Tá ESB Networks CGA, ina cháil mar Oibreoir an Chórais Dáileacháin, faoi réir an dlí soláthair phoiblí agus fhorálacha Threoir an AE maidir le Fóntais (Treoir 2004/17/CE). Cloíonn ESB Networks CGA le beartais soláthair Ghrúpa BSL.
Foilsítear Fógraí Bronnta in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat súil a choinneáil ar Tenders Electronic Daily (TED)le tuairiscí rialta chun dáta a fháil.