Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Cuir fuinneamh i do thodhchaí

Táimidne in ESB Networks mórtasach as ár bhfoireann teicneoirí / leictreoirí oilte, a bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir le bonneagar leictreachais na hÉireann a chothabháil agus a dhéanamh níos iontaofa.

Mar chuid dár Straitéis Neodrachta, táimid sa tóir ar dhaoine bríomhara, ardoilte a d’fhéadfadh teacht ag obair linn. Táimid ag earcú Leictreoirí Cáilithe faoi láthair le cur leis na foirne seo a leanas: Foireann Tógála agus Cothabhála Stáisiún Ardvoltais, Foirne Oibríochtaí Ardvoltais / Meánvoltais agus Ísealvoltais, agus Foirne Tógála Líonraí Ardvoltais / Meánvoltais agus Ísealvoltais, faoi thalamh agus lastuas araon.

Déan iarratas inniu

Lá i Saol Theicneoir ESB Networks

Buail le cuid dár dteicneoirí video

Na peorcaisí a bhaineann le bheith ag obair do ESB Networks

Pacáiste buntáistí den scoth

Mar Teicneoir Líonra do ESB Networks, is féidir leat a bheith ag súil le peorcaisí mar seo:

 

  • Bónas feidhmíochta
  • Oiliúint den chéad scoth, pá iomaíoch agus buntáistí iontacha
  • Lascaine ar leictreachas do bhaill foirne
  • Pinsean an-iomaíoch a dtacaíonn an comhlacht leis
  • Ballraíocht i gciste neamhbhrabúis Choigiltis Leighis BSL
  • Scéimeanna árachais iomaíocha do bhaill foirne
  • Cuirtear uirlisí, trealamh agus trealamh cosanta pearsanta ar fáil
Buntáistí Folláine Pearsanta

Tá do shábháilteacht, do shláinte agus d’fholláine mar Theicneoir Líonra tábhachtach dúinn agus ní éireoidh leat gan iad.

 

Cuirimid timpeallacht oibre éagsúil, chuimsitheach ar fáil, a fhágann gur féidir cothromaíocht shláintiúil a bhaint amach idir an obair agus an saol. Lena chois sin, beidh fáil agat am ar bith ar thacaíocht rúnda duine le duine ó chomhghleacaí oilte faoinár gClár Cúnaimh d'Fhostaithe, chomh maith le fáil ar ár seirbhís comhairleoireachta 24/7. 

 

Cuirimid na nithe seo a leanas ar fáil, leis


  • Scagthástáil Leighis
  • Vacsaíní in aghaidh an Fhliú
  • Comhairle Phearsanta
Buntáistí Pobail

Gheobhaidh tú neart deiseanna le scileanna nua a fhorbairt agus cur le do ghrúpa cairde:

 

  • Páirt a ghlacadh ar bhonn deonach sa scéim dár gcuid darb ainm 'Time to Read', atá dírithe ar scoileanna áitiúla
  • Páirt a ghlacadh inár gcarthanas féin - Electric Aid
  • Ballraíocht a ghlacadh i gceann dár gclubanna agus cumainn, i.e. Sportsco, club reathaíochta, club taidh tsí, clubanna teanga
  • Dul san iomaíocht in imeachtaí traschomhlachta, ar nós an ESB Power Challenge