Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Straitéis agus pleananna maidir le rannpháirtíocht páirtithe leasmhara 

Tacú le cur chun feidhme na straitéise ‘líonraí i dtreo na neodrachta’ 

An straitéis agus na pleananna maidir le rannpháirtíocht páirtithe leasmhara atá againn, tá siad dírithe ar chur chun feidhme na straitéise ‘Líonraí i dTreo na Neodrachta’, a thagann faoi scáth Phlean an Rialtais um Ghníomhú ar son na hAeráide. 

Wind turbine in a field

Straitéis agus plean maidir le rannpháirtíocht páirtithe leasmhara, 2024

Tá trí chuspóir straitéiseacha aitheanta againn a mbeidh cur chun feidhme na straitéise ag brath orthu agus a bhfuilimid ag díriú ár n-iarrachtaí rannpháirtíochta orthu ar bhealach atá freagrúil do riachtanais an Rialtais, an Choimisiúin um Rialáil Fóntas agus ár gcuid custaiméirí tráth a bhfuil athrú ó bhonn ag teacht ar an tionscal.

  • Leictreachas dícharbónaithe

    Is léiriú é an cuspóir seo ar ár ngealltanas le tacú le hÉirinn an neodracht a bhaint amach ach nascadh acmhainní giniúna in-athnuaite a chumasú agus, ar an gcaoi sin, leictreachas a dhícharbónú.
  • Infreastruchtúr láidir

    Aithnítear sa chuspóir seo go mbeidh líonra ag teastáil a bheidh in ann an fód a sheasamh in aghaidh thionchar an athraithe aeráide agus teagmhais shuaiteacha, amhail stoirmeacha agus cibearbhagairtí, má táthar chun an t-aistriú chuig saol ísealcharbóin arna chumhachtú ag leictreachas glan a bhaint amach.
  • Custaiméirí cumasaithe

    Is léiriú é an cuspóir seo ar ár ngealltanas go n-oibreoimid i gcomhar le custaiméirí agus le pobail le tacú leo an neodracht a bhaint amach.

Rannpháirtíocht páirtithe leasmhara: gníomhaíochtaí pleanáilte 2024 

Is féidir leat breathnú ar 'Comhairliúcháin Phoiblí', 'Foilseacháin' agus 'Bealaí chun rannpháirtíochta' anseo thíos: 
Birdview of a water stream on one side next to a road with an ESB Networks van

Foilseacháin maidir le rannpháirtíocht páirtithe leasmhara san am atá thart 

Breathnaigh ar phleananna maidir le rannpháirtíocht páirtithe leasmhara a bhí againn le ceithre bliana anuas anseo. Is féidir leat na Tuarascálacha Bliantúla maidir le Rannpháirtíocht Páirtithe Leasmhara a léamh freisin, ina ndéantar cur síos ar an gcaoi ar chuir ESB Networks lena fhocal le torthaí maithe a bhaint amach ar son na gcustaiméirí agus na bpáirtithe leasmhara araon. 

Foilseacháin maidir le rannpháirtíocht páirtithe leasmhara san am atá thart