Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Fógartha ag ESB Networks go bhfuil 100,000 micrighineadóir nasctha anois le líonra leictreachais na hÉireann

Solar panels
  • Tá a leictreachas in-athnuaite féin á ghiniúint ag 100,000 custaiméir micrighiniúna agus iad ag baint leas as coigilteas carbóin chomh maith le billí leictreachais níos ísle ó thaobh costais de.  
  • Agus 20,000 nasc curtha i gcrích le sé mhí anuas, tá 750 iarratas á bpróiseas ag ESB Networks gach seachtain.  

 
Tá fógartha ag ESB Networks inniu go bhfuil os cionn 100,000 micrighineadóir gréine ar an díon a nascadh leis an líonra leictreachais in Éirinn, rud a fhágann go bhfuil breis agus 400MW de leictreachas glan á chur leis an gcóras cumhachta in Éirinn i dteannta a chéile.   

 
Léiriú atá sa gharsprioc seo go bhfuil fonn ar thomhaltóirí fuinneamh gan carbón ar bith a bheith acu agus cuidiú atá ann d’Éirinn agus an tír ag dul i dtreo na neodrachta carbóin. Cuireadh 20 faoin gcéad de na naisc mhicrighiniúna i gcrích le sé mhí anuas agus tá 750 iarratas fós á bpróiseas ag ESB Networks gach seachtain.   

 
Seo an méid a dúirt an tAire Aeráide, Eamon Ryan TD: “Is léir ón bhfógra inniu go bhfuiltear ag baint leas as an ngrianchumhacht in Éirinn i bpobail ar fud na tíre - tá dóchas ann don am atá le teacht. Tá na céadta áitreabh cónaithe ag dul i dtreo na grianchumhachta gach seachtain, iad ag giniúint cumhachta a úsáidfear iontu féin agus ag díol fuinneamh breise leis an eangach. Beidh an mórathrú seo ar bharr na dtithe tábhachtach feasta le go mbeidh Éire á cumhachtú ag an bhfuinneamh in-athnuaite agus tríd an micrighiniúint - is leis an duine an chumhacht. Agus é fógartha ar na mallaibh go bhfuil gigeavata amháin den fhótavoltachas grianfhuinnimh á chumhachtú ar an líonra leictreachais in Éirinn, céim chun tosaigh eile ar an aistear in Éirinn le go mbeidh 8GW de naisc ghrianfhuinnimh ann faoi 2030 atá sa 400MW breise d’fhuinneamh glan don chóras cumhachta in Éirinn.”  

 
Dúirt Stiúrthóir Bainistíochta ESB Networks, Nicholas Tarrant: “Is suntasach go bhfuil 100,000 nasc curtha i gcrích le haghaidh gineadóirí grianfhuinnimh in-athnuaite ar an díon, toisc gur léiriú atá ann go bhfuil rogha déanta ag custaiméirí a lorg carbóin a ísliú go suntasach agus an úsáid a bhaintear as breoslaí iontaise iompórtáilte a laghdú. Ar a bharr sin, tá custaiméirí in ann a n-íocaíochtaí a fháil óna soláthraí leictreachais as aon fhuinneamh breise a dhíoltar ar ais leis an líonra. Tá an grianfhuinneamh ar an bhfoinse in-athnuaite fuinnimh is gasta ó thaobh fáis de. Tá an 400MW de mhicrighiniúint ag cur le 800MW de ghrianfhuinneamh ar scála níos mó atá nasctha le tamall de bhlianta anuas. Tugaimid tacaíocht leanúnach in ESB Networks do gach custaiméir leictreachais agus muid ag dul i dtreo saol glan ó thaobh leictreachais de.”   

 
Dúirt Conall Bolger, POF, Cumann Grianfhuinnimh na hÉireann, an méid seo chomh maith: “Céim mhór chun tosaigh atá i dtírdhreach fuinnimh in-athnuaite na tíre go bhfuil 100,000 teach in Éirinn a bhfuil grianphainéil orthu. Léargas atá sa bhuaicphointe seo go bhfuil muintir na hÉireann ag éirí níos díograisí faoin teicneolaíocht fuinnimh gréine, é sin mar gheall ar na buntáistí don chomhshaol agus don airgead is féidir a shábháil dá bharr. De réir mar a ghlacfar le fuinneamh gréine i níos mó tithe, beidh sé ríthábhachtach an eangach a uasghrádú. Má dhéantar bonneagar ár ngreille a uasghrádú, déanfar a chinntiú go mbeifear in ann na foinsí in-athnuaite fuinnimh seo a chomhtháthú go héifeachtach inár gcóras fuinnimh le go mbeidh sé níos iontaofa agus le go mbeifear in ann gach leas a bhaint as an ngrianchumhacht. Tá an Cumann Fuinnimh Gréine in Éirinn ag troid go leanúnach le go mbeidh beartais ann chun tacú leis an leathnú ar fhuinneamh gréine agus le go ndéanfar an eangach a nuachóiriú ionas go mbeidh saol inbhuanaithe seasmhach romhainn ó thaobh fuinnimh de in Éirinn.”