Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Sábháilteacht Tógála

Digging machine diggin cables and putting in danger worker

“An bhfuil tú cinnte go bhfuil sé sábháilte?”

  • Fuinneamh slán sábháilte agus ilfheidhmeach é an leictreachas, ach is féidir leis a bheith contúirteach mura n‑úsáidtear i gceart é.
  • Lean i gcónaí an Cód Cleachtais ón Údarás Sláinte agus Sábháilteachta maidir le contúirt ó sheirbhísí faoi thalamh a sheachaint agus an Cód Cleachtais ón Údarás Sláinte agus Sábháilteachta maidir le Contúirtí ó Línte Leictreachais Lastuas a Sheachaint, chomh maith le treoirlínte sábháilteachta do chomhlachta féin. Ar an gcaoi sin, beidh tú ag déanamh do chion féin le gach duine a choinneáil slán sábháilte, tú féin agus do chuid comhghleacaithe san áireamh.
Breathnaigh ar Cód Cleachtais

Leid sábháilteachta:

  • Ná déan dearmad breathnú suas agus breathnú amach le haghaidh sreanga leictreachais lastuas. Ná sáraigh an crios eisiaimh in aon chás.
  • Sula dtosaíonn tú ag tochailt, iarr léarscáil ar ár seirbhís ‘Diailigh sula dtosaíonn tú ag tochailt’ ar 1800 372 757 nó tríd an ríomhphost ag dig@esb.ie
  • Ná déan dearmad nach mór duit gach damáiste do shreanga leictreachais lastuas agus cáblaí leictreachais faoi thalamh a thuairisciú do ESB Networks a luaithe a tharlaíonn sé.
  • I gcásanna éigeandála a bhaineann leis an leictreachas, cuir fios orainn láithreach ar 1800 372 999.
Tractor touching overhead wires

Ag obair go sábháilte gar do shreanga lastuas

  • Tá sé contúirteach a bheith ag obair róghar do shreanga leictreachais lastuas.
  • Agus innealra ard á úsáid agat - fan achar sábháilte amach ó shreanga leictreachais.
  • I gcás éigeandála, cuir glao ar ESB Networks ar 1800 372 999.
Físeán

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí