis an sclábhaíocht agus maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc mar fhreagairt ar an UK Modern Slavery Act 2015 ('an tAcht'), agus leagann an ráiteas seo amach na gníomhaíochtaí a rinne BSL le linn 2022 chun an sclábhaíocht agus chun gáinneáil ar dhaoine a chosc ina ghnó agus ina shlabhraí soláthair. Déantar an ráiteas seo de bhun alt 54 den Acht agus is é ráiteas BSL don bhliain airgeadais a chríochnaigh an 31 Nollaig 2022.Gnó agus slabhra soláthair
Is fóntas é BSL atá comhtháite go hingearach agus a gcuimsíonn a ghníomhaíochtaí gnó giniúint, tarchur, dáileadh agus soláthar leictreachais in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe. Ós rud é go dtiteann an chuid is mó d’oibríochtaí BSL amach i bPoblacht na hÉireann, i dTuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe, measann BSL gur dóchúla aon bhaol sclábhaíochta nua-aimseartha ina shlabhraí soláthair ná ina oibríochtaí gnó féin. Seachas breosla, tá caiteachas bliantúil soláthair na comhlachta thart ar €1.6B, agus caitear an t-airgead sin le thart ar 4000 soláthraí. Is féidir tuilleadh sonraí faoi ghníomhaíochtaí gnó BSL a fháil ag www.esb.ie.
Gníomhaíochtaí a rinneadh
Féachann BSL i gcónaí le dlíthe fostaíochta na ndlínsí ina n-oibríonn sé a chomhlíonadh, agus cuireann sé socruithe conarthacha i bhfeidhm le soláthraithe foirne gníomhaireachta a éilíonn go mbaineann siad amach an leibhéal comhlíonta céanna. Ag eascairt as a ráitis roimhe seo maidir leis an sclábhaíocht agus maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc, le linn 2022, thug BSL faoi na gníomhaíochtaí seo chun gníomhartha sclábhaíochta nua-aimseartha a chosc ina shlabhraí soláthair:
- Faoi chreat-chomhaontú a bronnadh ar an British Standards’ Institute (Institiúid Chaighdeán na Breataine) (BSI) in 2021, cuireadh ceistneoirí in 2022 chuig 188 príomhsholáthraí de chuid BSL a lorg faisnéis ar raon réimsí a bhaineann le Freagracht Shóisialta Chorparáideach, lena n-áirítear, cleachtais na Cuideachta um Chearta an Duine, gníomhaíochtaí a rinneadh chun Dúshaothrú Leanaí agus Obair Éigeantais a chosc, Pá agus Sochair, cleachtais Araíonachta agus Comhshaoil
- D’fhreagair 29 soláthraí na ceistneoirí sin agus tugadh faoi deara go bhfuil rátáil riosca ardaithe ag baint le 24 soláthraí, agus tugadh faoi deara go bhfuil riosca ard ag baint le 3 sholáthraí bunaithe ar an measúnacht sin.
- Raon gníomhaíochtaí, lena n-áirítear iniúchtaí ar an láthair, a chuimsigh soláthraithe nár chomhlánaigh an ceistneoir, agus tá dul chun cinn á dhéanamh faoi láthair ar iniúchtaí do na freagróirí a mbaineann rátáil ardaithe riosca agus riosca ard leo.
- Le linn 2022, rinneadh 74 iniúchadh ar Chaighdeáin Fostaíochta Conraitheoirí ar shuímh atá faoi bhainistíocht BSL ar fud Phoblacht na hÉireann • Lean muid le teagmháil lenár soláthraithe guail móra chun a chinntiú go bhfuil siad ar an eolas faoi thiomantas BSL don Bettercoal Organisation agus don Bettercoal Code, lena n-áirítear tiomantas BSL d’úsáid uirlisí Bettercoal ina dhícheall agus ina bpróisis um fheabhsúchán leanúnach maidir le soláthar guail. Déantar iniúchadh ar mhianaigh de réir na bprionsabal atá sa Bettercoal Code. Ionchorpraíonn an leagan reatha (2.0) den Bettercoal Code Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus uirlisí na Náisiún Aontaithe agus na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le cearta daoine dúchasacha.
