Skip to Content
I gcás éigeandála: glaoigh ar 1800 372 999
English

Sábháilteacht sa bhaile 

Technician working on electricity box

Cosaint ar bhorradh

Athraíonn an voltas ar gach líonra leictreachais ó am go chéile mar gheall ar thintreach, stoirmeacha nó damáiste eile. Is féidir le d’fhearas leictreach féin a bheith ina chúis le athruithe ar an voltas freisin. Cuireann na hathruithe sin isteach ar fhearais tí agus ar threalamh íogair i gcásanna áirithe.

Lena leithéid d’fhadhbanna a choinneáil ó dhoras, is féidir leat gléas cosanta borrtha (GCB, nó SPD i mBéarla) a úsáid le trealamh leictreonach íogair a chosaint.

  • Iarr ar do chonraitheoir cláraithe leictreachais gléas cosanta borrtha a shuiteáil ar do chlár dáileacháin, é sin nó
  • Úsáid cábla sínteach nó clár soicéad a bhfuil gléas cosanta borrtha ina chuid de. Is féidir iad sin a cheannach i bhformhór na siopaí ‘Déan Féin É’ agus na siopa earraí leictreonacha.
Tuilleadh eolais maidir le fadhbanna voltais

Eolas eile uait? Táimid anseo le cabhrú leat.

Ar aghaidh chuig Tacaíocht do chustaiméirí