Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Gearáin agus aiseolas

Nós imeachta déanta gearán

 

Is é ESB Networks Oibreoir an Chórais Dáileacháin a dhéanann breis agus 2.5 milliún custaiméir in Éirinn a nascadh leis an gcóras. Tá an tseirbhís do chustaiméirí i gcroílár gach a ndéanaimid. Má mheasann tú nár chuireamar seirbhís ar fáil go dtí an leibhéal cuí, lean an treoir céim ar chéim seo thíos le muid a chur ar an eolas faoi agus déanfaimid ár ndícheall an scéal a réiteach ar bhealach tráthúil béasach.

Cén chaoi gearán a dhéanamh?

Déanaimid ár seacht ndícheall seirbhís den chéad scoth a thabhairt dár gcuid custaiméirí i ngach a ndéanaimid. Má cheapann tú gur theip orainn seasamh leis an ngealltanas sin, is féidir leat gearán a dhéanamh ar na bealaí seo a leanas:

 


Agus gearán á dhéanamh agat, tabhair na sonraí seo a leanas:

  • D’ainm agus d’uimhir theagmhála
  • Do MPRN, a bhíonn sa chúinne ar dheis ag barr do Bhille Leictreachais, is cuma cén soláthróir atá agat. Tosaíonn do MPRN ar na digití '10' agus tá sé 11 digit ar fad.
  • Sonraí faoin ngearán, lena n-áirítear an t-am agus an dáta, más féidir
  • Aon fhaisnéis ábhartha eile ba cheart a chur sa mheá dar leat

 

 

Bíonn ár nIonad Teagmhála Náisiúnta do Chustaiméirí ar oscailt ó Luan go hAoine, 08:30 go 18:00, agus ar an Satharn, 08:30 go 13:30.

Gearán géaraithe
  • Tá sé mar aidhm ag ESB Networks gach fiosrúchán ó chustaiméir a fhreagairt ar an gcéad ghlao.
  • I gcás nach féidir an fiosrúchán a thabhairt chun réitigh láithreach, geallann ESB Networks go bhfaighidh an custaiméir freagra laistigh de 5 lá oibre. Is go díreach ón Aonad Gnó atá freagrach as plé leis an ngearán a thiocfaidh an freagra.
  • Má tá tú míshásta leis an míniú agus/nó leis an réiteach ar do ghearán, cuirfear ar aghaidh é chuig an duine sinsearach san aonad gnó atá freagrach as an ngearán.
  • Más gá cuairt a thabhairt ar an láithreán leis an imscrúdú a chur chun cinn, socrófar í sin le cead uait agus ag am a oirfidh duit).
Próiseas déanta gearáin leis an CRU

I gcás go mbeidh tú fós míshásta tar éis na céimeanna thuas a leanúint, féadfaidh tú do ghearán a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún um Rialáil Fóntas. Is féidir teagmháil a dhéanamh le foireann cúraim custaiméirí an Choimisiúin ar cheann ar bith de na bealaí seo a leanas:

 

  • Ríomhphost: customercare@cru.ie
  • Fón: 1800 404 404
  • Scríobh chuig an gCoimisiún: An Fhoireann Cúraim Custaiméirí, an Coimisiún um Rialáil Fóntas, an Malartán, Cearnóg Belgard Thuaidh, Tamhlacht, Baile Átha Cliath

 

Tar éis gearán géaraithe a fháil ón gCoimisiún, freagróidh ESB Networks laistigh de 10 lá oibre. Bíonn gach réiteach gearáin a eisíonn an Coimisiún ina cheangal ar ESB Networks.

An nós imeachta faofa reatha chun plé le gearáin

Customer relaxing on a couch with her laptop on her knees

Aiseolas

Ríomhphost esbnetworks@esb.ie le do thuairimí a chur in iúl dúinn.