Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Cén cineál naisc ghineadóra atá de dhíth ort?  

Gineadóirí (neamh‑easpórtála) comhthreomhara

Oibríonn gineadóirí neamh‑easpórtála go comhthreomhar leis an gcóras dáileacháin leictreachais. Bíonn na gineadóirí seo úsáideach do ghnóthais ar mian leo an méid leictreachais a iompórtálann siad a laghdú trína bhfoinse chumhachta féin a bheith acu, nó i gcomhair scéimeanna buaictheasctha nó buaicscafa. Ní féidir a leithéid de ghineadóirí a úsáid chun leictreachas a sholáthar ná a dhíol tríd an eangach náisiúnta.

Gineadóirí cúltaca

Úsáideann gnóthais a dteastaíonn giniúint éigeandála uathu gineadóirí cúltaca. Ní féidir iad a úsáid chun leictreachas a easpórtáil ná a dhíol isteach sa líonra leictreachais. Lena chois sin, ní féidir leo feidhmiú go comhthreomhar leis an líonra leictreachais.

Faisnéis Iarratais agus uirlisí 

Is é an próiseas faoin mBeartas maidir le Naisc Sheasmhacha (ECP) an bealach reatha trínar féidir gineadóirí, stóráil agus tionscadail teicneolaíochta seirbhísí córais eile a nascadh leis an gcóras leictreachais. An 10 Meitheamh 2020, d'fhoilsigh an Coimisiún um Rialáil Fóntas (CRU) cinneadh ar ECP‑2, lenar cruthaíodh an beartas a mbeadh feidhm aige ar thrí bhaisc bhliantúla de thairiscintí nasctha (ECP 2.1, ECP‑2.2, agus ECP‑2.3). Le tuilleadh eolais a fháil, breathnaigh ar pháipéar cinnidh ECP‑2 (CRU/20/060)agus sraith rialacha ECP‑2.

Ar an 4 Aibreán 2023, d’fhoilsigh an CRU  cinneadh ECP-2.4 (CRU202326), uasdátú beartais do ECP-2, chun aghaidh a thabhairt ar líon na n-iarratas ar naisc eangaí ar bhealach a chuireann an úsáid is fearr as an líonra atá ann faoi láthair chun cinn, agus riachtanais an chórais, beartas náisiúnta, agus leas tomhaltóirí á gcur san áireamh. Sonraítear na hathruithe ónar tháinig ECP-2 i bhfeidhm sa pháipéar cinnidh.

Níltear ag glacadh a thuilleadh le hiarratais ar ECP-2.4 i gCatagóir A (Baisc). Is féidir le hiarratasóirí de chatagóirí B agus C iarratas a dhéanamh ag am ar bith fós. Cliceáil thíos chun féachaint ar Bhaisc chomh-Oibreoirí Córais (SO) Catagóir A ECP-2.4 agus ar Bhaisceanna Chatagóir B agus C ECP-2.4.

Baisc chatagóir A ECP-2.4 Baisceanna chatagóir B agus C ECP-2.4

Catagóirí ECP-2: 

  • Catagóir A (Baisc): Tionscadail teicneolaíochta a bhaineann le giniúint, stóráil agus seirbhísí córais eile (MEC >0.5MW). 
  • Catagóir B (Neamhbhaisc): Tionscadail bheaga (MEC>0.2MW agus ≤0.5MW), tionscadail thrialacha sheirbhísí córais DS3 (MEC≤0.5MW) agus uatáirgeoirí. 
  • Catagóir C (Faoi stiúir an phobail): Tionscadail fuinnimh in‑athnuaite faoi stiúir an phobail (MEC ≥ 0.5MW agus ≤5MW). Tabhair faoi deara gur fhoilsigh an CRU nóta soiléirithe (CRU/21/069) maidir le cinneadh ECP‑2 (CRU/20/060) ar an 1 Iúil 2021, chun leasú a dhéanamh ar an sainmhíniú a thugtar ar thionscadal fuinnimh in‑athnuaite faoi stiúir an phobail. Lena bpróiseáil faoi chatagóir C in ECP-2.4 agus sna baisceanna ECP ina dhiaidh sin, beidh ar thionscadail fuinnimh faoi stiúir an phobail a bheith faoi lánúinéireacht an phobail. 
Map of Ireland showing areas that are suitable to install generators.

Léarscáil den acmhainn atá ar fáil 

  • Tá teasléaráid idirghníomhach den acmhainn atá ar fáil forbartha ag ESB Networks, a léiríonn an fhaisnéis acmhainne ar fad maidir lenár bhfostáisiúin 3 phas DSO go léir, idir ísealvoltas, mheánvoltas agus ardvoltas. 
  • Comhéadan í an teasléaráid seo a chuireann ar do chumas sainaithint a dhéanamh go héasca ar acmhainn fhéideartha na gclaochladán i gceantar do láithreáin. 
Téigh go Teasléaráid den acmhainn atá ar fáil

Staitisticí maidir le gineadóirí

  • Naisc atá déanta
    Is féidir teacht ar fhaisnéis staitistiúil maidir le gach gineadóir atá nasctha leis an gcóras dáileacháin, nó atá le nascadh faoi chonradh, ar an leathanach gineadóirí nasctha agus conarthacha.
  • Monatóireacht feidhmíochta
    Léirítear i ndoiciméad dar teideal An Próiseas Monatóireachta Feidhmíochta Feirmeacha Gaoithe an próiseas atá curtha i bhfeidhm ag Eirgrid agus ag ESB Networks le rianú a dhéanamh ar fheidhmíocht Stáisiún Cumhachta Feirme Gaoithe (WFPS) ó thaobh an chatagóirithe inrialaitheachta a sannadh dóibh tar éis chinneadh rialála SEM‑062‑11 maidir le seoladh tosaíochta. Is féidir an doiciméad an Próiseas Monatóireachta Feidhmíochta Feirmeacha Gaoithe a íoslódáil Próiseas Monatóireachta Feidhmíochta Feirmeacha Gaoithe a íoslódáil anseo (PDF | 547 KB).
Téigh go Staitisticí maidir le gineadóirí

Doiciméid úsáideacha 

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí