Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Comhairle shábháilteachta i gcás gearrthacha

Customer relaxing on a couch with her laptop on her knees

Bí ullamh do ghearradh cumhachta 

Tá an líonra leictreachais in Éirinn ar cheann de na cinn is fearr san Eoraip. Mar sin féin, mar gheall ar mhéid an chórais agus an drochaimsir a bhíonn againn ó am go chéile, is féidir fabhtanna tarlú agus is cinnte go dtarlóidh siad.

Tá leagtha amach againn thíos roinnt faisnéis úsáideach a mholaimid dár gcuid custaiméirí go léir a bheith ar eolas acu chun go mbeidh siad ullamh d’aon ghearradh cumhachta.

Féach thíos freisin roinnt eolas áisiúil faoi na bealaí ar féidir leatsa tú a bheith ullamh agus tú féin a choinneáil slán sábháilte i gcaitheamh an gheimhridh.

Bí réidh don gheimhreadh

Ar féidir leatsa a dhéanamh 

Déan réidh
  • Cláraigh ar Chuntas ar Líne ESB Networks le go bhfaighidh tú fógra digiteach má bhíonn briseadh cumhachta ann amach anseo. Is féidir do sheoladh ríomhphoist a úsáid le clárú anseo. Tá sé tábhachtach go n‑úsáidfeá an t‑ainm céanna agus an uimhir fóin póca chéanna atá cláraithe agat le do sholáthraí reatha leictreachais.
  • Bíodh tóirse agat áit éigin ar féidir leat do lámh a leagan air mar aon le soláthar cadhnraí breise.
  • Coinnigh d’uimhir thagartha mhéadarphointe (MPRN) agus ár n-uimhir theagmhála éigeandála in áit shábháilte. Is féidir glaoch orainn ar 1800 372 999 nó +353 21 2382410. Is féidir leat teacht ar do MPRN ar do bhille leictreachais - le tuilleadh sonraí a fháil cliceáil anseo.
  • Bíodh a fhios agat cá bhfuil d’fhiúsanna baile agus cá bhfuil na lasca tuisleacha le go bhféadfaidh tú seiceáil an bhfuil aon fhadhbanna ag baint le do chóras leictreach féin.
  • Is iondúil go gcraoltar scéalta faoi gearrthacha móra cumhachta ar stáisiúin raidió. Féadfaidh tú tiúnáil isteach ar do raidió iniompartha nó gléas soghluaiste.  Mar mhalairt ar sin féadfaidh tú raidió cairr a úsáid.
  • D'fhéadfá a bheith in ann do gléas soghluaiste a luchtú sa charr.
Bímis san airdeall
  • Má tá geataí leictreonacha agat ar d’áitreabh, bí cinnte go bhfuil a fhios agat cá háit a bhfuil an modh lámhoibrithe agus go bhfuil tú ábalta é a úsáid.
  • Má tá tú spleách ar leictreachas ar chúiseanna leighis, déan teagmháil le do sholáthraí a dhéanfaidh tú a chlárú mar chustaiméir a bhfuil riachtanais leighis agat agus a chuirfidh muidne ar an eolas faoi.
  • Labhair le baill teaghlaigh, cairde agus comharsana a bhfuil riachtanais speisialta leighis acu nó atá aosta lena chinntiú go bhfuil na soláthairtí riachtanacha éigeandála acu.
  • Faigh amach anois cad a dhéanfaidís, agus cad a dhéanfá féin, dá mbeadh gearradh cumhachta fada ann.
Bí eolach
  • Is trí PowerCheck a chuirtear faisnéis fíor-ama ar fáil do chustaiméirí maidir le fabhtanna móra.
  • Má amharcann tú ar ár gcuntas ar Twitter, @ESBNetworks gheobhaidh tú an t-eolas is deireanaí maidir leis an bhfreagairt ar stoirmeacha ónár gcriúnna agus beidh barúil agat cá huair a thiocfaidh an chumhacht ar ais. 

Físeáin áisiúla

Cad atá le déanamh má tá Gearradh Cumhachta agat video
Cumhacht a chailleadh i Mór-Stoirm video
Úsáid shábháilte a bhaint as gineadóir do do theach video

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí