Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English
Man looking at his smartwatch

Faigh duaiseanna as smacht a fháil ar d’úsáid fuinnimh 

Tá an clár ‘An am maith é seo?’ de chuid ESB Networks ag cur deis ar fáil do rannpháirtithe duaiseanna a fháil as páirt a ghlacadh in ‘imeachtaí fuinnimh’ nuair a iarrtar orthu é. Má ghlacann tú páirt sna himeachtaí sin, ní hamháin go mbeidh tú ag cur le todhchaí níos inbhuanaithe, ach gheobhaidh tú duaiseanna as gníomh a dhéanamh freisin. 

Faigh a thuilleadh eolais faoi imeachtaí fuinnimh, agus féach cén chaoi a mbeidh tú in ann duaiseanna a thuilleamh thíos. 

Tuilleadh eolais faoi ‘An am maith é seo?’

Cad is imeacht fuinnimh ann? 

Is éard is imeacht fuinnimh ann ná nuair a bhíonn go leor fuinnimh in-athnuaite ar fáil againn lena úsáid, nó nuair a bhíonn méid níos lú fuinnimh in-athnuaite ar fáil againn. 

Is ann do dhá chineál imeachta fuinnimh: 

  • Buaic‑imeachtaí 
  • Imeachtaí solúbthachta 
Woman on her phone

Cén chaoi duaiseanna a fháil 

  • Nuair a bheidh tú cláraithe, déanfaimid teagmháil leat anois is arís tríd an ríomhphost nó trí SMS chun a fháil amach an féidir leat gníomh molta a dhéanamh i rith imeachtaí fuinnimh. 
  • Tarlaíonn na himeachtaí fuinnimh sin nuair a bhíonn go leor fuinnimh in-athnuaite ar fáil lena úsáid, nó nuair a bhíonn méid níos lú fuinnimh in-athnuaite ar fáil againn. 
  • Má thugann tú faoin ngníomh molta nuair a iarrtar ort agus má tá do MPRN nasctha le do chuntas ar líne ESB Networks, is féidir suirbhé gairid a chomhlíonadh tar éis na himeachta chun bheith istigh ar dhuais i bhfoirm dearbháin. 
Cruthaigh do chuntas ar líne agus cláraigh anois

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí