I dteannta a chéile, tá garsprioc bainte amach i dtionscadail mhórscála stórála fuinnimh i gceallraí mar aon le stáisiún cumhachta taiscthe caidéalaithe Chnoc an Turlaigh agus, dá réir, beidh níos mó solúbthachta ann agus níos mó tacaíochta le haghaidh foinsí in-athnuaite fuinnimh sa chóras leictreachais in Éirinn.
Tá sé fógartha ag ESB Networks inniu go bhfuil 1,000 meigeavata (aon ghigeavata amháin) de stóráil fuinnimh ann atá nasctha leis an líonra in Éirinn. Á gcur san áireamh san fhigiúr seo tá 731.5 MW de thionscadail stórála fuinnimh i gceallraí agus 292 MW fuinnimh ó Chnoc an Turlaigh, atá ann le 50 bliain i mbliana. Tá áiseanna stórála fuinnimh nasctha le gach cuid den eangach, sin leis an gcóras Tarchurtha agus leis an gcóras Dáileacháin, atá á mbainistiú ag EirGrid agus ESB Networks.
Is leor aon ghigeavata amháin de stóráil fuinnimh le cumhacht a sholáthar do thimpeall 450,000 teach, nó a gcoibhéis, ar feadh uair an chloig, de réir gnáth-úsáid nuair is airde an t-éileamh nó nuair a theastaíonn tacaíocht mhinicíochta nuair is íseal atá na leibhéil den ghiniúint fuinnimh in-athnuaite. Ar mhaithe le comhthéacs a thabhairt, tá an buaicéileamh ar an gcóras leictreachais in Éirinn thart ar 5.5 GW.
Maidir le córais stórála leictreachais, cuir i gcás tionscadail ceallraí ar scála fóntais, cuireann siad seirbhísí cúltaca riachtanacha ar fáil don eangach le go mbeidh soláthar slán leictreachais ann, le hastaíochtaí carbóin a laghdú agus, ar deireadh, costais don tomhaltóir a laghdú. Agus neart tionscadail stórála fuinnimh eile ar na bacáin, tá an córas leictreachais in Éirinn ag éirí níos solúbtha agus níos inoiriúnaithe. Mar sin, beifear in ann an fuinneamh in-athnuaite gaoithe agus gréine, atá níos saoire, a chomhtháthú níos fearr de réir mar a bheidh riachtanach chun an córas leictreachais a dhícharbónú agus spriocanna aeráide na hÉireann a bhaint amach.
Seo an méid a bhí le rá ag an Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD: “In Éirinn, táimid ar aistear ionas nach mbeimid chomh spleách céanna ar bhreoslaí iontaise iompórtáilte agus sinn ag dul i dtreo foinsí fuinnimh níos glaine. Ar aon dul leis na tionscadail mhórscála le ceallraí atá ag teacht chun cinn ar fud na tíre in éineacht leis an teicneolaíocht ar láithreacha mar an láithreán atá ag ESB ar Chnoc an Turlaigh, beidh an stóráil fuinnimh riachtanach má táthar chun leictreachas níos inacmhainne agus níos inbhuanaithe a sholáthar mar aon le slándáil an tsoláthair fuinnimh a dhaingniú. Garsprioc éachtach is ea 1 GW a bhaint amach, ach caithfear treabhadh ar aghaidh leis an bhfás ar thionscadail stórála fuinnimh ar mhaithe leis an tsochaí ar fad agus leis an ngeilleagar go ginearálta sa dóigh is go mbeimid in ann ár soláthar úr dúchasach de leictreachas glan a bhainistiú go héifeachtach.”
Rinne Nicholas Tarrant, Stiúrthóir Bainistíochta ESB Networks trácht ar a thábhachtaí atá an méid seo ar an aistear sa tír i dtreo na neodrachta carbóin: “Garsprioc an-suntasach dúinn in ESB Networks atá anseo agus dár gcomhpháirtithe san obair le gigeavata de stóráil fuinnimh a nascadh leis an líonra leictreachais in Éirinn. Tá láithreacha de chuid ESB mar Chnoc an Turlaigh á gcur san áireamh san fhigiúr. An treocht atá ann le tamall de bhlianta anuas ná go bhfuil iarracht mhór déanta sa tionscadal go ginearálta le tionscadail mhórscála stórála fuinnimh i gceallraí agus muidne in ann tacú leis an obair sin trí bhíthin naisc líonra. Is amhlaidh go mbeifear ag leanúint ar aghaidh ar an dóigh chéanna agus is cúis áthais dúinne in ESB Networks ár sciar féin a dhéanamh leis an mbonneagar a sholáthar a theastaíonn don aistear i dtreo na neodrachta carbóin, tráth ina mbeidh foinsí glana leictreachais agus, mar thacaíocht taobh thiar díobh sin, roghanna solúbtha stórála a bheidh mar bhonn faoi chóras leictreachais d’Éirinn a bheidh níos glaine.”
Seo an méid a dúirt Bobby Smith, an Ceannasaí ar Stóráil Fuinnimh in Éirinn: “Tá an stóráil fuinnimh úsáideach mar áis le go mbeidh saol glan fuinnimh againn amach anseo. Seo céim mhór chun tosaigh ar an aistear sin. Tá ár mbaill ag saothrú leis na tionscadail stórála fuinnimh a chur i gcrích in éineacht le ESB Networks, tionscadail a bhfuil feidhm leo chun laghdú a bhaint amach ar an úsáid a bhaintear as breoslaí iontaise agus praghsanna fuinnimh a laghdú agus, san am céanna, le go mbeidh córas slán seasmhach ann. Tá an tionscal stórála fuinnimh réidh chun bheith páirteach in iarrachtaí le spriocanna in Éirinn neodracht carbóin a bhaint amach.”