Má bhíonn gníomhaíochtaí fóillíochta amuigh faoin aer á bpleanáil agat, bí ag faire amach d'aon línte cumhachta lastuas, fostáisiúin, mionbhoscaí leictreachais nó d'aon trealamh eile leictreachais san áit. Ná déan dearmad nach gá duit teacht i dteagmháil leis an trealamh i gcónaí le go ngortófar thú. Is féidir le leictreachas gluaiseacht tríd an aer i gcúinsí áirithe.
I gcúinsí áirithe, is féidir le leictreachas léim ón líne chumhachta go crann an bháid. Ní gá go dtiocfadh an líne i dteagmháil leis an gcrann.
Sula gcrochann tú na seolta agus sula mbogann tú bád a bhfuil crann ard uirthi, ba cheart duit:
Tá go leor slata iascaireachta déanta as ábhar seoltach, amhail snáithíní carbóin nó miotal, agus féadann leictreachas dul trí dhorú fliuch chomh maith.