Tá os cionn 1.8 milliún méadar cliste suiteáilte anois i dtithe, ar fheirmeacha agus i ngnólachtaí in Éirinn.
Athraíonn méadair chliste an chaoi a ndéantar leictreachas a thomhas agus a bhainistiú ó bhonn, laghdaíonn an gá le billí measta agus tugann faisnéis i bhfad níos fearr do chustaiméirí faoin méid leictreachais a úsáideann siad. Is ar mhaithe leatsa atá an méadar cliste chomh maith de bharr go dtabharfaidh sé léargas duit trí Chuntas ar Líne ESB Networks ar an méid leictreachais a úsáideann tú, rud a thabharfaidh an chumhacht duit smacht a fháil ar an úsáid sin agus ar do chuid billí. Cabhróidh an fhaisnéis sin leat roghanna eolasacha a dhéanamh maidir leis an taraif is fearr a d’fheilfeadh duit. Tá custaiméirí a bhfuil méadar cliste acu ag baint leas as an teicneolaíocht nua:
Os cionn milliún logáil isteach chuig Cuntas ar Líne ESB Networks chun sonraí úsáide a fheiceáil agus leas a bhaint as na seirbhísí ar líne atá ar fáil anois.
Tá duine as gach cúigear custaiméirí bogtha anois chuig seirbhís nó taraif chliste leis an soláthraí atá acu.
99% de na custaiméirí a bhfuil méadar cliste acu, ní fhaigheann siad billí measta a thuilleadh mar go ndéanann an teicneolaíocht nua léamha go huathoibríoch.
Custaiméirí a ngineann a gcuid leictreachais féin (m.sh. grianphainéil), faigheann siad íocaíocht anois as aon leictreachas breise a dhíolann siad ar an eangach.
Tá sé níos fusa anois ná riamh le socrú a dhéanamh le méadar cliste a shuiteáil. Níl le déanamh ach clárú le méadar cliste a fháil.