- Rinne muid cinnte de go raibh gach forthairgeoir agus soláthraí ar an eolas faoin Doiciméad um Éilimh ar Thríú Páirtí de chuid BSL, agus gur chuir siad a n-ainm léi, doiciméad a leagann síos dualgais chonartha shoiléire maidir le cur chuige neamhfhulaingthe BSL i leith na Sclábhaíochta Nua-Aimseartha inár Slabhraí Soláthair.
- Lean muid orainn ag cur oiliúint shaincheaptha ar Fhoireann Soláthair BSL maidir le Rioscaí na Sclábhaíochta Nua-Aimseartha agus chríochnaigh 13 bhall foirne ó Fhoireann Soláthair BSL Clár Cleachtóirí de chuid an Chartered Institute of Purchasing & Supply (CIPS), clár a chuimsíonn oiliúint ar ábhair a bhaineann leis an gcomhshaoil, le ceisteanna sóisialta agus leis an rialachas, agus Freagracht Shóisialta Corparáideach, agus
- in 2022 thug an Carbon Disclosure Project (CDP) rátáil cheannaireachta A- do BSL maidir le hIdirghníomhaíocht Soláthraithe.
Ní mór do gach ball foirne in BSL oiliúint éigeantach ar Chód Eitice Fostaithe BSL a chur i gcrích ar thairseach foghlama ar líne BSL. Cuimsíonn an oiliúint sin treoir ar chleachtais eiticiúla ghnó a bhaineann le gach fostaí de chuid BSL agus le gach páirtí conarthach, féach ar shuíomh gréasáin BSL, www.esb.ie ➔ Cé muid féin ➔ Rialachas Corparáideach ➔ Cóid Rialachais agus Beartais Ghrúpa. Chomh maith leis sin, leagann Beartas BSL um Chearta an Duine amach beartas na cuideachta maidir le cearta an duine, beartas a chuimsíonn réimsí amhail an tsláinte agus an tsábháilteacht, an comhshaol agus an inbhuanaitheacht, éagsúlacht chultúrtha, comhionannas deiseanna agus an éagsúlacht, an fhrithbhreabaireacht, éilliú agus calaois, an sceithireacht agus an sclábhaíocht nua-aimseartha.
Leantar de gach fostaí a chur ar an eolas faoi Bheartas BSL ar an Sclábhaíocht Nua-Aimseartha (ar fáil ag www.esb.ie), beartas a ghlac Bord BSL in 2016 agus a nuashonraíodh i mí na Bealtaine 2019. Sonraíonn an beartas sin agus na leasuithe a leanann é na bearta a dhéanfaidh BSL chun an sclábhaíocht nua-aimseartha a chosc, na róil agus na freagrachtaí atá ag gach duine ó leibhéal an Bhoird anuas go gach fostaí faoi leith agus na bealaí ar cheart aon chásanna amhrasta den sclábhaíocht nua-aimseartha a thuairisciú. Spreagtar oibrithe aon drochiompar amhrasta a thuairisciú, agus leagann Beartais BSL amach na cosaintí atá i bhfeidhm d’oibrithe maidir le míchleachtas tromchúiseach ag an obair a thuairisciú. Nuair is cuí, déantar iniúchtaí seachtracha ar ghníomhaíochtaí soláthraithe a mheastar a oibríonn i réigiúin nó i dtionscail ard-riosca chun tuiscint a fháil ar cé chomh héifeachtach atá na rialuithe seo chun a chinntiú nach mbíonn an sclábhaíocht nua-aimseartha in úsáid inár slabhra soláthair. Níor thángthas ar aon chás de sclábhaíocht nua-aimseartha go dtí seo. Cuirfidh clár oibre breise do 2023 leis an obair shonrach atá leagtha amach thuas.