Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Gnéithe sábháilteachta suiteálacha leictreacha

Feabhsúcháin Tí

Sreanga lastuas a chumhdach 

Má tá obair á déanamh agat ar do theach nó ar d’áitreabh gar do shreanga agus naisc leictreachais lastuas, ní mór duit dul i dteagmháil le ESB Networks chun socrú a dhéanamh go gcumhdófar na sreanga chun gortú leictreach a chosc. Déan teagmháil le fiosrúcháin ESB Networks ar 1800 372 757 chun an tseirbhís saor in aisce seo a shocrú.

Deimhniú Críochnaithe

Más rud é go bhfuil sreangú le déanamh i dteach nua nó má tá na sreanga atá ann cheana féin á n-athnuachan nó síneadh á chur leo, ní mór duit deimhniú críochnaithe a fháil ó do Chonraitheoir Leictreach. Aimsigh Conraitheoir Cláraithe Leictreachais ar safeelectric.ie.

Ráiteas ón gconraitheoir is ea an deimhniú seo go bhfuil an obair a rinneadh ag teacht leis na Rialacha Náisiúnta maidir le Sreangú. Bíonn deimhniú críochnaithe ag teastáil ó ESB Networks freisin sular féidir soláthar nua a nascadh.

Tuilleadh eolais:

Gnéithe ríthábhachtacha sábháilteachta ba chóir a bheith ar eolas agat

Gnéithe ríthábhachtacha i ngach áit chónaithe iad lasca tuisleacha, fiúsanna agus mionscoradáin chiorcaid toisc go gcinntíonn siad go mbeidh d'fhearas leictreach sábháilte má tharlaíonn fabht.

Cineálacha Lasc Tuisleach

Tá fiúsanna nó mionscoradáin chiorcaid ar do chlár fiúsanna nó do chlár dáileacháin. Cosnaíonn siad sin ciorcaid faoi leith a sheolann leictreachais chuig réimsí éagsúla i d'áit chónaithe m.sh. chuig do shoicéid nó do shoilse. Tá sreanga de mhéideanna éagsúla sna ciorcaid sin agus, dá bhrí sin, tá mionscoradáin chiorcaid nó fiúsanna de láidreachtaí éagsúla acu lena gcosaint. Déantar an neart a thomhas in aimpéir agus luaitear an luach go soiléir ar an mionscoradán ciorcaid nó ar an bhfiús.

Lasca Tuisleacha agus Gairis Srutha Iarmharaigh

Braitheann lasc tuisleach agus gaireas srutha iarmharaigh ligean srutha leictrigh ón gciorcad. Nuair a bhraitear fabht dínascthar an ciorcad. Bíonn lasca tuisleacha agus gairis srutha iarmharaigh ar chlár na bhfiúsanna agus ba cheart iad a thástáil go minic.

Mionscoradáin Chiorcaid agus Fiúsanna

Gaireas sábháiteachta is ea fiús nó mionscoradán ciorcaid a ghearrann an sreabhadh leictreachais chuig ciorcad má tharlaíonn rólódáil de bharr fabht sa chiorcad nó i bhfearas. Is féidir mionscoradán ciorcaid a athshocrú tar éis an fabht a aimsiú agus a chur ina ceart. M á shéidtear fiús, áfach, ní mór fiús nua den mhéid céanna a chur ina áit.

Gairis srutha iarmharaigh, fiúsanna agus mionscoradáin chiorcaid video

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí