Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Fógraí digiteacha SMS ó ESB Networks maidir le bristeacha beartaithe seirbhíse

A couple looking at a phone screen in their kitchen.

Tá ESB Networks tar éis fógraí digiteacha a thabhairt isteach má bhíonn sé beartaithe go mbeidh briseadh seirbhíse ann. Bíonn orainn cur isteach ar an soláthar cumhachta uaireanta le hobair riachtanach a dhéanamh ar an líonra leictreachais. Gearradh nó briseadh beartaithe a thugtar ar a leithéid. Más gá dúinn an soláthar leictreachais a bhriseadh chun obair riachtanach a dhéanamh, cuirfimid cárta poist chugat dhá lá ar a laghad roimh an dáta atá beartaithe don bhriseadh. Chomh maith leis an gcárta poist, seans go gcuirfimid eolas nua faoin ngearradh cumhachta beartaithe chugat mar theachtaireacht SMS. Mar gheall ar na fógraí digiteacha, gheobhaidh custaiméirí fógraí tráthúla faoi aon bhriseadh beartaithe sa chumhacht roimh ré, lena linn agus nuair a bheidh an chumhacht ar ais arís.   

 

Ba mhaith le ESB Networks a chur i gcuimhne dár gcustaiméirí go léir a bheith san airdeall ar iarrachtaí calaoiseacha ar fhioscaireacht a dhéanamh. Ní chuirfidh ESB Networks téacsteachtaireachtaí, glaonna nó ríomhphoist chugat riamh ina bhfuil nasc chuig leathanach logála isteach ar shuíomh gréasáin a iarrann ort sonraí pearsanta amhail sonraí bainc, paschóid aonuaire nó faisnéis phearsanta a roinnt.