Gearáin agus aiseolas
Nós imeachta déanta gearán
Is é ESB Networks Oibreoir an Chórais Dáileacháin a dhéanann breis agus 2.5 milliún custaiméir in Éirinn a nascadh leis an gcóras. Tá an tseirbhís do chustaiméirí i gcroílár gach a ndéanaimid. Má mheasann tú nár chuireamar seirbhís ar fáil go dtí an leibhéal cuí, lean an treoir céim ar chéim seo thíos le muid a chur ar an eolas faoi agus déanfaimid ár ndícheall an scéal a réiteach ar bhealach tráthúil béasach.
Cén chaoi gearán a dhéanamh?
Déanaimid ár seacht ndícheall seirbhís den chéad scoth a thabhairt dár gcuid custaiméirí i ngach a ndéanaimid. Má cheapann tú gur theip orainn seasamh leis an ngealltanas sin, is féidir leat gearán a dhéanamh ar na bealaí seo a leanas:
- R-phost: esbnetworks.complaints@esb.ie
- Fón: 1800 372 757 nó 021 2386555
- Scríobh chugainn: Caidreamh le Custaiméirí, ESB Networks, Bóthar an tSáirséalaigh, Wilton, Corcaigh, T12 E367
Agus gearán á dhéanamh agat, tabhair na sonraí seo a leanas:
- D’ainm agus d’uimhir theagmhála
- Do MPRN, a bhíonn sa chúinne ar dheis ag barr do Bhille Leictreachais, is cuma cén soláthróir atá agat. Tosaíonn do MPRN ar na digití '10' agus tá sé 11 digit ar fad.
- Sonraí faoin ngearán, lena n-áirítear an t-am agus an dáta, más féidir
- Aon fhaisnéis ábhartha eile ba cheart a chur sa mheá dar leat
Bíonn ár nIonad Teagmhála Náisiúnta do Chustaiméirí ar oscailt ó Luan go hAoine, 08:30 go 18:00, agus ar an Satharn, 08:30 go 13:30.
Gearán géaraithe
- Tá sé mar aidhm ag ESB Networks gach fiosrúchán ó chustaiméir a fhreagairt ar an gcéad ghlao.
- I gcás nach féidir an fiosrúchán a thabhairt chun réitigh láithreach, geallann ESB Networks go bhfaighidh an custaiméir freagra laistigh de 5 lá oibre. Is go díreach ón Aonad Gnó atá freagrach as plé leis an ngearán a thiocfaidh an freagra.
- Má tá tú míshásta leis an míniú agus/nó leis an réiteach ar do ghearán, cuirfear ar aghaidh é chuig an duine sinsearach san aonad gnó atá freagrach as an ngearán.
- Más gá cuairt a thabhairt ar an láithreán leis an imscrúdú a chur chun cinn, socrófar í sin le cead uait agus ag am a oirfidh duit).
Próiseas déanta gearáin leis an CRU
I gcás go mbeidh tú fós míshásta tar éis na céimeanna thuas a leanúint, féadfaidh tú do ghearán a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún um Rialáil Fóntas. Is féidir teagmháil a dhéanamh le foireann cúraim custaiméirí an Choimisiúin ar cheann ar bith de na bealaí seo a leanas:
- Ríomhphost: customercare@cru.ie
- Fón: 1800 404 404
- Scríobh chuig an gCoimisiún: An Fhoireann Cúraim Custaiméirí, an Coimisiún um Rialáil Fóntas, an Malartán, Cearnóg Belgard Thuaidh, Tamhlacht, Baile Átha Cliath
Tar éis gearán géaraithe a fháil ón gCoimisiún, freagróidh ESB Networks laistigh de 10 lá oibre. Bíonn gach réiteach gearáin a eisíonn an Coimisiún ina cheangal ar ESB Networks.
An nós imeachta faofa reatha chun plé le gearáin
Tús áite a thabhairt do riachtanais ár gcuid custaiméirí

Cairt custaiméirí
Is é ESB Networks an rannóg de BSL atá freagrach as an líonra leictreachais a thógáil agus a chothabháil ar fud fad na hÉireann. Téann tú i dteagmháil le ESB Networks nuair a chaithfidh tú nasc leictreachais a fháil le haghaidh teach nó gnóthas nua, nuair a thuairiscíonn tú fabht, nó nuair atá ceist agat maidir le do mhéadar.

Aiseolas
Cuir do chuid smaointe in iúl dúinn, cuir in aghaidh ár gcur chuige agus tabhair chun cuntais muid. Ba mhaith linn do thuairimí a chloisteáil.
Ríomhphost esbnetworks@esb.ie le do thuairimí a chur in iúl dúinn.