Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Lóid Leichtreachais Neamh-mhéadraithe níos lú ná 2kVA

Nasc roinnt lóid leictreacha neamh-mhéadraithe atá níos lú ná 2 kVA an ceann (gan soilsiú poiblí a áireamh)

Bíonn roinnt naisc neamh-mhéadraithe níos lú ná 2 kVA de dhíth uaireanta ar chustaiméirí gnó agus ar fheirmeoirí le haghaidh nithe mar seo a leanas:
  • Soilse Tráchta
  • Scáthláin Bhus
  • Boscaí Fóin
  • Treiseoirí Teilifíse
  • Fálta Leictreacha

 

Le roinnt lóid leictreacha neamh-mhéadraithe a nascadh, lean an treoir céim ar chéim thíos:

​Treoir Céim ar Chéim

Céim 1 - Faigh Léarscáil Suirbhéireachta Ordanáis agus Plean Láithreáin

Teastóidh uait léarscáil ón tSuirbhéireacht Ordanáis (scála 1:2500-1:10560), ar a léirítear suíomh an lóid neamh-mhéadraithe nua. Marcáil an suíomh cruinn le peann dearg.

Beidh plean láithreáin mionsonraithe (scála 1:100-1:500) ar a léirítear suíomh an lóid neamh-mhéadraithe nua ag teastáil uait freisin. Ba chóir go mbeadh an tógálaí nó an t-ailtire in ann an dá rud sin a thabhairt duit. Glactar le fótachóipeanna.

Céim 2 - Cuir iarratas isteach

 

Iarratas a dhéanamh ar líne


Tabhair do d'aire: Is éard a dtagraíonn Uimhir Thagartha Ghrúp-Mhéadarphointe nó GMPRN dó ná grúpa nasc neamh-mhéadraithe atá ar aon chuntas amháin. Ní éilítear GMPRN le haghaidh fálta leictreacha. Bíonn GMPRN de dhíth ar gach nasc neamh-mhéadraithe aonair eile.

Céim 3 - Admháil a Fháil

Ina dhiaidh sin, seolfaimid admháil chugat ina mbeidh uimhir thagartha agus sonraí teagmhála na hoifige deartha áitiúla de chuid ESB Networks a ullmhóidh an meastachán duit.

Céim 4 – Uimhir Thagartha Ghrúp-Mhéadarphointe (GMPRN) a dhéanamh amach

An Comhaontú GMPRN

Murar chuir tú GMPRN reatha isteach faoi Chéim 2 thuas, seolfaimid Comhaontú Nasctha GMPRN chugat tar éis dúinn d'iarratas a fháil. Ní mór é sin a shíniú agus a sheoladh ar ais sula bhféadfar leanúint ar aghaidh le próiseáil d'iarratais. Leagtar amach sa Chomhaontú Nasctha GMPRN na freagrachtaí ar leith a bhaineann le naisc neamh-mhéadraithe faoi rialacha an mhargaidh soláthair leictreachais neamh-mhéadraithe. Tugtar sonraí ann freisin faoin GMPRN a cruthaíodh le haghaidh na nasc soilsithe phoiblí go léir laistigh den fhorbairt ábhartha.

 

Iarratais in Ainm Údaráis Áitiúil

I gcás iarratais a dhéantar in ainm Údaráis Áitiúil, ní mór an GMPRN reatha a lua faoinar cheart an nasc nua a ghrúpáil.

 

Iarratais in Ainm Tógálaí/Forbróra

Má dhéanann tógálaí/forbróir iarratas ar nasc neamh-mhéadraithe i gcomhair soilsiú poiblí ina ainm féin, tabharfar GMPRN nua dó. Éileofar air Comhaontú Nasctha GMPRN a chomhlánú agus a sheoladh ar ais freisin sula bhféadfar meastachán a eisiúint. Más mian le húdarás áitiúil freagracht a ghlacadh as an soilsiú poiblí ina dhiaidh sin, ní mór don údarás teagmháil a dhéanamh lena sholáthraí leictreachais ar dtús agus an GMPRN a thabhairt dó. Ní mór don údarás áitiúil Comhaontú Nasctha GMPRN a chomhlánú ansin leis an aistriú a chur i gcrích.

Céim 5 – Meastachán agus Comhaontú Forlíontach a fhái

l Seolfaidh an oifig deartha áitiúil de chuid ESB Networks meastachán chugat ar chostas na ranníocaíochta caipitiúla. Gheobhaidh tú na Téarmaí Nasctha agus Comhaontú Forlíontach freisin.

 

Beidh feidhm leis an gComhaontú Forlíontach i dteannta an Chomhaontaithe Nasctha GMPRN atá comhlánaithe agat cheana féin. Tugtar sonraí ann ar an MPRN do gach pointe nasctha nua. Tugtar forbhreathnú ann freisin ar sheoladh an phointe nasctha agus ar shonraí na lód atá le nascadh i gcás gach MPRN.

