Ní le línte cumhachta agus piolóin amháin a chruthaítear naisc. Cruthaítear le daoine iad.
Is é le cumas agus tiomantas ár 3,347 fostaí a chuirimid soláthar leictreachais sábháilte agus iontaofa ar fáil don 2.4 milliún áit chónaithe, feirm agus gnólacht ar fud na hÉireann.
Táimid bródúil as an timpeallacht oibre éagsúil agus chuimsitheach atá againn ina ndéantar daoine a cheiliúradh mar gheall ar cé hiad féin agus ina léirítear meas orthu mar gheall ar an méid a dhéanann siad. Is áit í seo a bhfuil saineolaithe inti, ní hamháin chun a gcuid eolais a roinnt, ach chun éisteacht chomh maith.
Oibríonn gach duine ina réimse féin, mar shampla innealtóireacht, nuálaíocht, seirbhís do chustaiméirí, margaíocht, dlí, AD, TF, sábháilteacht agus airgeadas, agus oibrímid go léir le chéile chun gach dúshlán a shárú agus chun an leas is mó is féidir a bhaint as gach deis.