Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Plean ESB Networks um Athléimneacht na hEangaí, Geimhreadh 2025

Technicians standing near their vans in front of a fallen tree
Tar éis don Rialtas cinneadh a ghlacadh i ndiaidh Stoirm Éowyn, leagadh de chúram ar ESB Networks Plean Feabhsaithe um Athléimneacht na hEangaí a fhorbairt do gheimhreadh 2025.  Cuirfear an plean sin i bhfeidhm idir mí an Mhárta agus mí Dheireadh Fómhair i mbliana.  Is é is cuspóir don phlean ná athléimneacht na heangaí a fheabhsú sna láithreacha is leochailí roimh theacht an gheimhridh, roinnt bearta gearrthéarmacha a dhéanamh láithreach chun tionchar na stoirmeacha a d’fhéadfadh tarlú i ngeimhreadh 2025 a laghdú, agus pleananna agus tionscnaimh a chur chun cinn san fhadtéarma.