Is bealach Clár Printíseachta Leictreach ESB Networks chun gairm thairbheach a bhaint amach san earnáil fuinnimh, bealach chun fuinneamh a chur i do thodhchaí agus tionchar dearfach a bheith agat ar an tsochaí.
Déan iarratas anoisCuirimid clár íoctha 4 bliana ar fáil i dtreo teastas ceirde Leictreach cháilíocht QQI Ardleibhéal 6 a bhaint amach (aois íosta 17 bliana)
Mar chuid de Chlár Leictreoirí Printíseacha/Teicneoirí Líonra Printíseacha ESB Networks, déanaimid iarratasóirí a earcú gach bliain le dul ag obair ar líonra leictreachais na hÉireann. Deis iontach a bhíonn ann cáilíocht den chéad scoth a fháil agus taithí phraiticiúil a fháil ag obair ar líonra náisiúnta cumhachta. Ó thús deireadh an chláir, tabharfaidh ESB Networks gach tacaíocht duit le do scileanna a fhorbairt agus le tús a chur le do ghairm bheatha mar Theicneoir Líonra.
Trí chumasc d’oiliúint phraiticiúil agus de theagasc sa seomra ranga, tuilleann printísigh tuarastal fad agus a mbíonn siad ag obair, agus gnóthaíonn siad taithí luachmhar i dtionscal atá bríomhar agus nuálach. Mar chuid de ESB Networks, tá ról ríthábhachtach ag printísigh maidir le todhchaí leictreach ghlan a chur chun cinn in Éirinn
Gach bliain, téann ceathrar Printíseach Leictreach de chuid ESB Networks atá ina mbliain dheiridh san iomaíocht sa chomórtas Printíseach Teicneora Gréasáin na Bliana’ Tugann ár bprintísigh faoi chuid de na dúshláin a bhíonn le sárú ag Teicneoirí Gréasáin ar bhonn laethúil, rud a léiríonn an ról atá le himirt againn chun todhchaí leictreach ghlan a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann.
Mar Phrintíseach Leictreora/Teicneora Líonra le ESB Networks, is féidir leat a bheith ag súil le:
Tá do shábháilteacht, do shláinte agus d'fholláine mar Phrintíseach tábhachtach dúinn agus tá do dhul chun cinn ag brath orthu.
Cuirimid timpeallacht oibre éagsúil, ionchuimsitheach ar fáil, a fhágann gur féidir cothromaíocht mhaith oibre is saol a bhaint amach. Beidh fáil agat am ar bith ar thacaíocht duine le duine ó chomhghleacaí oilte faoinár gClár Cúnaimh d'Fhostaithe chomh maith. Coinneofar é seo go hiomlán faoi rún.>
Cuirimid na nithe seo a leanas ar fáil, freisin
Gheobhaidh tú neart deiseanna scileanna nua a fhorbairt agus líonrú a dhéanamh.
Beidh an fhoirm iarratais le haghaidh Chlár Printíseachtaí Leictreachais 2025 ar fáil ar líne ó Dé Sathairn, an 1 Márta go dtí Dé Domhnaigh, an 6 Aibreán.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi céard go díreach atá i gceist leis an gclár, cén chaoi cur isteach air, agus cibé an é an rud ceart duitse é, ná bíodh aon drogall ort r-phost a sheoladh chugainn ag apprentices@esb.ie.
Faighimid go leor iarratas agus déanaimid iniúchadh ar gach ceann acu, rud a fhágann nach féidir linn a rá go baileach cathain a gheobhaidh tú scéala uainn maidir le stádas d'iarratais.
Seiceáil bosca isteach an tseolta ríomhphoist a thug tú dúinn go rialta . Déanfar gach cumarsáid leat faoi d’iarratas tríd an seoladh r-phoist seo.
Má bhíonn aon cheist eile agat, nó má bhíonn soiléiriú ag teastáil uait maidir le haon rud atá luaite sa Lámhleabhar Printíseachta, ná bíodh drogall ort r-phost a sheoladh chugainn ag apprentices@esb.ieagus gheobhaidh tú freagra tapa ó dhuine dár bhfoireann.
Cláraigh léiriú spéise i bhfolúntais atá ag teacht chun cinn.
Léirigh do Spéis