- Beifear ag glacadh le hiarratais go meán oíche, Dé Domhnaigh, an 6 Aibreán 2025
- Tá an clár oscailte d’iarratasóirí a rugadh an 1 Meitheamh 2008 nó roimhe sin
Tá ESB Networks ag iarraidh printísigh leictreachais a earcú chun bheith mar chuid dá gclár printíseachta. Beifear ag glacadh le hiarratais ar líne go meán oíche Dé Domhnaigh an 6 Aibreán.
Clár ceithre bliana íoctha atá ann ina mbíonn meascán den fhoghlaim sa choláiste mar aon le taithí phraiticiúil san eagraíocht. Is féidir le daoine a rugadh an 1 Meitheamh 2008 nó roimhe sin iarratas a dhéanamh air. Agus an cúrsa curtha i gcrích acu, gheobhaidh na printísigh Teastas Ceirde Leictreachais ar Leibhéal 6 den chreat atá ag Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann, a aithnítear go hidirnáisiúnta.
Agus meascán d’oideachas ranga agus oiliúint phraiticiúil ann, beidh printísigh in ann tairbhe a bhaint as deiseanna foghlama praiticiúla agus, san am céanna, pléisiúr a bhaint as an éagsúlacht a bhaineann le bheith ag obair istigh agus amuigh agus taithí a fháil ar chineálacha éagsúla de chórais agus timpeallachtaí leictreachais.
Seo mar a labhair Nicholas Tarrant, Stiúrthóir Bainistíochta ESB Networks agus clár na bliana seo á fhógairt: “Am ar dóigh atá ann tosú amach san eagraíocht seo againne agus muid ag cur leis an infheistíocht a dhéanaimid i mbonneagar leictreachais mar chuid den aistriú in Éirinn i dtreo saol glan ó thaobh fuinnimh de. Tá printísigh riachtanach le go mbeidh an saineolas againn san eagraíocht a bheidh ag teastáil leis an líonra leictreachais a sheachadadh agus na spriocanna a bhaint amach faoi mar atá leagtha amach inár straitéis Líonraí i dtreo Neodracht Carbóin. Faightear taithí phraiticiúil ar an gclár printíseachta seo agus forbraíonn na rannpháirtithe na scileanna agus an t-eolas atá de dhíobháil le go n-éireoidh go geal leo sa tionscal síorathraitheach seo.”
Labhair Aimie Mallon, printíseach ar chlár ESB Networks, faoin méid a mheall chun na printíseachta í agus faoin taithí aici ar an gclár go dtí seo: “Bhí an clár atá ag ESB Networks tarraingteach dom mar gheall ar na deiseanna oibre istigh agus amuigh, an éagsúlacht atá ag baint leis an ról, an t-ardmheas atá ar an eagraíocht agus an dea-theist atá ar an eagraíocht as sláinte agus sábháilteacht. Ó chláraigh mé air, is breá liom an meascán d’obair phraiticiúil agus obair theoiriciúil. Bainim an-sásamh go deo as an obair mar chuid d’fhoireann leis an soláthar leictreachais a chur ag obair arís i ndiaidh stoirme. Molaim an phrintíseacht seo go mór d’aon duine atá sa tóir ar ghairm tharraingteach shuimiúil i dtionscal an leictreachais.
Tá tuilleadh eolais agus is féidir iarratas a dhéanamh ar esbnetworks.ie/apprenticeships