Céim 6 – Íocaíocht a dhéanamh agus an Comhaontú Forlíontach a chur ar ais

Ríomhaistriú Airgid


Íoc trí Ríomhaistriú Airgid

 


Ar líne

Íoc ar líne


Fón


1800 372 757


Post

Seol seic, dréacht bainc nó ordú poist chuig:


ESB Networks
Rannóg na gCuntas Infhála
Bóthar an tSáirséalaigh
SAORPHOST
Ceadúnas Uimh. FCK 724
Wilton
Corcaigh


Ní mór Comhaontú Forlíontach sínithe a chur isteach in éineacht leis an íocaíocht seo.

Céim 7 – Foilsigh na sonraí ar an láithreán gréasáin ainmnithe

Nuair a bheidh na riachtanais thuas ar fad comhlíonta, féadfar an jab a údarú agus tosú ar an obair tógála.


Éilítear ar ESB Networks freisin sonraí ar na naisc nua (seachas i gcás GMPRN a bhí ann cheana) a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin a bhfuil rochtain ag gach soláthraí leictreachais air.


I measc na sonraí sin, tá:


  • GMPRN
  • MPRN
  • Seoladh
  • MIC
  • Sonraí faoin lód

Tabhair do d'aire: Má dhéantar aon athrú eile ar an seoladh nó ar na sonraí lóid tar éis glacadh le meastachán, beidh meastachán nua ag teastáil. D'fhéadfadh sé go mbeadh moill ar sholáthar an naisc dá dheasca sin. Ní mór do ESB Networks gach athrú a dhéantar ar an seoladh agus ar na sonraí lóid a fhoilsiú ar an suíomh gréasáin le haghaidh soláthraithe leictreachais.

Céim 8 - Cláraigh le Soláthraí Leictreachais

GMPRN nua

Tá conradh le soláthraí leictreachais de dhíth ar gach custaiméir a bhfuil nasc neamh-mhéadraithe á lorg aige Ní mór don soláthraí an GMPRN nua a chlárú le ESB Networks sula mbeidh cead ag ESB Networks nasc a dhéanamh.


GMPRN atá ann cheana

I gcás go mbaineann an nasc nua le GMPRN atá ag custaiméir cheana féin, beidh an uimhir sin cláraithe cheana féin ag soláthraí agus, dá bhrí sin, ní gá don chustaiméir an GMPRN sin a chlárú arís.

Céim 9 – An Deimhniú Sreangaithe a Chomhlánú

Ba cheart don Chonraitheoir Leictreachais an deimhniú seo a sheoladh ar ais chuig a c(h)omhlacht rialála, agus cuirfidh an comhlacht sin in iúl do ESB Networks nuair a bheidh an deimhniú bailíochtaithe.


Tuilleadh eolais


An Próiseas Deimhnithe

Tabhair do d'aire: Nuair a chuireann an comhlacht rialála in iúl do ESB Networks go bhfuil Deimhniú Críochnaithe Sreangaithe bailíochtaithe acu, glactar leis sin mar dheimhniú gur comhlánaíodh na riachtanais maidir leis an gComhéadan Custaiméara a leagtar amach sa Chód Cleachtais Náisiúnta.


PDF den Chód Cleachtais Náisiúnta


Breathnaigh ar an PDF


(PDF | 3 MB)

Céim 10 - A dheimhniú go bhfuil an ducht i gceart agus an chumhacht a chur ar siúl

Ionas gur féidir leanúint ar aghaidh leis an gclár tógála, ní mór duit a dheimhniú go bhfuil an ducht seirbhíse, an caibinéad méadair agus an chlais talún (nuair is gá) suiteáilte de réir shonraíocht ESB, agus go bhfuil siad réidh le húsáid. Is féidir téacs a sheoladh leis an bhfocal DUCT, mar aon le d'uimhir MPRN, chuig 087 7526666 lena dheimhniú go bhfuil gach rud ag teacht leis na sonraíochtaí.


Déanfar an nasc leictreachais a chríochnú ansin agus cuirfear an chumhacht ar siúl.

Eisiaimh

Faoi na rialacha reatha a bhaineann leis an Margadh Soláthair Leictreachais, eisiatar na lóid seo a leanas:
  • Lóid ar mó ná 2 kVA iad nó lóid shéasúracha (amhail soilsiú féiltiúil) – bíonn naisc mhéadraithe de dhíth ar na lóid sin agus cuirtear tríd an gcóras mar naisc thráchtála iad.
  • Lóid nua a bhfuil próifílí difriúla lóid ag baint leo – ní féidir na lóid sin a nascadh leis an bpointe nasctha céanna, mar shampla, soilse poiblí a bhfuil próifíl ó éirí go luí na gréine ag baint leo agus soilse tráchta a bhfuil próifíl 24 uair an chloig ag baint leo.  Tá Uimhir Thagartha Méadarphointe Theicniúil (TMPRN) ar leith de dhíth ar gach próifíl.

Foilseacháin ghaolmhara 

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí