Beir Bua ar an mBuaic Custaiméirí tí
‘An Am Maith é Seo?’ feachtas
- I mí Dheireadh Fómhair 2022, sheol ESB Networks an feachtas ‘An Am Maith é Seo?’ chun eolas tráthúil cuí a thabhairt le go mbeadh smacht ag gach custaiméir leictreachais ar an úsáid leictreachais ina áras cónaithe féin, is cuma cén soláthraí leictreachais a bheadh ag an gcustaiméir sin.
- Chláraigh breis agus 26,000 custaiméir leictreachais air, agus ghlac siad níos mó ná 40,000 gníomh chun tacú le slándáil soláthair na hÉireann agus mar chuid den iarracht lenár spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú.
Bealaí chun clárú le ‘An Am Maith é Seo?’
Tá cuntas ar líne ESB Networks agam cheana féin:
- Má tá cuntas ar líne ESB Networks agat cheana féin, logáil isteach ar líne ESB Networks.
Agus tú logáilte isteach, cliceáil ar an deilbhín ‘Faigh luach saothair' agus líon amach an fhoirm ar líne.
Níl cuntas ar líne ESB Networks agam:
- Ar dtús, beidh ort cuntas a chruthú. Gabh chuig cuntas ar líne ESB Networks.
- Bíodh do UTM (uimhir thagartha mhéadarphointe) réidh agat agus tú ag clárú. Má chuireann tú an UTM le do chuntas, beidh tú in ann luach saothair a thuilleamh.Is féidir cliceáil anseo a fheicáil teacht are an MPRN
- Agus do chuntas cruthaithe agat, níl le déanamh agat ach cliceáil anseo chun logáil isteach air. Agus tú logáilte isteach ann, cliceáil ar an deilbhín ‘faigh luach saothair' agus líon amach an fhoirm ar líne.
Agus tú cláraithe:
- Gheobhaidh tú eolas agus leideanna úsáideacha ar an ríomhphost agus mar theachtaireachtaí SMS le go mbeidh tú in ann smacht a fháil ar úsáid an leictreachais i d’áit chónaithe.
- Gheobhaidh tú amach freisin cén uair is fearr d’fhearais leictreacha a úsáid (i.e. lasmuigh de na buaicuaireanta 5‑7pm nó nuair a bhíonn leictreachas in‑athnuaite á ghiniúint).
- Is féidir ríomhchártaí bronntanais a fháil as smacht a ghlacadh ar chúrsaí ar fhógra imeachta fuinnimh a fháil duit.
Físeáin feachtais

An am maith é seo… chun do mhiasniteoir a úsáid?
Ceisteanna coitianta
Céard atá i gceist le 'An Am Maith é Seo?'
- I mí Dheireadh Fómhair 2022, sheol ESB Networks an feachtas ‘An Am Maith é Seo?’ chun eolas tráthúil cuí a thabhairt le go mbeadh smacht ag gach custaiméir leictreachais ar an úsáid leictreachais ina áras cónaithe féin, is cuma cén soláthraí leictreachais a bheadh ag an gcustaiméir sin.
- Chláraigh breis agus 26,000 custaiméir leictreachais air, agus ghlac siad níos mó ná 40,000 gníomh chun tacú le slándáil soláthair na hÉireann agus mar chuid den iarracht lenár spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú.
Cad a tharlóidh i ndiaidh dom clárú?
- Agus tú cláraithe ar an gclár ar do Chuntas ar Líne ESB Networks, gheobhaidh tú teachtaireachtaí ríomhphoist agus téacs go rialta a thabharfaidh leideanna agus eolas simplí duit le go mbeidh tú in ann smacht a fháil ar an úsáid leictreachais i d’áit chónaithe féin.
- Iarrfar ort páirt a ghlacadh in imeachtaí fuinnimh ó am go chéile. Sna himeachtaí seo, iarrfar ort beart molta a dhéanamh ar amanna áirithe. Beidh tú in ann luach saothair a thuilleamh as páirt a ghlacadh iontu.
Cad is imeacht fuinnimh ann?
Tá dhá chineál imeachta fuinnimh ann:
- Buaicimeachtaí: tréimhsí ina bhféadfaimis iarraidh ort smacht a choinneáil ar an bhfuinneamh chun tacú le slándáil an tsoláthair fuinnimh in Éirinn.
- Imeachtaí solúbthachta: tréimhsí nuair a bhíonn barrachas fuinneamh in‑athnuaite ann lena úsáid, nó amanna eile nuair a bhíonn méid níos lú den fhuinneamh in‑athnuaite ar fáil.
Tuilleadh eolais faoi cláraigh le duaiseanna a fháil
Conas luach saothair a thuilleamh?
- Agus tú cláraithe, déanfaimid teagmháil leat ar ríomhphost nó SMS ó am go chéile féachaint an féidir leat gníomh molta a dhéanamh le linn 'imeachtaí fuinnimh'. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi imeachtaí fuinnimh agus luach saothair, cliceáil anseo.